Is é Séamas Ó Concheanainn atá molta ag an Rialtas le ceapadh mar an chéad Choimisinéir Teanga eile.
D’fhógair Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, agus an tAire Stáit Patrick O’Donovan tráthnóna gurb é Ó Concheanainn, atá ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga i láthair na huaire, atá roghnaithe ag an Rialtas chun an folúntas mar Choimisinéir a líonadh.
Caithfear moladh an Rialtais a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus faoi bhráid an Uachtaráin sula gceapfar é.
Is as an Spidéal i gCo. na Gaillimhe ó dhúchas Ó Concheanainn, a bhfuil taithí fhorleathan aige i réimsí éagsúla – reachtaíocht teanga, ardoideachas, pleanáil teanga agus forbairt pobail.
Is ag obair mar Stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara Teanga atá sé ó fhómhar 2020 ach chaith sé blianta fada roimhe sin i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna. Is é a bhí i gceannas freisin ar an tionscadal taighde náisiúnta Fios Físe do TG4 agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá obair déanta aige le comhlachtaí forbartha pobail (Comharchumann Shailearna Teo.), tograí teanga (Coiste Pleanála Teanga Chonamara Láir) agus tograí turasóireachta (Cósta Gaelach Chonamara) in imeacht na mblianta.
Moladh Ó Concheanainn don ról i ndiaidh don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas a rith.
D’fhógair an t-iarChoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag tús na bliana go raibh sé ag éirí as an bpost chun tabhairt faoi ról nua mar Choimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán. Is é Ó Concheanainn an tríú duine i ról an Choimisinéara. Ba é Seán Ó Cuirreáin an chéad Choimisinéir Teanga, ceapadh eisean in 2004.
Ag labhairt di ar fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh áthas uirthi go raibh glactha ag an Rialtas leis an moladh agus go raibh “ardmheas ag pobal na Gaeilge” ar Ó Concheanainn mar gheall ar an obair atá déanta aige in Oifig an Choimisinéara Teanga agus le hOllscoil na Gaillimhe roimhe sin.
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan gur post thar a bheith tábhachtach a bhí i gceann an Choimisinéara Teanga, go háirithe agus cumhachtaí breise ag an oifig de thoradh an Achta Teanga nua.
“Beidh dualgais sa bhreis ar Oifig an Choimisinéara Teanga ó thaobh monatóireachta de agus maidir le comhairle, treoir agus cuidiú a thabhairt do na comhlachtaí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Táim lán-mhuiníneach gurb é an tUasal Ó Concheanainn an té is fearr don ról seo agus go leanfaidh sé air ag tabhairt faoina chuid oibre le dúthracht agus le fuinneamh chun leasa cearta teanga shaoránaigh an Stáit.”
Anuas ar na cumhachtaí a bhí ag an gCoimisinéir Teanga roimhe seo, beidh dualgas air faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin eile ag comhlachtaí poiblí a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúil.
Beidh rún le rith sa Dáil agus sa Seanad anois a luaithe is a fhillfidh siad san fhómhar i leith mholadh seo an Rialtais agus, bunaithe air sin, molfar d’Uachtarán na hÉireann an ceapachán a dhéanamh.
T. Ó Néill
Go maire tú do nuacht Shéamais. Comhghairdeachas leat.
Mícheál Ó Broin
Togha fir Shéamais. Ceapúchán den scoth mar Choimisinéir Teanga.
Mairéad Ní Nuadháin
Comhghairdeas a Shéamais.
seamus ó scanláin
Go maire tú do nuacht a Shéamais agus go n-éirí leat.