‘Seafóideach’ agus ‘maslach’ nach gcuirfeadh an Rialtas rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna alcóil

Deir an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee nach féidir glacadh leis go bhfuil an Rialtas ag diúltú Gaeilge a chur ar lipéid mar nach bhfuil siad ag iarraidh cur isteach ar ‘chomhlachtaí móra a bhfuil an t-uafás airgid acu’

‘Seafóideach’ agus ‘maslach’ nach gcuirfeadh an Rialtas rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna alcóil

Dúradh sa Seanad inné go raibh sé “seafóideach” agus “maslach” nach raibh an Rialtas sásta glacadh le moladh rabhadh sláinte Gaeilge a chur ar dheochanna meisciúla.

Faoi reachtaíocht atá á plé i dTithe an Oireachtais i láthair na huaire, beidh dualgas ar chomhlachtaí rabhadh sláinte a chur ar dheochanna meisciúla atá á ndíol in Éirinn ach tá an Roinn Sláinte ag diúltú don éileamh go mbeadh na foláirimh a bheith dátheangach.

Is í an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee an polaiteoir is déanaí de chuid Fhianna Fáil a deir go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na lipéid nua i nGaeilge ach diúltaíodh dá moladh le linn an phlé sa Seanad.

Dúirt Clifford-Lee go raibh sé “fíorthábhachtach” go n-aithnítear an dátheangachas sa stát agus gur “teachtaireacht chumhachtach” a bheadh ann do phobal na Gaeilge dá mbeadh na foláirimh le feiceáil sa dá theanga, mar atá i go leor tíortha dátheangacha eile, dar léi.

Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon, a bhí ag freagairt ceisteanna thar ceann an Aire Stáit Hildegarde Naughton, gur ghlac sé leis gur ceist thábhachtach a bhí inti ach go gcuirfeadh dualgas reachtúil maidir le lipéid dhátheangacha isteach rómhór ar chomhlachtaí.

Dúirt Heydon gur pléadh an cheist sa Dáil in 2018, nuair a bhí Simon Harris ina Aire Sláinte, agus gur cinneadh gur i mBéarla amháin a bheadh na lipéid.

Dúirt Clifford-Lee nach raibh Fianna Fáil sa Rialtas in 2018 agus go bhfuil “meon i bhfad níos difriúla ag mo pháirtí fhéin i leith na teanga”.

Bhí Stephen Donnelly, atá anois ina Aire Sláinte, ar dhuine de na Teachtaí Dála ó Fhianna Fáil a mhol an leasú in 2018 go mbeadh rabhadh sláinte dátheangach mar chuid den reachtaíocht.

Dúirt Lorraine Clifford-Lee inné go raibh an-díomá uirthi nach raibh an Rialtas sásta glacadh lena moladh agus go raibh sí chun an cheist a phlé leis an Aire Donnelly.

“Tá sé maslach amach agus amach má chloíonn an Rialtas leis an gcinneadh sin.”

Dúirt an Seanadóir nach bhféadfaí glacadh leis go raibh an Rialtas ag diúltú Gaeilge a chur ar na lipéid mar nach raibh siad ag iarraidh cur isteach ar “chomhlachtaí móra a bhfuil an t-uafás airgid acu”.

“Níl sé inghlactha go bhfuil an Rialtas ag iarraidh céad teanga na tíre a chur ar leataobh chun an bealach a éascú do na comhlachtaí móra sin. Tá sé maslach amach is amach agus nílim sásta leis an méid sin. Beidh mé ag déanamh teagmhála leis an Aire Sláinte chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.”

Mar fhreagra, dúirt an tAire Stáit Heydon nach comhlachtaí móra amháin a bheadh buailte ag na “dualgais throma” a bhí le tabhairt isteach faoin reachtaíocht.

Dúirt sé go mbeadh dualgas ann foláirimh i nGaeilge a chrochadh in áitribh cheadúnaithe agus ar shuíomhanna gréasáin mar a ndíoltar deochanna meisciúla.

Tá conspóid ag baint leis an reachtaíocht ó tháinig sí chun tosaigh cúig bliana ó shin. In 2018, dúirt an t-iarAire Sláinte Simon Harris nach bhféadfaí glacadh le moladh maidir le lipéid dhátheangacha mar gur léirigh taighde go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine.

Léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo, áfach, nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire. Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív, a bhí ar dhuine díobh siúd a mhol an leasú, gur chuir Simon Harris “daoine amú faoi dhó sa Dáil” faoi cheist na lipéad Gaeilge.

Agus é ag labhairt faoin cheist i bhfómhar na bliana seo caite, dúirt Éamon Ó Cuív go mbeadh sé de chumhacht ag an Aire Sláinte rialachán a leagan síos a chinnteodh go mbeadh an rabhadh i nGaeilge agus i mBéarla, fiú mura bhfuil an Ghaeilge luaite sa chuid sin den reachtaíocht.

Fág freagra ar '‘Seafóideach’ agus ‘maslach’ nach gcuirfeadh an Rialtas rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna alcóil'

  • Gabriel Rosenstock

    “Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon, a bhí ag freagairt ceisteanna thar ceann an Aire Stáit Hildegarde Naughton, gur ghlac sé leis gur ceist thábhachtach a bhí inti ach go gcuirfeadh dualgas reachtúil maidir le lipéid dhátheangacha isteach rómhór ar chomhlachtaí . . .”

    Comhlachtaí agus brúghrúpaí atá ag rith na tíre mar sin, an ea?

  • Dónall Mac Billing(s)/Bilie

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    ‘Státseirbhísigh le foghlaim faoi chearta teanga ar chúrsaí sa tseirbhís do chustaiméirí’
    Scéal grinn eile ón ‘Chóras’ agus seo scéal greanmhar eile !!!!

    Scríobh litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Labhair í agus mairfidh sí .

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************