É curtha i leith an Aire Sláinte gur chuir sé ‘daoine amú faoi dhó sa Dáil’ maidir le lipéid Ghaeilge ar dheochanna alcóil

Níl na dréachtlipéid ná na dréachtrialacháin a bhaineann leis na lipéid ar dheochanna meisciúla  curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go fóill

É curtha i leith an Aire Sláinte gur chuir sé ‘daoine amú faoi dhó sa Dáil’ maidir le lipéid Ghaeilge ar dheochanna alcóil

Tá sé curtha i leith an Aire Sláinte Simon Harris gur chuir sé “daoine amú faoi dhó sa Dáil” maidir lena chinneadh diúltú do rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla.

Tá an méid sin curtha i leith an Aire agus é tagtha chun solais nach bhfuil na dréachtrialacháin a cheadódh lipéid rabhadh sláinte i mBéarla amháin ar dheochanna meisciúla curtha faoi bhráid an Aontais Eorpaigh go fóill.

Nuair a bhí an dréachtreachtaíocht á plé sa Dáil, dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gurb í an phríomhchúis nach bhféadfaí glacadh le leasú a cheadódh rabhadh sláinte Gaeilge ar na deochanna ná go gcuirfeadh a leithéid moill mhór ar achtú an Bhille.

Ach tá sé tugtha le fios anois ag an Aire Sláinte nach bhfuil na dréachtlipéid ná na dréachtrialacháin a bhaineann leo curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go fóill, breis is mí ó glacadh leis an mbille sa Dáil.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go mbeidh sé ag éileamh ar an Aire Harris míniú a thabhairt faoin scéal sa Dáil an tseachtain seo chugainn.

Luaigh an tAire Sláinte sa Dáil dhá chúis lena chinneadh diúltú don leasú faoin nGaeilge ar an mBille um Shláinte Phoiblí, an mhoill a chuirfeadh a leithéid le hachtú an Bhille agus torthaí taighde faoi lipéid dhátheangacha. Ba é “standstill” na hEorpa an phríomhchúis gur dhiúltaigh sé don leasú ar tharraing Fianna Fáil siar é.

“If we were to make any changes to the requirement for health information on the labels to be in Irish it could delay the passage of the legislation through the Oireachtas and the enactment of the Bill. It would not affect the labels. Any additional requirement relating to labels would have to be notified and assessed at an EU level before enactment.

“There are practical reasons arising from the EU’s standstill period and we would not be able to pass the legislation as a result,” a dúirt an tAire Harris sa Dáil  mí Mheán Fómhair seo caite.

Léiríodh i scéal a foilsíodh ar an suíomh seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh sa taighde a luaigh an tAire, agus deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur chuir an tAire “daoine amú faoi dhó sa Dáil” faoi cheist na lipéad Gaeilge.

Mhaígh Ó Cuív an méid sin bunaithe ar fhreagra a thug an tAire Sláinte ar cheist scríofa Dála a chuir sé air an tseachtain seo caite.

Sa bhfreagra sin, dúirt an tAire Harris:

“Draft regulations under Section 12(1) of the Public Health (Alcohol) Act 2018 must be submitted to the European Commission for assessment under Regulation (EU) No 1169/2011 on the provision of food information to consumers before they can be finalised and published.”

Tá urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil ag iarraidh anois ar an Aire teacht os comhair na Dála chun an scéal a mhíniú.

“Tugadh le tuiscint sa Dáil go mbeadh na rialacháin á gcur i bhfeidhm ach an Bille a bheith sínithe ag an Uachtarán agus go gcuirfeadh an leasú a bhí molta moill mhór ar achtú an Bhille. Is léir anois nach amhlaidh a bhí agus go mbeidh sé tamall fós sula mbíonn na rialacháin i bhfeidhm agus gan iad fiú dréachtaithe le cur ar aghaidh go dtí an Eoraip fós.

“Mar mhíniú ar a chinneadh, bhain an tAire úsáid as taighde ar bhealach nach raibh eolaíoch agus thug sé le tuiscint go gcuirfeadh an leasú moill bhreise ar an mBille san Eoraip agus ar a achtú anseo dá réir. Tá a fhios againn anois, agus an Bille achtaithe sínithe, nach bhfuil na rialacháin fiú réidh le cur ar aghaidh.

“Is léir nár theastaigh na lipéid dhátheangacha ón Aire agus nach raibh aon chúis eile aige diúltú dóibh. Caithfidh sé teacht os comhair na Dála chun ceisteanna a fhreagairt faoi cén fáth gur chuir sé daoine amú sa Dáil faoi dhó agus beidh rún á chur faoi bhráid na Dála agam faoin ábhar an tseachtain seo chugainn,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'É curtha i leith an Aire Sláinte gur chuir sé ‘daoine amú faoi dhó sa Dáil’ maidir le lipéid Ghaeilge ar dheochanna alcóil'

  • Magaoidh

    Vótáil Fianna Fáil ar son reachtaíocht a chuireann cosc ar an teanga náisiúnta úsáid ar fógraí oifigiúla sláinte stáit ar deochanna alcóil. Tá sé ró-dheireanach do Éamonn ó Cuív a cháil mar “fear na Gaeilge” sa bpáirtí a chosaint.

  • Seán Mac Gearailt

    Dochreidte. Fianna Fáil ag iarraidh an dá thrá a fhreastail. Dochreidte fosta.