Seachain na seanfhocail mar ní mar a shíltear a bítear!

Is minic a theipeann ar ár gcolúnaí brí na seanfhocal a thuiscint agus míle uair ab fhearr leis an greann gáirsiúil ná deilíní i dtaobh gobadáin an dá thrá agus pocáin ghabhair i lár aonaigh

blackboard cropped

A Miscellany of Irish ProverbsBua a bhaineann leis an fhoilsitheoireacht ar líne ná gur furasta teacht ar fhoinsí tagartha atá as cló le blianta. Ceann acu sin ná A Miscellany of Irish Proverbs le T.F. O’Rahilly. Cnuasach fealsúnta fileata atá ann, agus is breá liom na nótaí beaga cantalacha a chuir an Raithileach thall is abhus tríd an téacs, ag mairgneach faoi mhíthuiscintí daoine nach raibh díreach chomh léannta leis féin (i.e. gach uile dhuine beo). Mar seo a mhínigh sé brí an tseanfhocail ‘Éasca neoin ná maidin’: gur fusa gnó nó obair éigin a dhéanamh go mall sa lá ná é a chur siar go dtí an lá dár gcionn. Ach, mo léan, níor léir do dhaoine eile an méid sin: ‘This proverb, though found all over Ireland, and in Scotland too, has in later days been nearly always misinterpreted.’

Admhaím gur theip orm ciall ‘éasca neoin ná maidin’ a fhuascailt as mo stuaim féin. Ba é a thuig mise as nach miste do dhuine a scíth a ligean san oíche ach go mbíonn cúramaí an tsaoil air ar maidin. Ní shásódh an míniú sin an Raithileach ach níl neart agam air – ach oiread le sciar mór maith de na sean-nathanna Gaeilge, is iarsma atá ann ón uair a bhí teanga agus cultúr na nGael ina neart. Ní castacht ghramadaí ná foclóra a fhágann deacair againne iad, ach a bheith fáiscthe as tuiscintí nach bhfuil ach gaol i bhfad amach acu lenár gcuidne. Féach, mar shampla, an sean-rá Connachtach: ‘Méadaíonn an tsaoire ach ní rathaíonn.’ Is é an míniú atá air sin: méadóidh tú do shaibhreas saolta má bhíonn tú ag obair lá saoire eaglasta ach ní bheidh rath ort dá bharr (ó sháraigh tú dlí na heaglaise). Is ea, thuig mé na focail ach níor léir dom a mbrí.

Deirtear liom go mbítear ag iarraidh ar dhaltaí scoile liostaí seanfhocal agus cora cainte a chur de ghlanmheabhair agus a gcuid aistí Ardteistiméireachta a phlúchadh leo. Ag Dia atá a fhios cén chiall a bhaineann siad as cuid acu. B’fhearr i bhfad samplaí de chaint an tseansaoil a chur ina láthair agus a iarraidh orthu casadh a chur iontu. Chruthaigh lucht na gcoláistí samhraidh a gcumas san ealaín seo cheana, nuair a cheap siad leaganacha mar ‘níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin.’ Míle uair ab fhearr liom an greann gáirsiúil sin ná deilíní i dtaobh gobadáin an dá thrá agus pocáin ghabhair i lár aonaigh. 

Ar aon nós, má thuig tú na samplaí thuas, seans go mbeifeá ag iarraidh tabhairt faoi thástáil bheag eile: thíos faoi seo tá ceithre sheanfhocal eile as cnuasach Uí Raithile. Is é atá le déanamh agatsa ná a mbrí a fhuascailt (gan an leabhar a cheadú, dar ndóigh). Is féidir iad a phlé sa bhosca nótaí tráchta thíos, más mian leat. Tabharfar an míniú ar cholún na seachtaine seo chugainn.

1. An rud is eagal liom a rá liom, bíodh a thús agam féin.

2. Deineann breacloirgneach earraigh formadach fómhair.

3. Ní iarrfadh an t-athair an mac sa mbácús, mura mbeadh sé féin roimhe ann.

4. Más le bheith ceirteach duit, bí cruinncheirteach.

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Seachain na seanfhocail mar ní mar a shíltear a bítear!'

  • Eoghan ONeill

    bainim sult as do chuid altanna i gcónaí. Faraor níl mé i ndán brí a bhaint as na habairti thuas.

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Ní aithním leath na bhfocal gan trácht ar ciall a bhaint as na nathanna!

    Buille faoi thuairim:
    1. An rud is eagal liom a rá liom, bíodh a thús agam féin.
    Déan rud ba cheart duit a dhéanamh sula n-iarann údarás ort é a dhéanamh.
    2. Deineann breacloirgneach earraigh formadach fómhair.
    Níl tuairim agam ach go bhfuil baint aige le flosc in am.
    3. Ní iarrfadh an t-athair an mac sa mbácús, mura mbeadh sé féin roimhe ann.
    Fear nach bhfuil muinín aige as saothar a mhic nuair nach bhfuil sé ann!
    4. Más le bheith ceirteach duit, bí cruinncheirteach.
    Má tá tú le gléasadh go péacógach, bí slachtmhar.

  • Dennis King

    2. An té a fhanann cois tine san earrrach, beidh formad air san fhómhar (toisc go mbeidh níos mó san iothlainn ag na comharsana ná mar atá aige féin).

  • Eoin P.

    Buillí faoi thuairim anseo

    1. An rud is eagal liom a rá liom, bíodh a thús agam féin. = an rud nár mhaith liom a rá liom féin, ba chóir go mbead a fhios agam féin céard é?

    2. Deineann breacloirgneach earraigh formadach fómhair. = má théann tú tú féin chomh mór sin san Earrach(go dtagann bricíní teasa ar do lorga) tiocfaidh sé in áiféal ort san fhómhar toisc go mbeidh se nios fuaire ansin?

    3. Ní iarrfadh an t-athair an mac sa mbácús, mura mbeadh sé féin roimhe ann. = Ní déarfadh an t-athair leis an mac dul isteach sa bhácús dá mba air a bhí dul ann de gnáth?

    4. Más le bheith ceirteach duit, bí cruinncheirteach. Má tá tú giobalach, is fearr a bheith glanghiobalach?

  • Diarmuid Ó Druachain

    Buillí faoi thuairim:

    1. An rud is eagal liom a rá liom, bíodh a thús agam féin.>> Má tá ábhar gur deachair dhom deighleál leis le hárdu, bhfearr liom é árdu mé fein seachas céim chun tosaigh orm a bheith ag duine eile leis.?

    3. Ní iarrfadh an t-athair an mac sa mbácús, mura mbeadh sé féin roimhe ann >>
    Ni seolfadh athair a mhac ar theachtaireacht chuigh cheann scríbe anaithnid nó nach bhfuil eolas aige féin air roimh ré?

    4. Más le bheith ceirteach duit, bí cruinncheirteach.>> Má bhíon ort bheith gléasta i gcomhar ócáid nó áit áirithe nó speisialta, bí chinnte go bhfuil do chuid gléasra go hoiriúnach?

  • sean o rathaille

    1. Feadfaidh tu teacht roimh an duine ata chun an rud is eagal leat a ra ma theann tu fein ina cheann ar dtuis. Bain an ghaoth as a sheolta.
    2 .An duine leisciuil a bheith i bhformad le fear na broide as a thionsclai is ata se agus a shliocht air sa bhfomhar.
    3. Ar eagla go ndeanfadh se cocsti den gcuram, no go ndeanfadh se suthaiocht ar a bhfuil ann!
    4. Ceartach? Na cuir botu(i)n eile i gceann na mbotun ata ‘a gceartu’ agat! (O mhuise, sea go deimhin.)

  • Pól Ó Braoin

    Seo mo sheans féin ar bhuille beag faoi thuairim a thabhairt:

    1. An rud is eagal liom a rá liom, bíodh a thús agam féin.
    Tugaim aghaidh dhíreach ar an rud d’fhéadfaí a rá a bhfuil faitíos orm faoi – seans smachta agam féin air – deirim féin é!

    2. Deineann breacloirgneach earraigh formadach fómhair.
    Mara ndéanaim féin an obair san earrach beidh éad orm leis na daoine a rinne nuair a thiocfas an fómhar.

    3. Ní iarrfadh an t-athair an mac sa mbácús, mura mbeadh sé féin roimhe ann.
    Mara mbIonn an deaide ina fhear oibre, beag seans ann go ndéanfaidh an mac mórán.

    4. Más le bheith ceirteach duit, bí cruinncheirteach.
    Cébí caoi atá ort nó fút, bíodh do cheann in airde agat agus lean ar aghaidh chomh maith agus is féidir leis an méid atá agat.