Plámás nó caint dhíreach: Ar chóir don Taoiseach labhairt go soiléir sa Teach Bán?

Ní deas an rogha a bheidh á déanamh ag an Taoiseach agus Trump ag scaothaireacht Lá Fhéile Pádraig?

Plámás nó caint dhíreach: Ar chóir don Taoiseach labhairt go soiléir sa Teach Bán?

Ní foláir ullmhú i gceart roimh aghaidh a thabhairt ar dhúshlán mór – mar a léirigh Micheál Martin agus é i mbun feachtais roimh olltoghchán 2016.

Ní raibh Fianna Fáil sa rialtas roimh an olltoghchán sin ná ina dhiaidh ach, cúig bliana tar éis tubaiste 2011, bhí téarnamh an pháirtí follasach. Tháinig méadú faoi dhó ar ionadaíocht an pháirtí sa Dáil (44 suíochán) a bhuí cuid mhór lena cheannasaíocht chumasach.

Bhí Micheál Martin á leanacht ag an tuairisceoir seo le linn an fheachtais i gcathair Chorcaí nuair a thóg sé briseadh ón stocaireacht chun páirt a ghlacadh i gclár ar stáisiún raidió 96FM ina raibh deis ag éisteoirí é a cheistiú. Thug duine dá lucht tacaíochta dhá leathanach nótaí dó ar a bhealach isteach, nótaí a bhain le ceisteanna áitiúla a d’fhéadfaí a chur air le linn an chláir.

Stop sé ar an staighre ar a bhealach go dtí an stiúideo. Léigh sé agus d’athléigh sé na nótaí orthu ar feadh thart ar chúig nóiméad.

Gan dabht, tugtar comhairle dá leithéid do mhórán ceannairí. Ba shuntasach áfach an aird iomlán a dhírigh sé ar na nótaí agus an dianmhachnamh a rinne sé sara ndeachaigh sé isteach sa stiúideo.

Beidh ullmhú níos déine á dhéanamh ag an Taoiseach sara mbuailfidh sé arís leis an Uachtarán Trump i Washington Dé Máirt. Déanfaidh a chomhairleoirí a ndícheall chun cabhrú leis déileáil le huachtarán nach féidir a ghiúmar ná a chuspóir a thuar roimh ré. Ní beag an dúshlán é ach ní beag ach oiread oiliúint, taithí agus díograis an Taoisigh.

I bhfírinne, ó d’fhill Donald Trump ar an Teach Bán, bíonn gach cuairt dá leithéid cosúil le cluiche nach féidir le foireann amháin a bhuachan. Níl á imirt acu dáiríre ach cluiche a mbeidh siad buíoch ina dhiaidh murar buadh orthu agus a mbeidh siad ag ceiliúradh má chríochnaítear ar comhscór. Is amhlaidh an léargas i gcás an Taoisigh.

Níl an pobal ar aon tuairim faoin gcruinniú. Tugadh le fios i bpobalbhreith san Irish Times, a tógadh díreach sular thosaigh na hionsaithe ar an Iaráin, go raibh 48 faoin gcéad i bhfabhar an chruinnithe agus 45 faoin gcéad ina choinne.

Beidh an Taoiseach ag labhairt mar sin thar ceann pobail atá roinnte ina dhá leath maidir lena chuairt ar an Teach Bán.

Níl an freasúra ar aon tuairim ach oiread. Deir Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta gur chóir do Mhicheál Martin dul chun cainte, agus labhairt go láidir le Trump. Deir an Lucht Oibre agus Pobal Seachas Brabús go mb’fhearr dó fanacht sa bhaile.

Ní tearc na hábhair a thabharfadh deis don uachtarán Éire a lochtú. An ráiteas mar shampla inar cháin an tUachtarán Connolly “ionsaithe d’aon ghnó” ar an dlí idirnáisiúnta sa Mheánoirthear (gan tagairt do na Stáit Aontaithe). Nó ró-infheistíocht agus ró-fhostaíocht, dar le Trump, na gcomhlachtaí cógaisíochta Meiriceánacha atá lonnaithe in Éirinn.

Na slata eile atá ar fáil más mian leis an Taoiseach a sciúrsáil: na beartais atá á bplé i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséil a chuirfeadh srian ar mhífhreagracht agus ar bhrabach chomhlachtaí Meiriceánacha na meán sóisialta. Nó diúltú na hÉireann (agus mórán tíortha eile) a bheith páirteach ina fhoras nua ar a dtugtar ‘Bord Síochána’ a bhunaigh Trump go gairid sula ndeachaigh sé i mbun cogaíochta san Iaráin.

Gan dabht beidh freagraí gonta nach spreagfaidh fearg an uachtaráin á bplé ag an Taoiseach lena chomhairleoirí. Chomh maith le caint bhog más gá ar infheistíocht mhór chomhlachtaí Éireannacha ar nós Ghrúpa Kerry, Glanbia, Kingspan agus CRH sna Stáit. Sin agus fanacht ina thost mar a dhein Seansailéir Merz na Gearmáine le linn a sheisiúin le Trump os comhair na gceamaraí an tseachtain seo caite. Chaith Merz go leor ama ag breathnú ar spota ar an urlár.

Beidh an Taoiseach ag freastal, ní ar chruinniú dáiríre ach ar thaispeántas teilifíse a chuirfidh Trump i láthair. Ní féidir a luach ná a thoradh d’Éirinn a mheá i gceart gan cuimhneamh ar thábhacht an chaidrimh trádála idir an dá thír.

Tá 245,000 duine fostaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha atá lonnaithe abhus agus 169,000 duine eile ag obair i gcomhlachtaí atá nasctha go hindíreach leis na comhlachtaí sin. Ní foláir don Taoiseach leas na n-oibrithe sin a chur san áireamh agus é ag labhairt sa Teach Bán. Ní hionann sin agus a rá gur chóir do Thaoiseach a bheith tostach ach ní foláir dó a bhriathra a thomhas go cúramach.

Tá an t-ádh orainn go mbeidh máistir ar a cheird ag labhairt ar ár son sa Teach Bán. Ní dheimhníonn máistreacht crógacht, áfach, ná caint dhíreach – go háirithe agus cogadh nach léir a chríoch ar bun.

Is féidir ráiteas amháin a chloisfear ó bhéal an Taoisigh a thuar go cinnte. Tabharfaidh sé cuireadh do Trump teacht go hÉirinn le linn reáchtáil an chomórtais oscailte gailf ar an Dún Beag – cuireadh nach gá a thabhairt i bhfírinne tharla gur leis uachtarán an galfchúrsa.

Ba bhreá le go leor daoine abhus dá ndéarfadh Micheál Martin focal nó dhó sa Teach Bán a léireodh meas mhuintir na hÉireann ar an dlí idirnáisiúnta, ar shíocháin seachas ar chogaíocht, agus ar na Náisiúin Aontaithe mar eagraíocht chun aighnis a réiteach go síochánta. Chomh maith le briathar nó dhó a léireodh ár dtacaíocht agus ár súil go gcuirfí phlean cothrom síochána chun cinn sa Phalaistín.

Briathra, fiú dá ndéarfaí go bog iad, a thabharfadh le fios nach bhfuil Éire go hiomlán faoi sháil na Stát Aontaithe.

Ná cuir geall air.

Fág freagra ar 'Plámás nó caint dhíreach: Ar chóir don Taoiseach labhairt go soiléir sa Teach Bán?'

  • Is tír neodrach í Éire.

    Tá cead cuairte ag an Taoiseach mar gheall ar na milliúin de bhunadh na hÉireann a chónaíonn i SAM. Tá éad ar gach tír san Aontas Eorpach agus níos faide anonn faoin gcaidreamh sin. Ní hé am na comharthaíochta suáilce ar son fhimínitheoirí an domhain agus a gcuid peata-chúiseanna. Ní fiú don Taoiseach a ladar a chur isteach i bpolaitíocht Mheiriceá. Níl aon ról ná cumas ag Éirinn tionchar poiblí a imirt ar chumhachtaí móra an tsaoil. Níor cháineamar go láidir riamh an tSín, Ioslam ná lucht an oilc san Aontas Eorpach féin, údaráis na Fraince, na Gearmáine, na Spáinne agus na hÍsiltíre go háirithe atá uilig chomh naimhdeach le Sasana dár gceart a bheith neamhspleách nó i gceannas ar ár n-acmhainní nádúrtha…..ach tá bithiúnaigh na hÉireann ag iarraidh go ndéanamais ionsaí ar an t-aon chóras polaitiúil gallda a thacaíonn le hÉirinn ar bhonn prionsabail. Ní bheidh an Trumpach ann go brách agus ba cheart d’Éirinn a rochtain ar an teach bán a chosaint beag beann ar an té atá sa rí-chathaoir sall. Níl iontu ach puipéid, aisteoirí agus ‘oifigigh preasa’. Ní féidir an lá ar fad a chaitheamh ag labhairt leis na meáin agus a bheith i gceannas ar rud ar bith, is cuma más Trumpach, Elon Musk nó Van der Leyen thú. Leanann údaráis SAM a spriocanna fadtéarmacha agus meántéarmacha faoi bhrat na bpuipéad sin ach is beag tionchar a imríonn uachtarán ar bith ar chúrsaí an tsaoil seachas ó thaobh optaice de agus mairg a deir olc leis na mór-chumachtaí. Is luachmhar an rud é an rochtain ar an teach bán ach ní deis é chun ollchumhachtaí an tsaoil a cháineadh go poiblí. Fásaigí aníos, sibhse, a cheapann gur amhlaidh atá!