‘Sin an leabhar le Tadhg Ó Rudaí, a bheidh seolta Dé hAoine, a lucht éisteachta.’
Struchtúr é seo atá ag sleamhnú isteach sa teanga le tamall de bhlianta. ‘Aidiacht bhriathartha’ (past participle) a thugtar ar an bhfocal ‘seolta’ i gcás mar seo i ngramadach na teanga. Níl sé mícheart briathar agus aidiacht bhriathartha (e.g. ‘Beidh’ + ‘déanta’) a cheangal lena chéile sa Ghaeilge, ach tá difear brí idir a leithéid sin agus an méid atá i gceist thuas faoin seoladh leabhair.
Má thagann duine déanach go dtí an seoladh céanna Dé hAoine, beidh an leabhar seolta faoin am a dtiocfaidh sé. Murab é sin atá i gceist, áfach, is fearr ‘a sheolfar Dé hAoine’ a rá más ag tagairt do sheoladh atá le tarlú i gceann cúpla lá atáthar. Sa chás sin, tá an gníomh fós le déanamh.
‘Beidh físeáin scaipthe trí bhliain 2020’. Níl i gceist anseo ach go scaipfear físeáin cheoil le linn na bliana 2020.
Beidh siad scaipthe faoin am a mbeidh deireadh na bliana buailte linn, ach más ag tús na bliana a eisítear (eisíodh) a leithéid de ráiteas, agus tagairt ann do ghníomh a dhéanfar (dhéanfaí) amach anseo, ‘a scaipfear’ a theastaíonn. Mar sin a bhí i gceist anseo, áit ar bhain an fógra le físeáin a bhí le scaipeadh níos túisce i mbliana, agus atá fós á scaipeadh, b’fhéidir.
‘Saorbhriathar’ nó ‘briathar saor’ a thugtar ar na leaganacha ‘seolfar’ agus ‘scaipfear’ thuas i ngramadach na teanga. Is é a úsáidtear nuair nach bhfuil a fhios againn cé a rinne gníomh. Bíonn an gníomh díreach déanta, de ghnáth, nuair a úsáidtear briathar agus aidiacht bhriathartha, agus tá an difear sin idir an dá chineál struchtúir le cur sa mheá agus duine á n-idirdhealú.
Seo ceann eile: ‘Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach go mbeidh paráidí curtha ar ceal ar fud na tíre’. Arís ar ais, b’fhearr ‘go gcuirfear paráidí ar ceal’ a rá anseo. Beidh siad curtha ar ceal faoin am a mbeidh Lá ’le Pádraig buailte linn, ach b’fhearr gan fanacht go dtí an lá féin sula gcuirtear daoine ar an eolas faoi pharáidí a bheith curtha ar ceal. ‘Go gcuirfear’ a dhéanfaidh cúis.
Ní minic a chloistear mí-úsáid á baint as struchtúr an bhriathair shaoir san aimsir (ghnáth)láithreach ach seo ceann eile a chuala mé agus duine ag clamhsán nach ndéantar dóthain earraí in Éirinn: ‘Tá achan rud déanta sa tSín anois’.
Is leor ‘Déantar achan rud sa tSín anois’ anseo. Má dhéanann údaráis na Síne cinneadh áirithe ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus má bheartaíonn rialtas na hÉireann déanamh amhlaidh, déarfadh saoránaigh lena chéile agus a leithéid de chinneadh díreach fógartha, ‘Tá sé déanta sa tSín. Tá sé chomh maith againne a ndea-shampla a leanúint’.
Ó thaobh na haimsire caite de, míthuiscint den chineál céanna is cúis le leithéid ‘Bhí an coiste bunaithe Dé hAoine’. ‘Bunaíodh’ a theastaíonn uainn anseo, cé go ndéarfaí ‘Bhí an coiste bunaithe faoin am a dtáinig (a(r) tháinig sa chaighdeán oifigiúil) Mícheál oíche Dé hAoine’.
Dá chuidithí an t-idirdhealú seo ó thaobh na gramadaí de, bíonn corrabairt sa teanga labhartha atá róchaolchúiseach le haghaidh plé den chineál seo, agus a d’fhágfadh duine mar mise ag tochas a chinn. Is cuimhin liom, mar shampla, gur réitigh baicle fear uaigh i gceantar Gaeltachta cúpla bliain ó shin agus go ndúirt duine acu leis an mbeirt is mó a bhí a mbun a déanta, ‘Nach deas mar atá sí déanta agaibh’, ar chríochnú na hoibre dóibh.
An lá dár gcionn, agus an duine caillte díreach curtha, dúirt fear ón áit i gcogar liomsa i dtaobh na huaighe céanna, ‘Nach deas mar a bhí sí déanta’.
Ná habradh éinne liom gur teanga shimplí í.
Paula Ní Shlatarra
Is tráthúil an t-alt é seo, a mheabhraíonn dúinn chomh húsáideach is atá an briathar saor, ar sainghné den teanga Gaeilge é. Is mór an trua an leagan “beidh sé seolta” a chloisteáil chomh minic sin, nuair is é a bhíonn i gceist ag an gcainteoir go bhfuil an leabhar (nó an soitheach?) le seoladh.