Sé leabhar ainmnithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag gradaim An Post

Ceithre úrscéal, cnuasach gearrscéalta agus leabhar cuimhní cinn atá ainmnithe sa rannóg Gaeilge de na An Post Irish Book Awards

Sé leabhar ainmnithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag gradaim An Post

Tá an gearrliosta fógartha don duais ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na mórghradaim litríochta, na An Post Irish Book Awards.

Sé leabhar atá ar ghearrliosta 2019 don duais Ghaeilge a bhuaigh Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson nuair a bronnadh í den chéad uair riamh anuraidh.

Tá ceithre úrscéal i measc na gcúig leabhar atá ainmnithe do ghradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ An Post i mbliana: Gráinne – Gaiscíoch Gael (Cois Life) le Siobhán Parkinson; Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin; An Tromdhámh (LeabharBreac) le Feargal Ó Béarra; agus Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird.

Cnuasach gearrscéalta, Gáire in Éag (Éabhlóid) le Seán Ó Muireagáin, agus cuimhní cinn, Mar a Bhí Ar dTús – Cuimhne Seanghasúir le Joe Steve Ó Neachtain, atá sa dá leabhar eile atá san iomaíocht don duais.

Ag ócáid in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath a fógraíodh anocht na gearrliostaí do na An Post Irish Book Awards, gearrliosta ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, ina measc.

Painéal moltóirí a roghnóidh Leabhar Gaeilge na Bliana ach cuirtear fáilte roimh thuairimí an phobail chomh maith, agus is féidir vóta a chaitheamh ar shuíomh na ngradam.

Fógrófar buaiteoirí  ghradaim leabhar An Post 2019 ag searmanas san Ionad Náisiúnta Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 20 Samhain.

Fág freagra ar 'Sé leabhar ainmnithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag gradaim An Post'