Sé chlár Gaeilge san iomaíocht do mhórghradaim raidió IMRO

Tá cúig chlár ó chúig stáisiún raidió éagsúil ainmnithe sa rannóg don chraoltóireacht Ghaeilge

Sé chlár Gaeilge san iomaíocht do mhórghradaim raidió IMRO

Sarah McInerney as Bearna agus Cormac Ó hEadhra as an gCeathrú Rua

Beidh sé chlár Gaeilge san iomaíocht do ghradaim ag gradaim raidió IMRO i mbliana.

Tá cúig cinn de na cláir san iomaíocht lena chéile sa rannóg don chraoltóireacht Ghaeilge. Cláir ó chúig stáisiún raidió ar leith atá ainmnithe sa rannóg.

Tá ainmniúcháin faighte ag Barrscéalta, a chuireann Michelle Nic Grianna i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta; Blas ar BBC Radio Uladh; Muintir na nDéise ar WLR FM; Pop Raidió le Niamh Ní Chróinín ar SPIN1038; agus an clár cúrsaí reatha Splanc ar Newstalk.

Tá ainmniúchán faighte freisin ag an gclár Blas Ceoil ar BBC Radio Uladh, a chuireann Caoimhe Ní Chathail i láthair, i rannóg an tsaincheoil nó an ‘Specialist Music Programme’.

Tá ainmniúchán sa rannóg náisiúnta do chláir chúrsaí reatha faighte ag Drivetime ar RTÉ Radio 1. Beirt ó Ghaeltacht Chonamara a chuireann an clár i láthair, Cormac Ó hEadhra as an gCeathrú Rua agus Sarah McInerney as Bearna.

703 iontráil a fuarthas do ghradaim IMRO na bliana seo, an líon is mó le cúig bliana anuas.

Bronnfar gradaim IMRO i mbliana ag ócáid fhíorúil Dé hAoine, an 1 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Sé chlár Gaeilge san iomaíocht do mhórghradaim raidió IMRO'