Scríbhinn lochtach a fhágann nach bhfuil ceann ná tóin le fáil ar ‘Mary Queen of Scots’

Tá scéal suimiúil agus taispeántais bhreátha i scannán nua Saoirse Ronan ach scríbhinn chiotach a fhágann coiscéim bhacaí san insint

Scríbhinn lochtach a fhágann nach bhfuil ceann ná tóin le fáil ar ‘Mary Queen of Scots’

Mary Queen of Scots

Stiúrthóir/Cliar: Josie Rourke

Cliar: Saoirse Ronan, Margot Robbie, Guy Pearce, Joe Alwyn, Ismael Cruz Cordova.

Tá lucht na nOscar tar éis a súile a dhúnadh ar Shaoirse Ronan arís eile. Tamall siar bhíothas den tuairim go mbeadh Mary Queen of Scots ar thosach cadhnaíochta i rannóg aisteoireacht na mban nuair a fhógrófaí na hainmniúcháin. Canathaobh ná beadh agus beirt de na haisteoirí is cumasaí in iomaire Hollywood le haghaidh a thabhairt ar a chéile i saothar stuifiúil staire? Scannán é a thabharfadh éachtaint ar shaol Mháire Stíobhaird (Ronan) agus an caidreamh a bhí aici lena bean ghaoil, an Bhanríon Eilís 1 (Robbie), sa séú haois déag?

Tá Saoirse Ronan agus Margot Robbie i mbarr a maitheasa i láthair na huaire agus cáil dhomhanda orthu, dá réir. I ndeireadh na dála, áfach, níor éirigh le Saoirse, ná Robbie, ainmniúchán a ghnóthú don cheathrú babhta; rud a chiallaíonn nach mbeidh deis aici greim a fháil ar an deilbhín beag óir den chéad uair.

Ar shlí amháin aontaím leis an gcinneadh gan ainmniúchán a bhronnadh ar Ronan, ná ar Robbie go deimhin. Cinnte tugann an bheirt taispeántais bhreátha uathu agus tá siad nótálta ar fad sa radharc ina mbuaileann siad lena chéile den chéad uair (agus den uair dheiridh). Ina dhiaidh sin féin nílid ar chaighdeán a thuillfeadh ainmniúchán agus cuirim an locht ar an scríbhinn, agus go pointe ar an stiúradh. Cuireann sin iontas orm óir gurb é Beau Willimon, saoiste House of Cards, a dhein leabhar John Guy a chóiriú. Sin ráite, d’imigh an tsraith úd amach ón gcairt ar fad i bhfad sular tugadh bata agus bóthar do Kevin Spacey.

Fiú má fhágann tú an míchruinneas staire go leataobh ní cathair mar a tuairisc í an saothar seo; níl sé leath chomh tathagach is a cheapas go mbeadh sé agus tá sé liobarnach go maith in áiteanna; rudaí a imríonn tionchar ar thaispeántas na beirte. Tá an radharc úd le Máire Stíobhaird agus an Bhanríon Eilís an-chumhachtach ach éilíonn an scríbhinn/stiúradh go mbeadh an bheirt acu ag útamáil le braillíní i rith an ama. Meafar tútach liobarnach má bhí a leithéid riamh ann. Barrthuisle á bhaint as carachtair agus aisteoirí araon.

Tosaíonn an scannán amach i 1587 mar a bhfuil Máire le dícheannadh. Ní fada nó go ndéantar sinn a theilgean siar chuig 1561 agus Máire ag teacht i dtír in Albain tar éis di teacht chun coinlíochta sa Fhrainc. Déantar banríon na hAlban di agus ar an toirt tosaíonn an t-uisce fé thalamh agus an scéiméireacht ar chúla téarmaí. Gach duine ag tochas ar a cheirtlín féin. Léirítear Máire mar bhean ionraic chliste ach í mustrach agus ábhairín saonta. Tá an Bhanríon Eilís (nach bhfeictear ár ndóthain di) ar an gcuma chéanna ach gan í a bheith chomh saonta céanna. An bheirt acu ag streachailt in aghaidh na bhfear, bá acu lena chéile dá réir ach iad in adharca a chéile ag an am céanna.

Scéal suimiúil, taispeántais bhreátha ach scríbhinn chiotach a fhágann coiscéim bhacaí sa saothar.

Fág freagra ar 'Scríbhinn lochtach a fhágann nach bhfuil ceann ná tóin le fáil ar ‘Mary Queen of Scots’'