Scread ar son saoirse an phreasa agus cic sna magairlí uachtaránachta

Físdán é ‘The Post’, scannán nua Stephen Spielberg, ar son sceithirí na fírinne, agus ar son na n-iriseoirí a thugann ardán dóibh

Scread ar son saoirse an phreasa agus cic sna magairlí uachtaránachta

The Post

1966. Tá Daniel Ellsberg, straitéisí míleata an Pentagon, leabaithe le hArm Mheirceá i Vietnam. É curtha thall ag an Státrúnaí Cosanta Robert McNamara chun léamh a thabhairt dó faoi cheist a bhí á chrá – an raibh an bua míleata ag dul ó chrích ar Arm Mheiriceá? Freagra tomhaiste Ellsberg – ní féidir le Meiriceá an cogadh seo a bhuachan.

Tugann Lyndon Johnson agus Robert McNamara an chluas bhodhar don rud a thuigeadar beirt a bheith fíor. D’fhonn a gclú féin, agus clú Mheiriceá a chosaint, ghéaraíodar ar an ár. Díreach mar a rinne a macasamhail rompu, agus mar a dhéanfadh Nixon agus Kissinger go ceann deich mbliana eile ina ndiaidh. Ar aghaidh linn go 1971. Sa Pentagon arís, cóipeálann Ellsberg na mílte comhad rúnda agus tugann iad, faoi choim, don New York Times. Tosaíonn an nuachtán á bhfoilsiú. Ardaíonn Nixon ordú gobánach ina gcoinne, beart dlí a chuireann dealg i sáil The New York Times. Cuirtear stad tobann le foilsiú na gcáipéisí. 

The Washington Post, an freasúra ‘cairdiúil’, gan scúp dá gcuid féin, fágtha in áit na leathphingine. An aimseoidh an tEagarthóir Ben Bradlee na Pentagon Papers fad is atá mantóg curtha ar an ‘Times’? Agus má fhaigheann, an bhfoilseoidh an t-úinéir, Kay Graham iad?

Tá Kay ina núíosach sa phost, an chéad bhean a bhí ina húinéir ar nuachtán náisiúnta i Meiriceá. Í díreach tar éis ‘The Post’ a sheoladh ar an stocmhargadh. Ach, ó bhí ‘ré aithrí’ ag na bainc, d’fhéadfaidís siúd tarraingt siar dá dtarlódh scannal. Dá gcuirfí tréas i leith an nuachtáin, mar shampla, cá bhfios cad a tharlódh?

An mbeidh sé de chrógacht ag Graham na Pentagon Papers a fhoilsiú in éadan na gcumhachtaí a sheas in ord catha ar an machaire roimpi – a bord fireann féin, na bainc, a cairdeas teaghlaigh le Robert McNamara, an Pentagon, an Chúirt Uachtarach agus Oifig an Uachtaráin féin?

Tá Ben Bradlee, an tEagarthóir, á gríosú chun gnímh. ’Sé sin, má éiríonn leis greim d’fháil ar na cáipéisí fad is atá an ‘Times’ ag fanacht ar rialú na Cúirte Uachtaraí.

Tá Tom Hanks (Bradlee) agus Meryl Streep (Graham) as radharc ar fad iontu féin, agus lonrach san idirphlé caithiseach eatarthu. Ní fada ina ndiaidh Bob Odenkirk (Ben Bagdikian), an t-iriseoir iniúchta a d’imigh sa tóir ar na cáipéisí. Eisean a chuir feoil ar an ‘scannán fiaigh, agus iriseoirí ann’ a theastaigh ó Spielberg. Tá Bruce Greenwood scanrúil i bpáirt Robert McNamara. ’Sé Bradley Whitford (Arthur Parsons) neimisis Kay Graham ar an mBord. Brúnn seisean na cnaipí traidisiúnta fireanna uilig le flosc fonnmhar ina coinne.

An mbeidh Kay in ann don teas?

Fágadh an bhunscript ar an gcúliarann le blianta. Caidé raison d’être an scannáin i mbliana? ‘Anois, nó ní riamh’, a dúirt Spielberg. Scread ar son saoirse an phreasa atá ann – barántas na saoirsí cainte atá neadaithe sa Chéad Leasú ar Bhunreacht Mheiriceá. ‘Shout out’ é ar son sceithirí na fírinne, agus ar son na n-iriseoirí a thugann ardán dóibh.

Meafar tráthúil, má bhí a leithéid ann riamh. Tugann The Post cic atá thar a bheith tuillte, dar liom, fá dhéin na magairlí Uachtaránachta reatha. ‘Bigly’, mar a déarfá. Is maighnéad é an cochall céanna don bhróg liobrálach, gan dabht. Ach is fairsinge sprioc Spielberg ná mála íoschrochta Trump. Ní spárálann Spielberg seodra Truman, Eisenhower, Kennedy, Johnson, ná, ar ndóigh, sac feoite Nixon ach oiread. 

Cuirfidh iriseoirí a d’fhoghlaim a gceird sa chlochaois réamhdhigiteach fáilte ar leith roimh an iomann seo dá gceird. I dtaca le gach aon rud eile, is físdán ceiliúrtha é ar ré rómánsúil na nuachtán analógach. Boladh an dúigh! Teas na luaidhe! Clagarnach na meaisíní cló-reatha! ‘Plop’ na mbeartán ar an chosán! Read All About It!

Ach deineann The Post giall den aimsir chaite chun ráiteas tréan comhaimseartha a fhógairt. Íslítear tús áite an New York Times i bhfoilsiú na Pentagon Papers chun lámh The Washington Post san eachtra chéanna a threisiú. Sin ráite, is díbliú suarach é mar ghearán. B’fhiú an lúbadh. Seo scannán, ní stair agus bíonn malairt cúraim ar scannán. Ar a shon féin a dheineann an cat crónán. Agus is milis i mo chluasa crónán The Post.      

‘Publish, and be damned!’ a deirtí fadó. Ba cheol binn an méid sin dom féin tráth. D’fhoilsíos, le mo leathbhádóirí in RTÉ, fada fada siar, clár fírinneach a tharraing cás cúirte clúmhillte anuas orainn. Fiú más ar an scála is lú ar fad amuigh é, tuigim na geallta dainséaracha a d’imir Ben Bradlee, Kay Graham agus Daniel Ellsberg – fathaigh fir is mná a chuir cearta an phobail roimh clú-chosaint lofa na gcoirpeach a d’fhear cogadh gan dealramh, ní ar Vítneam amháin, ach ar a bpobal féin.

If we don’t make them accountable, who will?’ arsa Bradlee. Sin ceist.

Tréaslaíonn an scannán leis na hiriseoirí sin, lena gcrógacht, a bproifisiúntacht agus a gcíocras ar son na fírinne – luacha na seirbhíse poiblí, más mian leat, atá, mo léan dóite, ábhairín gann ar na saolta seo.

Is fiú an dua an toradh.

Fág freagra ar 'Scread ar son saoirse an phreasa agus cic sna magairlí uachtaránachta'