Scoileanna an scannail – dianscagadh le déanamh ar scoileanna dianteagaisc Gaeilge

FRIOTAL: Tá sé thar am beart a dhéanamh faoi chaighdeán na Gaeilge i scoileanna dianteagaisc, a deir ár gcolúnaí

Céad slán leis an uair a thiocfadh le créatúr ar bith a raibh ríomhaire agus foclóir Béarla–Gaeilge aige comhlacht aistriúcháin a bhunú. Níl cosc ar a leithéid, inniu féin, ach is beag teacht isteach a bheadh ag aistritheoir nach bhfuil creidiúnaithe, ‘cuícháilithe’. Is maith sin; tá sé de cheart ag custaiméirí deimhniú éigin a bheith acu ar chumas an duine a bhfuil siad ag dul ina mhuinín. Monuar nach bhfuil a leithéid de bharántas le fáil ag custaiméirí na scoileanna dianteagaisc.

Fágaimis ar leataobh na ceisteanna eitice a bhaineann le modh teagaisc na n-inneall foghlama seo – na freagraí foirmle agus an carnadh cliché. Dá olcas iad sin, bheifeá ag súil go mbeadh Gaeilge chruinn sna haistí ‘samplacha’ a chuireann na scoileanna seo i lámha daoine óga. Ach is ag déanamh talamh slán den chriathrach a bheifeá. A leithéid seo, in aiste dar teideal Daoine Óga Imithe ar Strae:

Is iad daoine óga an lae inniú (sic) daoine fásta an lae amáraigh (sic). “Mol an óige agus tiocfaidh sí” a dúradh linn agus bí cinnte de a leitheoir (sic) uasail gur thángamar. D’fhás an Tíogar Ceilteach aníos inár dteannta.

Nach deas an eiseamláir é sin don scríbhneoir óg? Ná níl na nótaí litríochta a dhath amháin níos fearr. B’ait leat an líne seo, sna nótaí ar mhórdhán Airt Mhic Cumhaigh, ‘Úirchill an Chreagáin’: ‘Chonaic sé spideog ag eitilt suas sa spéir agus bhí áiféala (sic) air nach raibh sé in ann scaoileadh lena chuid filíochta sa bhealach céanna.’ Líne fáin, gan amhras, a fágadh sna nótaí ón uair a bhítí ag tionlacan daltaí trí ‘Adhlacadh mo Mháthar’. A mhúinteoirí na hÉireann, má chonaic cuid agaibh an líne sin in aiste, tá fios a húdair agaibh feasta.

Ar líne a chuirtear an-chuid de na seirbhísí seo ar fáil. Ar shuíomh amháin, gealltar ‘cleachtadh comhrá beo ó oide oilte trí bhíthin Skype’ (is ea, ‘trí bhíthin’). Díoltar aistí ar an suíomh seo, i measc rudaí eile. ‘Má tá tú ag ullmú (sic) don Teastais (sic) Sóisearach, don Ardteist, nó d’agallamh iontrála Chúrsa (sic) Oiliúna Múinteoirí is féidir linn cuidiú leat.’ Maíonn siad go bhfuil múinteoirí ‘taithíocha’ acu chuige sin. B’fhéidir é, ach, ar fhianaise an tsuímh, bheadh drogall ormsa leas a bhaint as seirbhís eile atá acu – ceartú aistí.

An fhírinne choíche, tá daoine ann a chuireann cúrsaí agus seirbhísí teagaisc ar fáil ar líne gan dúil le díolaíocht. Chláraigh mise ar chúrsa tosaigh Gaeilge gan pingin a íoc. Is mór an gar nár íoc. Anuas ar mhíle mílitriú, moltar leaganacha nach raibh ag Peig ná Máire: ‘Cad is aois duit?’ agus ‘An bhfuil cead an teileafóin agam?’ Nó b’fhéidir gur searbh atá mise nuair nach raibh deis agam riamh an abairt úsáideach seo a rá: ‘Ar mhiste leat lóis ghrianghortha a chur ar mo ghuaillí?’

Cad é atá le déanamh, mar sin? Mholfainn taighde ar na socruithe atá i bhfeidhm i dtíortha eile maidir le rialú na scoileanna dianteagaisc. Má dhéantar dea-chleachtais a leagan síos maidir le hearcú múinteoirí, agus cruinneas na n-ábhar teagaisc, seans go dtiocfadh córas Dearbhú Cáilíochta a bhunú agus aitheantas a thabhairt do na scoileanna is fearr. Bhur mbarúil?

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Scoileanna an scannail – dianscagadh le déanamh ar scoileanna dianteagaisc Gaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘agus aitheantas a thabhairt do na scoileanna is fearr’

    Bheinn ag súil le ardchaighdeán Gaeilge in achan scoil Gaeltachta – rud nach bhfuil ann faoi láthair

  • sean@hotmail.com

    Ba dhíol spéise é dá dtabharfaí solaoidí dhúinn den chineál ruda céanna atá ar fáil i bhFraincís, sa Spáinnis etc féachaint an bhfuil siad chomh lochtach, liobairneach, lofa céanna.
    Mo thuairim láidir go bhfuil agus go mbíonn.
    Rás go grinneall is ea é maidir leo sin freisin, a déarfainn, a mhéid a bhaineann le cruinneas, litriú, poncaíocht, comhréir etc i gcóras oideachais na hÉireann go háirithe.
    Nó sin a deir lucht an eolais liom.
    Is mó duine ‘gairmiúil ag saothrú ghort na Gaeilge etc nach gcuireann cruinneas ná comhréir mairg dá laghad orthu, mise faoi dhuit.