Scoil nach múintear inti ach cúpla rang trí Ghaeilge á lua mar rogha gaeloideachais

Dheimhnigh Coláiste Chú Chulainn i nDún Dealgan don chlár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge d’aon dalta sa scoil seachas do dhá rang sa dara bliain

Scoil nach múintear inti ach cúpla rang trí Ghaeilge á lua mar rogha gaeloideachais

Tá iarbhunscoil Bhéarla nach múintear inti ach dhá ábhar trí Ghaeilge do dhaltaí i mbliain amháin fós á lua ag an Roinn Oideachais mar rogha do thuismitheoirí ar mian leo go gcuirfí oideachas lán-Ghaeilge ar a gcuid páistí.

Dheimhnigh Coláiste Chú Chulainn i nDún Dealgan don chlár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge d’aon dalta sa scoil seachas do dhá rang sa dara bliain.

Dhá ábhar, stair agus tíreolaíocht, atá á múineadh trí Ghaeilge do dhaltaí atá sa dara bliain sa scoil, ach seachas sin i mBéarla amháin a bhíonn teagasc na scoile.

Ach deir an Roinn Oideachais go bhfuil acmhainní breise á gcur ar fáil acu do Choláiste Chú Chulainn agus do Bhord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí chun aonad Gaeilge a chur ar fáil agus deir siad go bhfuil an scoil fós ag glacadh le daltaí ar mian leo oideachas trí Ghaeilge a fháil.

Deir an Roinn Oideachais nach rogha “shásúil” do thuismitheoirí “áirithe” a bhí san aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn. Dúradh go raibh “machnamh” á dhéanamh ag an Roinn “ar mhúnla difriúil” chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí iarbhunscoile i gcontae Lú.

Tuigtear go bhfuil an múnla nua – scoil satailíte faoi chúram iarbhunscoil lán-Ghaeilge – molta mar réiteach fadtéarmach ar an easpa soláthair oideachais trí Ghaeilge i gcontae Lú.

Dúirt an Roinn Oideachais i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tús Áite go bhfuil “plé suntasach” ar siúl acu leis an Fhoras Pátrúnachta faoi ‘campas breise’ a chur le scoil atá cheana féin faoina phátrúnacht.

Dúradh gur ar bhonn “trialach” atá an togra á fhorbairt toisc nach bhfuil “aon mheicníocht sheanbhunaithe ann don mhúnla” agus gur gá “machnamh an-chúramach” a dhéanamh faoi sula ndéanfaí “aon dul chun cinn air”.

Dúirt an Roinn go bhfuil “gach iarracht” déanta acu “chun luas a chur faoin phróiseas” ach go dteastaíonn “soiléireacht” uathu maidir le suíomh an champais sula ndéanfar aon chinneadh.

Deir an Roinn gur faoin Fhoras Pátrúnachta atá sé teacht ar fhoirgneamh oiriúnach ina bhféadfaí an scoil satailíte a bhunú.

Bhí conspóid mhór ann faoi Choláiste Chú Chulainn anuraidh agus míshástacht ann faoina laghad ábhar a bhí á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa scoil.

Shiúil daltaí Choláiste Lú, an t-aonad Gaeilge sa scoil amach as an scoil i dteannta a gcuid tuismitheoirí agus cuireadh picéad ar oifigí an bhoird oideachais.

Ag labhairt dó an tráth sin faoin aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn, dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra gur “misnomer” é aonad lán-Ghaeilge a thabhairt ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i gColáiste Lú.

Fág freagra ar 'Scoil nach múintear inti ach cúpla rang trí Ghaeilge á lua mar rogha gaeloideachais'

  • Coinsias Ó Lúghaí

    Scéal truamhéalach. Cuimhnuigí ar Pheadar Ó Dubhda as an tSráidbhaile (Dún Dealgain) ar Raidió Éireann agus clár íontach i nGaeilge Oirialla “Cogar a Leanaí” á craobhscaoileadh aige. Sin duine áitiúil a rinne an tuafás chun an teanga náisiúnta a chur chun cinn. Nárbh fhearr tús nua agus Coláiste Uí Dhubhda a bhunú ina onóir agus oideachas lánGhaelach a cur ar fáil.