‘Sop in áit na scuaibe’ iad aonaid Ghaeilge agus ‘teip’ atá i ndán dóibh

Deir Ard-Rúnaí an Foras Pátrúnachta nach ndéanfaidh moltaí na Roinne Oideachais faoi bhunú gaelcholáistí ‘pioc difir’

‘Sop in áit na scuaibe’ iad aonaid Ghaeilge agus ‘teip’ atá i ndán dóibh

Tá ráite ag Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta gur “sop in áit na scuaibe” aonaid Ghaeilge agus nach mbíonn i ndán dóibh ach  “teip”.

Dúirt Ó hEaghra gur cur chuige “iomlán faillíoch” ag an Roinn Oideachais é aonaid a bheith á gcur chun cinn acu in áit scoileanna neamhspleácha lán-Ghaeilge a bhunú.

Dúirt sé go bhfuil an fhadhb sin le feiceáil sa chonspóid faoi Choláiste Lú i gcontae Lú faoi láthair agus gur “léiriú an-mhaith” cás na scoile sin “ar na deacrachtaí a bhíonn ag aonaid”.

conspóid mhór ann faoin scoil sin faoi láthair agus míshástacht ann faoina laghad ábhar atá á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa scoil is cúis leis an aighneas. 

Shiúil daltaí Choláiste Lú amach as an scoil le déanaí i dteannta a gcuid tuismitheoirí agus cuireadh picéad ar oifigí an bhoird oideachais

“Is misnomer é Coláiste Lú agus is cur i gcéill é. Is aonad a bhí ann do mháthairscoil Bhéarla agus tá sé sin le feiceáil sa mhéid atá ag titim amach sa scoil sin faoi láthair. Tá an oiread lochtanna ar na haonaid mar gheall go mbíonn siad faoi chúram pátrún Béarla agus scoil Bhéarla,” arsa Ó hEaghra.

Dúirt sé go raibh “ceist bhunúsach” ann faoi “loighic” áiteamh na Roinne go bhfásfaidh na haonaid ina ngaelcholáistí.

“Ní tharlaíonn sin. Bíonn dúshlán mór maidir le haonaid, mar atá feicthe ag Coláiste Lú agus mar atá feicthe ag go leor aonad eile thar na blianta,” ar sé.

Dúirt Ó hEadhra gur “beag aonad sa tír atá ag feidhmiú mar ba chóir” agus gur beag acu a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid le gaelcholáiste. Dá bharr sin ní raibh éileamh i measc tuismitheoirí ar aonaid Ghaeilge, a mhaígh sé.

“B’fhearr le tuismitheoirí go mbeadh gaelcholáiste neamhspleách ann a d’fhéadfadh freastal ar dhaltaí agus ar thuismitheoirí trí Ghaeilge,” ar sé.

Dúirt Ó hEaghra nach bhfuil i ndán d’aonaid ach “teip” a fhad is atá siad faoi chúram pátrúin Bhéarla agus scoileanna Béarla.

Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta chomh maith nach ndéanfaidh plean nua atá á bheartú ag an Roinn Oideachais “pioc difir” don chóras faoina mbunófar gaelcholáistí.

Dá nglacfaí leis an phlean nua ní bheadh ag teastáil chun gaelcholáiste nua a bhunú ach 350-400 dalta. Idir 600 agus 1,000 dalta a bhíonn ag teastáil i gcás scoileanna Béarla.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie le déanaí go bhfuiltear ag “iniúchadh” faoi láthair na “deiseanna” atá ann “cur leis an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge” sna hiarbhunscoileanna nua a bhunófar sna blianta amach romhainn.

Deir Ó hEaghra, áfach, go bhfuil “go leor deacrachtaí” leis an chóras pátrúnachta a chuireann bac ar bhunú gaelcholáistí agus nach ndéanfaidh an plean atá á bheartú ag an Roinn pioc níos éasca é iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú.

Is iad na critéir is tábhachtaí a bheidh ann agus iarbhunscoil nua le bunú ná rogha na dtuismitheoirí agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil freastal á dhéanamh ar an éagsúlacht sa cheantar sin cheana, ag áireamh soláthar lán-Ghaeilge.

Tá an córas sin “míchothrom” do thuismitheoirí atá ag iarraidh oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí, dar le Ó hEaghra.

“Go dtí go n-athraíonn an Roinn na critéir agus an córas pátrúnachta, ní dhéanfaidh sé difir ar bith. Is féidir leis an Roinn a rá, go mbunóidís Gaelcholáiste agus nach dteastaíonn ach céad dalta ach go dtí go mbíonn cur chuige ceart ann chun an próiseas pátrúnachta a dhéanamh cothrom do thuismitheoirí agus do Ghaelcholáistí, ní dhéanfaidh sé pioc difir cén uimhir daltaí a bheas luaite leis,” a dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta.

Dúirt sé go raibh “lucht an Ghaeloideachais” ag tarraingt as pota ina bhfuil 23% den phobal agus tá an pátrún Béarla ag tarraingt as pota ina bhfuil 77% den phobal.

“Téann muid amach chuig na pobail sna limistéir phleanála seo agus muid ag tairiscint Gaelcholáiste dóibh. Éiríonn linn tacaíocht a fháil ó sciar den phobal sin. Ar an meán is 23% den phobal a bhíonn ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí agus tá sé sin ag teacht le figiúirí an ERSI,” ar sé.

Fág freagra ar '‘Sop in áit na scuaibe’ iad aonaid Ghaeilge agus ‘teip’ atá i ndán dóibh'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “Téann muid amach chuig na pobail sna limistéir phleanála seo…

    Shíl mé gur ceantair Gaeltachta a bhí sna limistéir phleanála seo? Ceantair Gaeltachta agus meánscoltacha/coláistí iarbhunoideachas iontu ach iad ag feidhmiú go hiomlán i mBéarla! Tá siad ar fud na tíre. Meánscoil sna Rosa agus ar An Fál Carrach i dTír Chonaill, ceann eile ar Árainn Mhór. Aonaid Ghaeilge ag ‘feidhmiú’ iontu ach gan faic plean ann leis na daltaí a chosaint ó bhrú an Béarla. Déarfainn go dtéid na múinteoirí uilig chuig an seomra múinteoirí amháin – atá suite sa taobh Béarla den scoil, agus Béarla á labhairt acu uilig.

    Ar cheart smaointiú a dhéanamh ar scoil chónaithe lán-Ghaeilge a bhunadh?…

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!