Níos lú daltaí ag teastáil le Gaelcholáistí a bhunú – plean nua á bheartú ag an Roinn Oideachais

Ba leor 350-400 dalta le Gaelcholáiste nua a bhunú má ghlactar le plean nua atá á mheas ag an Roinn Oideachais

Níos lú daltaí ag teastáil le Gaelcholáistí a bhunú – plean nua á bheartú ag an Roinn Oideachais

D’fhéadfadh go mbeadh sé níos éasca iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú amach anseo de réir plean nua atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais.

Faoin bplean nua ní bheadh ag teastáil chun gaelcholáiste nua a bhunú ach 350-400 dalta.

Idir 600 agus 1,000 dalta a bhíonn ag teastáil i gcás scoileanna Béarla.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie go bhfuiltear ag “iniúchadh” faoi láthair na “deiseanna” atá ann “cur leis an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge” sna hiarbhunscoileanna nua a bhunófar sna blianta amach romhainn.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh an tseachtain seo caite athrú mór ar an gcóras bunaithe scoileanna ó dheas, athrú a fhágfaidh gur chóir go mbeadh sé níos éasca gaelscoil a bhunú feasta.

Faoin gcur chuige nua, sa chás go mbeidh bunscoil nua le bunú i limistéar pleanála scoile nach bhfuil aon ghaelscoil cheana ann ainmneofar an scoil nua ina Gaelscoil sula gcuirfear an córas pátrúnachta i bhfeidhm.

Lena chois sin, sa chás go mbeidh roinnt bunscoileanna nua le bunú i limistéar pleanála scoile idir 2019-2022, beidh ceann amháin ar a laghad de na scoileanna sin ina Gaelscoil.

Tá sé á rá le fada ag lucht an ghaeloideachais go gcaithfear cur go mór leis an soláthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Tá níos lú ná 10,000 dalta iarbhunscoile ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.

45,278 dalta as an mbeagnach 560,000 dalta bunscoile sa Stát atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair agus 13,055 as an mbeagnach 360,000 dalta iarbhunscoile atá ag déanamh amhlaidh.

Is iad na critéir is tábhachtaí a bheidh ann agus iarbhunscoil nua le bunú ná rogha na dtuismitheoirí agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil freastal á dhéanamh ar an éagsúlacht sa cheantar cheana, ag áireamh soláthar lán-Ghaeilge.

Maidir le hAonaid lán-Ghaeilge atá bunaithe cheana féin, dúirt an Roinn go mbeifí sásta “éisteacht a thabhairt d’aon chás a dhéanfaí maidir le gaelcholáiste a dhéanamh d’aon Aonad”.

D’fhéachfaí, a dúirt urlabhraí na Roinne, ar aon chás “go mbeadh dóthain daltaí ag iarraidh freastal orthu agus dóthain daltaí ag teacht as bunscoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar go mbeadh éileamh ar ghaelcholáiste as féin”.

Fág freagra ar 'Níos lú daltaí ag teastáil le Gaelcholáistí a bhunú – plean nua á bheartú ag an Roinn Oideachais'

  • Gaeloideachas ar fáil do chách

    Ní mór do thuist óga na tíre teacht le chéile agus coistí a bhunú chun feachtas a thosú in gceantracha fhéin. Teastaíonn brú ar an Roinn Oideachas chun go ngéillfidís go mianta an cheathrú cuid de thuistí na tíre Gaeloideachas a bheith ar fáil dá bpáistí.
    Ba mhór an cúnamh dá mbeadh áit straitéiseach aitheanta ag saineolaithe nemhspleácha pleanála i ngach ceantair ina bhfuil dornán Gaelscoileanna.