Dalta as gach scór ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ar oileán na hÉireann

Tá 5% de na daltaí sna córais oideachais ó thuaidh agus ó dheas ag fáil oideachas lán-Ghaeilge de réir figiúirí nua

Dalta as gach scór ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ar oileán na hÉireann

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag na ranna oideachais ó thuaidh agus ó dheas, tá beagán os cionn 5% de dhaltaí uile na hÉireann ag fáil oideachais lán-Ghaeilge.

Bhí os cionn 1.2 milliún dalta ag fáil oideachas bunscoile nó iarbhunscoile in Éirinn in 2018 agus astu siúd, tá 63,594 acu ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge amháin.

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann, fuair 5,261 dalta oideachas lán-Ghaeilge ó thuaidh in 2018.

Ciallaíonn sé sin gur 1.7% de na daltaí uile ó thuaidh atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge.

Fuair 2.4% de dhaltaí bunscoile i dTuaisceart Éireann oideachas lán-Ghaeilge in 2017/18 ach bhí níos lú ná 1% ag freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh sa tréimhse chéanna.

4,156 dalta as an 173,930 dalta bunscoile ó thuaidh a fuair oideachas lán-Ghaeilge an bhliain sin agus 1,105 as 140,545 dalta iarbhunscoile a rinne amhlaidh.

Léiríonn na figiúirí áfach go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Ó 2016, tá 486 dalta bunscoile breise ag fáil oideachas lán-Ghaeilge, ardú 13%.

Tá an scéal amhlaidh ag an dara leibhéal, tá ardú 141 duine tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge, ardú beagnach 15% le trí bliana anuas.

San iomlán, tá ardú beagnach 90% tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas bunscoile nó iarbhunscoile lán-Ghaeilge ó thuaidh ó 2005.

De réir figiúirí 2017/18, bhí 28 bunscoil lán-Ghaeilge ag freastal ar 3,324 dalta agus bhí 832 dalta eile cláraithe in aonaid lán-Ghaeilge i seacht mbunscoil éagsúla.

Ó thaobh an oideachais iarbhunscoile, chuaigh 734 dalta chuig dhá iarbhunscoil lán-Ghaeilge agus bhí 371 dalta eile scaipthe idir trí iarbhunscoil a raibh aonaid lán-Ghaeilge ag feidhmiú iontu.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh 58,333 dalta scoile cláraithe le scoileanna lán-Ghaeilge ó dheas.

De réir na bhfigiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie is beag méadú atá tagtha ar chéatadán na ndaltaí ó dheas atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas. 

Fág freagra ar 'Dalta as gach scór ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ar oileán na hÉireann'

  • Gaeilge don Óige

    Is léir le fada go bhfuil éileamh ón phobail ar oideachas lánGhaeilge. Bheadh scéim faoi leith chun múinteoirí le Gaeilge a thraenáil curtha ar bun fadó dá mbeadh bocanna móra Fhine Gael / Fhianna Fáil agus maindairíní an Státchórais ar son na Gaeilge mar theanga beo.

    “This is the best little English-speaking country to do business in.”

  • Pól Ó Braoin

    Dá mba rud é go raibh meas ag na páirtithe polaitiúla ar an nGaeilge ina teanga bheo chaithfidís níos mó a labhairt sa Dáil agus bheadh ar na hiriseoirí éisteacht léi agus tuairiscí a scríobh ar na ráitis a chloisfidís i nGaeilge… agus faraor tá a fhios ag madaí na sráide cén seans atá air sin ann… Má ligtear leo an bladar faoin Straitéis 20 Bliain agus ar uile a choinneáil suas beidh siad in ann leanacht ar aghaidh go ceann píosa eile… agus píosa eile… agus píosa eile…

  • Cin

    Tá mo col ceathracha ag freastal ar Gaelcholáiste, agus Gaelscoileanna roimhe sin (i Luimneach), agus níl siad in ann Radio na Gaeltachta a thuiscint ná fuaimniú ceart a dhéanamh (an R Gaeilge agus lenitions, rudaí mar sin), agus chomh maith le sin níl a fhios acu go bhfuil siad á labhairt mí-cheart i n-aon chor.

    “Tá an crampa gallda ar an teanga ag mórán múinteoirí.”

    More Gaelscoils = Cart before the horse. We need more and better trained teachers first. Or at least have some sort of inspector going around teaching the teachers and students the difference in sounds between Irish and English!