Cruinniú le haighneas Choláiste Lú a réiteach i ndiaidh bagairt Ard-Cúirte

Dúirt urlabhraí ó Chomhairle na dTuistí i gColáiste Lú gur dona an mhaise é gur gá bagairt Ard-Cúirte a dhéanamh le cruinniú a fháil leis an bhord oideachais 

Cruinniú le haighneas Choláiste Lú a réiteach i ndiaidh bagairt Ard-Cúirte

Buailfidh grúpa tuismitheoirí ó Chomhairle na dTuistí i gColáiste Lú le hionadaithe ó Bhord Oiliúna agus Oideachais Lú agus na Mí (LMETB) an tseachtain seo chugainn leis an aighneas faoin oideachas trí Ghaeilge sa scoil sin a phlé.

Socraíodh an cruinniú seo tar éis don LMETB litir dlíodóra a fháil ina raibh bagairt go dtabharfadh grúpa tuismitheoirí i gColáiste Lú cás Ard-Chúirte in aghaidh an LMETB, mura mbeadh réiteach ar an tsáinn ina bhfuil daltaí an ghaeloideachais sa scoil.

Míshástacht faoina laghad ábhar atá á dteagasc trí mheán na Gaeilge sa scoil is cúis leis an aighneas.

Shiúil daltaí Choláiste Lú amach as an scoil an tseachtain seo caite i dteannta a gcuid tuismitheoirí agus cuireadh picéad ar oifigí an bhoird oideachais.

Sa bhliain 2013 a bunaíodh an t-aonad lán-Ghaeilge, ar a dtugtar Coláiste Lú, a roinneann foirgneamh agus áiseanna le Coláiste Chú Chulainn, iarbhunscoil Bhéarla a bunaíodh ar an láthair chéanna faoi phátrúnacht an LMETB in 2014.

Cé go raibh ag éirí le Coláiste Lú soláthar iomlán tumoideachais a chur ar fáil dá gcuid daltaí sna blianta tosaigh, tháinig athrú mór ar an scéal sin anuraidh nuair a cuireadh an dá scoil isteach san aon fhoirgneamh amháin.

Maíonn na tuismitheoirí nach bhfuil an t-oideachas trí Ghaeilge a bhí geallta dóibh á fháil ag a gcuid páistí agus go raibh siad fágtha “i bhfolús agus gan eolas ar bith ar fáil”, dar le urlabhraí dá gcuid.

I litir ó dhlíodóir thar ceann na dtuismitheoirí chuig an bhord oideachais, dúradh gur ábhar mór imní é do thuismitheoirí na ndaltaí gur ar mhaithe le ‘cuma na maitheasa’ a chur ar chúrsaí a bhí Coláiste Lú á chur chun cinn ag an LMETB ach gurb é fírinne an scéil  go raibh neamart á dhéanamh ag an bhord oideachais maidir le hoideachas na ndaltaí san aonad Gaeilge sin.

Dúradh gur tuigeadh go raibh cuid mhaith múinteoirí imithe ón scoil le blianta beaga anuas ach maíodh nach raibh aon iarracht cheart déanta múinteoirí le Gaeilge a earcú do na folúntais sin.


Tá cóip den litir dlíodóra, atá feicthe ag Tuairisc.ie, curtha chuig an Aire Oideachais Joe McHugh agus an tAire Leanaí Katherine Zappone.

Dúirt urlabhraí ó Chomhairle na dTuistí i gColáiste Lú, Aidan Kinsella gur dona an mhaise é gur gá bagairt Ard-Cúirte a dhéanamh le cruinniú a fháil leis an bhord oideachais.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Kinsella go raibh na tuismitheoirí tiomanta de dul chun na hArd-Chúirte mura mbeadh réiteach ar an scéal.

Idir an dá linn, dúirt an Roinn Oideachais le Tuairisc.ie nach raibh aon ról acu féin maidir le réiteach a fháil ar an chonspóid.

Dúirt an Roinn gur faoi “údaráis na scoile” atá sé “cúrsaí a bhaineann le feidhmiú an Aonaid a bhainistiú, de réir na n-acmhainní atá ar fáil dóibh”.

“Is iarbhunscoil é Coláiste Chúchulainn i nDún Dealgan atá á reáchtáil ag Bord Oiliúna agus Oideachais Lú agus na Mí (LMETB). Tá aitheantas ag Aonad {lán-Ghaeilge} sa gcoláiste ar a dtugtar Coláiste Lú. Deimhníodh é sin sular osclaíodh Coláiste Chúchulainn in 2014. Níor bronnadh stádas neamhspleách riamh ar Choláiste Lú (i.e. a uimhir rolla féin).

“Is faoi údaráis na scoile, ar an gcéad dul síos, atá sé cúrsaí a bhaineann le feidhmiú an Aonaid a bhainistiú, de réir na n-acmhainní atá ar fáil dóibh agus de réir na rialachán cuí. Tuigtear don Roinn go mbíonn an Bord Oiliúna agus Oideachais i dteagmháil go rialta leis an scoil atá i gceist agus leis na páirtithe leasmhara maidir leis na cúrsaí atá faoi chaibidil”, a deirtear i ráiteas na Roinne faoin gcás.

Fág freagra ar 'Cruinniú le haighneas Choláiste Lú a réiteach i ndiaidh bagairt Ard-Cúirte'