‘Sceitheadh eolais’ faoi chúrsaí foclóireachta le plé ag cruinniú de Bhord an Fhorais

Déanfar plé amárach ar na tuairiscí sna meáin faoi phlécháipéis foclóireachta an Fhorais agus amhras ann gur ó bhall den bhord féin a tháinig an scéal

Foras na Gaeilge

Tuigtear go bpléifear amárach ag cruinniú de Bhord Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste an chonspóid a bhain le tuairiscí sna meáin faoi phlean foclóireachta atá réitithe ag an eagraíocht trasteorann.

Déanfar plé ar an tslí ar sceitheadh an t-eolas faoin bplécháipéis foclóireachta leis na meáin agus amhras ann gur ó bhall den bhord féin a tháinig an scéal.

De réir tuairisce ar Nuacht TG4 an tseachtain seo caite, moltar sa cháipéis go lorgófaí €12.6 milliún chun a chaitheamh ar thionscadal foclóireachta thar thréimhse seacht mbliana.

Nuair a tuairiscíodh go raibh a leithéid de phlean á phlé, scríobh Jake Mac Siacais, stiúrthóir na heagraíochta Forbairt Feirste, litir oscailte chuig Bord an Fhorais ag impí orthu gan dul ar aghaidh leis an tioscadal foclóireachta ag tráth a bhfuil laghdú tagtha ar an maoiniú atá ar fáil d’eagraíochtaí pobail.

Tá ráite ag Príomhfheidmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Ailigh nach bhfuil aon nasc idir an dá scéal – an maoiniú don Scéim Pobal Gaeilge agus an plean foclóireachta.

Dúirt sé go raibh dualgas reachtúil ar Fhoras na Gaeilge maidir le forbairt na foclóireachta agus go raibh tús curtha ag an eagraíocht le plé a dhéanamh ar straitéis foclóireachta. Ní raibh aon chinneadh déanta ina taobh fós, áfach, a dúirt Mac an Ailigh, agus dá nglacfaí leis an bplean foclóireachta, chaithfí é a aontú an uair sin leis an dá Roinn a chuireann maoiniú ar fáil don bhForas. Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur togra suaitheanta atá in obair foclóireachta an Fhorais, agus gur ar an mbonn sin a lorgófaí maoiniú d’fhorbairtí eile sa réimse sin.

Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys, agus an tAire Cultúir ó thuaidh, Carál Ní Chuilín, a mbeannacht d’Fhoras na Gaeilge ag tús na míosa seo caite scéim pobail a fhógairt ar fiú €4 mhilliún í d’eagraíochtaí teanga pobail thar thréimhse ceithre bliana.

Faoin ‘Scéim Pobal Gaeilge’, dáilfear €4 mhilliún ar eagraíochtaí teanga pobail ar fud na tíre a mbeidh oifigigh forbartha lánaimseartha i bhfeighil orthu.

As seo amach, is scéim ceithre bliana a bheidh i gceist seachas scéim trí bliana mar a bhí ann roimhe seo, agus déanfar maoiniú ar suas le 26 eagraíocht.

19 eagraíocht ar fud na tíre a bhíodh ag fáil maoinithe cheana faoin scéim, ag áireamh 8 gcinn d’eagraíochtaí ó dheas agus 11 eagraíocht ó thuaidh den teorainn.

Bhí amhras faoina raibh i ndán do scéim pobail an Fhorais le tamall de bhlianta anuas agus tugadh síneadh ama do na heagraíochtaí a bhí ag baint leasa aisti fad is a bhí athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim.

Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, Cathaoirleach Fhóram na nGael i mBéal Feirste, an tseachtain seo, gur cheart “tosaíocht cheart a thabhairt d’athbheochan phobalbunaithe na Gaeilge”. Dúirt sé gur aithin an Fóram tábhacht na bhfoclóirí agus an chorpais ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de ach gurb é “scála an chaiteachais” a bhí á phlé ba mhó a bhí ag cur as do dhaoine.

Tá cosaint déanta ag roinnt daoine ar labhair Tuairisc.ie leo ar an bplean go leagfaí síos straitéis fhadtéarmach d’fhorbairt na foclóireachta.

Fág freagra ar '‘Sceitheadh eolais’ faoi chúrsaí foclóireachta le plé ag cruinniú de Bhord an Fhorais'

  • Jake MacSiacais

    Níl móran uilig le déanamh acu mar sin de. Beirígí gréim ar bhur gciall a chomhaltaí bhoird agus déanaígí an rud ceart. Tá an athbheochán pobal bhunaithe faoi lánsheol tabharaígí tacaíocht ceart dó.