Plean ag Foras na Gaeilge €12.6m a chaitheamh ar fhorbairt fhoclóirí Gaeilge agus corpas na teanga a mhéadú ó 30 milliún focal go dtí 250 milliún focal

Tuairim is €12.6m atá le caitheamh ar fhorbairt fhoclóirí Gaeilge-Béarla agus Gaeilge-Gaeilge idir na blianta 2016-23, de réir tuairisce ar Nuacht TG4 tráthnóna

25-01-2013 Repro Free Lost in translation: Ghost estates, cloud computing and retweet are amongst the new words in the new online English-Irish dictionary published by Foras na Gaeilge. Picture shows Clíodhna Ní Mhianáin (10) viewing the new online English-Irish dictionary www.focloir.ie at the launch in the National Gallery in Dublin. www.focloir.ie is the first national English-Irish dictionary since the publication of de Bhaldraithe in 1959. PIC: MAXWELLS NO FEE
Pictiúr: MAXWELLS 

Tá sé beartaithe ag Foras na Gaeilge togra mór foclóireachta a chur ar bun sa seacht mbliana amach romhainn.

Tuairim is €12.6 milliún atá le caitheamh ar fhorbairt fhoclóirí Gaeilge-Béarla agus Gaeilge-Gaeilge idir na blianta 2016-23, de réir tuairisce ar Nuacht TG4 tráthnóna.

Tuigtear gur ghlac Bord an Fhorais leis an moladh seo i bprionsabal nuair a cuireadh faoina mbráid é ag a gcruinniú le linn Oireachtas na Samhna in Óstán an Citywest.

Cruthófar breis is tríocha post nua mar thoradh ar an tionscadal nua. Bheadh sé i gceist beirt eagarthóirí foclóireachta agus oifigeach riaracháin a cheapadh. Poist bhuana a bheadh sa trí phost seo. Sa bhreis ar sin bheadh naonúr déag eile fostaithe go lánaimseartha sa togra, idir eagarthóirí ar chonradh agus aistritheoirí. Ina theannta sin, d’fhostófaí triúr déag – eagarthóirí agus aistritheoirí – ar chonarthaí páirtaimseartha. Beidh baill foirne eile de chuid an Fhorais taobh amuigh den Aonad Foclóireachta ag obair ar an tionscadal freisin. 35 post san iomlán a chruthófaí, idir cheapacháin bhuana, cheapacháin ar chonradh agus obair pháirtaimseartha.

Is í an phríomhsprioc a bheadh ag an bplean ná Corpas na Gaeilge a mhéadú ó 30 milliún focal go dtí 250 milliún focal. Bheadh 80,000 aonad céille sa bhFoclóir Gaeilge-Béarla agus an mhéid chéanna ins an bhfoclóir Gaeilge-Gaeilge.

Is é an chéad chéim eile anois ná an straitéis a chur faoi bhráid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ó dheas agus na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh a dhéanann maoiniú ar an bhForas. Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne ó dheas tráthnóna nach bhfuil aon iarratas foirmiúil déanta ar na ranna go fóill maidir le tionscadal nua foclóireachta a fhaomhadh.

Deir Joe Ó Labhraí, Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta agus Téarmaíochta leis an bhForas nach ndéanfadh an bord faomhadh ar aon togra nach mbeadh luach ar airgead le fáil uaidh.

Dúirt sé go bhfuil costas na hoibre seo ag teacht leis an gcleachtas foclóireachta idirnáisiúnta. Is faoi na ranna rialtais éagsúla a bheas sé i ndeireadh ama cinneadh a dhéanamh faoin togra, dar leis.

Ag tagairt dóibh do chostas an togra, dúirt Foras na Gaeilge tráthnóna:

“Níl aon chuid den obair a bhaineann le foclóir Gaeilge-Gaeilge is féidir a bhunú ar fhoclóir Béarla-Gaeilge. Chun foclóir ceart Gaeilge-Gaeilge a dhéanamh de réir an dea-chleachtais chomhaimseartha idirnáisiúnta, ní mór taighde corpasbhunaithe a dhéanamh chun ceannfhocail agus bríonna an Fhoclóra Gaeilge-Gaeilge a roghnú, ansin ní mór sainmhíniúcháin i nGaeilge a chur le gach ceannfhocal, brí, frása, nath cainte srl a bheadh san fhoclóir.

“Tá sé beagnach 40 bliain ó foilsíodh an Foclóir Gaeilge-Béarla deireanach, mar sin tá gá le taighde ó bhonn chun foclóir nua a thiomsú a thabharfaidh léiriú ceart ar riocht na Gaeilge sa 3ú mílaois.”

Tagann  an scéala seo sna sála ar an togra foclóireachta atá ar bun ag an bhForas cheana féin.

Meastar go mbeidh an Foclóir Nua Béarla- Gaeilge críochnaithe faoi dheireadh na bliana 2017 agus go bhfoilseofar leagan clóite de an uair sin.

Tá leagan ar líne (www.focloir.ie) agus aip ar fáil don phobal cheana féin. Cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas breis is €6 milliún don mhórfhoclóir seo a bhfuil caiteachas bliantúil de €855,000 aige.

Lena chois sin, chaith an Foras beagnach €400,000 breise ar chúrsaí foclóireachta taobh amuigh de bhuiséad an Fhoclóra Nua ar leithéidí teanglann.ie le blianta beaga anuas. Tá 1.7 billiún focal sa chorpas Béarla.

Bhí beirt bhall foirne fostaithe go buan san aonad foclóireachta ag plé leis an tionscadal seo agus ochtar eile ag obair ar chonradh seasta a mhair dhá nó trí bliana. Beirt eagarthóirí lánaimseartha seachtracha bhí fostaithe ar chonradh mar aon le 56 duine a bhí fostaithe go páirtaimseartha ar an tionscadal, idir fostaithe seachtracha agus inmheánacha.

Fág freagra ar 'Plean ag Foras na Gaeilge €12.6m a chaitheamh ar fhorbairt fhoclóirí Gaeilge agus corpas na teanga a mhéadú ó 30 milliún focal go dtí 250 milliún focal'

  • Jake MacSiacais

    Tá na daoine seo ar Fhoras Na Gaeilge a rá linn go bhfuil airgead teann agus nach féidir ach £1m a chaitheamh ar scéim pobal Ghaeilge don bhliain. Tugaimis a ndúshlán!

  • Darragh Ó Caoimh

    Ceapaim gur maith an rud é go bhfuil airgead á chur ar fáil d’fhoclóir Gaeilge-Gaeilge. Tá géarghá leis dar liom. Cén teachtaireacht a thugann sé do pháistí na Gaeltachta nuair nach féidir leo sainmhiniú focail Ghaeilge a léamh i nGaeilge? Tá fhios agam go bhfuil ceann Gaeilge-Gaeilge ann cheana, an Foclóir Beag. Ach, mar is follasach, is foclóir beag é agus teastaíonn ceann ceart cuimsitheach, gan aon agó.