‘Cothrom na Féinne’ á lorg ag grúpaí Gaeilge Bhéal Feirste

Tá eagrais phobail i mBéal Feirste ag iarraidh ar Bhord Fhoras na Gaeilge ‘athmhachnamh’ a dhéanamh ar na ciorruithe ar an Scéim Pobal Gaeilge agus ar an maoiniú atá á lorg don mhórthogra foclóireachta

Sceim Pobal Gaeilge

Tá ‘cothrom na Féinne’ á lorg ag grúpaí Gaeilge i mBéal Feirste a fhaigheann maoiniú faoin Scéim Pobal Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge. Fógraíodh ciorruithe ar an scéim a fhágann go mbainfear 20% de thuarastal an oifigigh forbartha, 90% de chostas clár agus ciorruithe eile ar chostais oifige.

Tá an t-éileamh ar ‘chothrom na Féinne’ á dhéanamh ag na grúpaí i mBéal Feirste i bhfianaise an scéil go lorgóidh an Foras £9.03m le caitheamh ar mhórthogra foclóireachta thar thréimhse seacht mbliana.

Tá na grúpaí ‘feargach agus imníoch nach bhfuil prióireacht á déanamh den athbheochan pobalbhunaithe Gaeilge’ sa cheantar. 

“Tháinig an scéal seo faoin mhórchaiteachas ar an togra foclóireachta aniar aduaidh orainn i bhfianaise ciorruithe atá beartaithe ar ghrúpaí ar an talamh. Is léir go riabh na figiúirí is na mionsonraí maidir leis an chaiteachas seo le fanacht faoi rún agus faoi cheilt ar an phobal.

“Úsáideadh an téarma ‘sceitheadh’ nuair a bhris an scéal fá chaiteachas poiblí earnáil na Gaeilge. Tá trédhearcacht, cuntasacht agus soláthar sásúil cuí ag teastáil ó phobal na Gaeilge,” a dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, Cathaoirleach Fhóram na nGael i mBéal Feirste. 

Dúirt sé gur aithin an Fóram tábhacht na bhfoclóirí agus an chorpais ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de ach gurb é ‘scála an chaiteachais nach bhfuil inchosanta’ is mó atá ag cur as do na grúpaí. 

“‘Gearrfar tuarastal na n-oifigeach forbartha áitiúil go ceithre lá sa tseachtain agus beidh roinnt mhór acu amuigh ar an tsráid mar nach bhfuil a dhóthain maoinithe ar fáil le haghaidh chun costas oifige a chlúdach. Tá baol ann go mbeidh cuid mhaith oifigigh forbartha ag lorg poist úra le tuarastal ceart lánaimseartha a shaothrú. Caillfidh an earnáil saineolas, scileanna agus gairmiúlacht nach beag a chuirfidh athbheochan na teanga siar na blianta má tharlaíonn seo,”a dúirt Mac Ionnrachtaigh. 

Tá na grúpaí buartha faoin ‘slad’ a dhéanfar ar an gclár gníomhaíochtaí agus ‘seirbhísí riachtanacha’ a chuirtear ar fáil mar gheall ar na ciorruithe ar an Scéim Pobal Gaeilge, ina measc ranganna Gaeilge, turais Ghaeltachta, cláir iarscoile, cumainn óige, campaí spóirt agus féilte samhraidh. 

Dúirt siad go bhfuil an scéim nua a moladh ‘do-oibrithe’ ar £700,000 in aghaidh na bliana agus go bhfuil ‘dlúthbhaint’ idir ciorrú an bhuiséid don Scéim agus an maoiniú atá á lorg don togra foclóireachta.

Dúirt Mac Ionnrachtaigh go bhfuil na grúpaí ag éileamh ar Bhord an Fhorais athmhachnamh a dhéanamh ar na cinntí atá molta acu agus “tosaíocht cheart a thabhairt d’athbheochan phobalbunaithe na Gaeilge”.

“Ní mór dóibh siúd le freagracht agus údaráis ar na ceisteanna seo éisteacht leis an tuairim fhorleathan i measc an phobail agus an rud ceart a dhéanamh.

“Iarraimid fosta ar na máthair-ranna thuaidh agus theas [an scéal] seo uilig a fhiosriú agus gan an Scéim Pobal Gaeilge ná an moladh faoin Fhoclóir a cheadú mar atá molta faoi láthair, go dtí go ndéanfar iniúchadh orthu ó thaobh éifeachtacht agus éifeachtúlacht an dá mholadh,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Cothrom na Féinne’ á lorg ag grúpaí Gaeilge Bhéal Feirste'