Scéim nua scoláireachtaí chuig coláistí samhraidh fógartha ag Kyne

Cuirfear 50 scoláireacht chuig coláistí samhraidh ar fáil do dhaltaí in iar-bhunscoileanna DEIS faoi scéim nua

Scéim nua scoláireachtaí chuig coláistí samhraidh fógartha ag Kyne

Tá scéim nua scoláireachtaí fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne chun cabhrú le daltaí iarbhunscoile i scoileanna DEIS freastal ar choláistí samhraidh.

Sheol an tAire Stáit Kyne an scéim nua ag Pobalscoil Móinín na gCiseach i gcathair na Gaillimhe inniu agus seo an chéad scéim dá leithéid.

Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETEB) a bheidh i mbun na scéime i gcomhar le Roinn na Gaeltachta.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana 50 scoláireacht a bheidh i gceist mar thús leis an scéim nua agus thart ar €850.00 an cheann a chuirfear ar leataobh di.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé “thar a bheith sásta” an leis an scéim nua.

“De thoradh an bhirt beidh deis ag suas le 50 scoláire nach bhfaigheadh an deis sa ghnáth-bhealach b’fhéidir le dul chuig an nGaeltacht agus freastal a dhéanamh ar choláiste Gaeilge ar feadh trí seachtaine,” arsa Seán Kyne.

Chuir David Leahy, Príomhfheidhmeannach  Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, fáilte roimh an scéim nua chomh maith.

“Tacóidh an Scéim le scoláirí iar-bhunscoile a gcuid Gaeilge a shaibhriú, maraon le tuiscint a shealbhú ar chomhthéacs agus ar shaíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta,” arsa David Leahy.

Tá an scéim nua i measc na ngeallúintí i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge.

 

Cuirtear lóistín ar fáil gach samhradh in thart ar 650 teach sa Ghaeltacht do thart ar 26,000 dalta a fhreastlaíonn ar na cúrsaí samhraidh a chuireann 49 coláiste ar fáil ar fud na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Scéim nua scoláireachtaí chuig coláistí samhraidh fógartha ag Kyne'

  • Rita

    Nach raibh scéim cosúil le seo ag an VEC cheana?