Scéim nua scoláireachtaí chuig coláistí samhraidh le seoladh

Tuigtear go ndéanfar fógra go luath faoi scéim chun cabhrú le daltaí iarbhunscoile ar scoileanna DEIS freastal ar choláistí samhraidh

Scéim nua scoláireachtaí chuig coláistí samhraidh le seoladh

Fogrófar go luath scéim nua scoláireachtaí chun cabhrú le daltaí iarbhunscoile i scoileanna DEIS freastal ar choláistí samhraidh.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur 50 scoiláireacht a bheidh i gceist mar thús leis an scéim nua agus gur thart ar €850 an cheann a chuirfear ar leataobh dó.

Tuigtear chomh maith go bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit Seán Kyne fógra a dhéanamh go luath faoin scéim, a bhfuil a leithéid geallta i bplean cúig bliana an Rialtais don Ghaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, bhí Roinn na Gaeltachta i mbun machnaimh le tamall anuas ar scoláireachtaí a thabhairt isteach do dhaltaí i scoileanna DEIS a bhíonn ag iarraidh freastal ar na coláistí samhraidh.

Dheimhnigh urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta aréir go raibh a leithéid se scéim ar na bacáin.

“Tá obair ar bun ag an Roinn faoi láthair, i gcomhar le páirtithe eile in earnáil an oideachais, ar mhaithe le scéim scoláireachtaí do dhaltaí ó scoileanna DEIS a fhorbairt. Déanfar fógra ina leith in am trátha,” arsa urlabhraí na Roinne.

Tacaíonn Roinn na Gaeltachta leis na coláistí samhraidh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, faoina n-íoctar deontas laethúil €10 in aghaidh an scoláire leis na mná tí agus na fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí Gaeltachta. Meastar gur faoin scéim chéanna a bhunófar an scéim scoláireachtaí nua.

Cuireann roinnt eagraíochtaí, ag áireamh boird Oideachais agus Oiliúna, agus cuid de na coláistí féin scoláireachtaí ar fáil chomh maith le cabhrú le tuismitheoirí a bheadh ag iarraidh go bhfreastalódh a leanaí ar chúrsa samhraidh, ach níl aon mhórscéim oifigiúil scoláireachtaí ann. Meastar go mbeidh baint ag na boird oideachais le riaradh na scéime nua.

Gealladh chomh maith sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 go gcuirfí tús le feachtas nua turasóireachta cultúrtha a bheidh dírithe ar iarscoláirí na gcoláistí  Gaeilge a mhealladh ar ais chun na Gaeltachta. Díreoidh an feachtas, a dúradh, chomh maith ar dhaoine ar mian leo freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar thuismitheoirí a thagann ar cuairt chuig na scoláirí Gaeilge.

Cuirtear lóistín ar fáil gach samhradh in thart ar 650 teach sa Ghaeltacht do thart ar 26,000 dalta a fhreastlaíonn ar na cúrsaí samhraidh a chuireann 49 coláiste ar fáil ar fud na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Scéim nua scoláireachtaí chuig coláistí samhraidh le seoladh'

  • Scáthán Caoch

    Cur amú airgid é seo toisc go bhfuil go leor coláistí samhraidh nach gcuirtear riail na Gaeilge i bhfeidhm iontu agus toisc an ganntanas mór mná tí ní dheintear cinnte de a thuilleadh gurb í an Ghaeilge teanga an tí dáiríre.