Sceilg Mhichíl le hoscailt Dé Domhnaigh

Bhíothas in amhras faoi dháta oscailte an oileáin cháiliúil mar gheall ar an damáiste a rinneadh nuair a thit carraigeacha agus ábhar eile anuas ar chosán san oileán

Sceilg Mhichíl le hoscailt Dé Domhnaigh

Tá sé deimhnithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí go n-osclófar Sceilg Mhíchíl, i nGaeltacht Chiarraí, do chuairteoirí an deireadh seachtaine seo, mar a bhí beartaithe, tar  éis d’innealtóir struchtúrtha na hOifige an áit a scrúdú.

Bhíothas in amhras faoi dháta oscailte an oileáin cháiliúil mar gheall ar an damáiste a rinneadh nuair a thit carraigeacha agus ábhar eile anuas ar chosán san oileán i gcaitheamh an gheimhridh.

Thit líon mór carraigeacha anuas ar Bhóthar an Tí Solais in áit atá cóngarach do na botháin stóras a úsáideann foireann oibre an OPW. Bhíothas buartha go raibh ábhar eile ansin a d’fhéadfadh titim anuas ar na botháin seo. Bhí foireann an OPW agus conraitheoir sábháilteachta ag obair as lámh a chéile le tamall anuas leis an gcontúirt a mheas agus an fhadhb a réiteach.

Tá sé i gceist ag an OPW an láthair a scrúdú ar bhonn leanúnach amach anseo agus dúradh go bhféadfaí an t-oileán a dhúnadh arís sa chás go dtiocfadh priacal chun cinn. Táthar ag súil go mbeifear ag cur fáilte roimh chuairteoirí chuig an oileán as seo go tús mhí Dheireadh Fómhair.

“Tá áthas orainn go raibh ar ár gcumas na hoibreacha sábháilteachta a bhí riachtanach a dhéanamh chun an fhadhb seo a réiteach. Ba dhúshlán mór é an mhaidhm charraige seo don fhoireann agus don chonraitheoir a bhí fostaithe againn.

“Rinne siad dianobair chun é a réiteach chomh maith leis an ghnáthobair scrúdaithe cothabhála roimh an séasúr, chun a chinntiú go mbeadh na láithreacha cuartaíochta réidh le haghaidh cuairteoirí,” a dúirt Grellan Rourke, Ailtire Caomhnaithe Sinsearach an OPW atá freagrach as Sceilg Mhíchíl.

De ghnáth, caitheann foireann an OPW suas le trí seachtaine chun an Sceilg a réiteach le haghaidh cuairteoirí sula n-osclaítear an suíomh i lár mhí na Bealtaine gach bliain. Deir an OPW go bhfuil an obair seo ar fad “déanta go sásúil” anois agus go bhfuil an láthair “ullamh le haghaidh cuairteoirí”. 

Idir an dá linn, tá liosta na mbádóirí ar bronnadh ceadúnas orthu chun cuairteoirí a thabhairt i dtír i Sceilg Mhíchíl fógartha ag an OPW. Tá liosta na mbádóirí aitheanta sin le fáil ón OPW anois, ach mheabhraigh an eagraíocht do chuairteoirí gur ar bhonn neamhspleách atá na comhlachtaí farantóireachta seo ag feidhmiú agus is leo sin go díreach ba cheart teagmháil a dhéanamh maidir le háirithintí.

Fág freagra ar 'Sceilg Mhichíl le hoscailt Dé Domhnaigh'