Scéal aisteach an leabhair a scríobh cainteoir dúchais as Conamara i ‘mBéarla’

Tabharfar léargas drámatúil ag Féile Ealaíon na bliana seo sa gClochán ar ‘An Haicléara Mánas’, saothar Gaeilge a bhfuil cúlra ríspéisiúil ag baint leis

Scéal aisteach an leabhair a scríobh cainteoir dúchais as Conamara i ‘mBéarla’

Tá stair sa leabhar seo. Tá Gaeilge agus Béarla agus ‘teanga’ anaithnid inti nach dtuigeann ach fíorbheagán daoine. Tugtar léargas ar Chonamara sa leabhar seo agus tugtar léargas ar athruithe sóisialta agus ar mheath na Gaeilge inti. An Haicléara Mánas an teideal atá ar an leabhar. Tabharfar léargas drámatúil ar an leabhar ag Féile Ealaíon na bliana seo sa gClochán

Fear as an gClochán i gConamara a scríobh bun-ábhar an leabhair seo, Pádraig Ó Loideáin. Ba as an bhFál Caorach é, baile fearainn ar imeall bhaile mór an Chlocháin. Rugadh é in 1832. Gaeilgeoir ó dhúchas a bhí ann agus ba í an imirce a bhí i ndán dó. Go Meiriceá a chuaigh sé am éigin thart ar na 1850idí. Tá a fhios go ndearnadh saoránach Meiriceánach dó in 1870.

Bhí Gaeilge den scoth ag Pádraig ach ní raibh sé in ann í a scríobh. Ach bhí scéal ina chuimhne, ina cheann agus ina chroí. Ní raibh an Béarla ag teacht lena chroí ná leis an scéal. Ach bhí scríobh an scéil aige i mBéarla. Agus scríobh sé leabhar Gaeilge i mBéarla! Scríobh sé an leabhar ar mhúnla foghraíochta. Mar shampla, sa gcás go raibh an focal ‘fear’ le scríobh, chuir an Loideánach síos ‘far’ ar pháipéar; má bhí an focal ‘bean’ le scríobh, chuir an Loideánach ‘ban’ nó focal Béarla éigin mar sin ar phár. Dá mbeadh a leithéid seo d’abairt ina chloigeann aige ‘Bhí deifir ar an bhfear ag dul chun sléibhe’ d’fhéadfadh sé gur mar seo a scríobhfaí é: V defer er un far egg dul un slay va”.

Sin mar a scríobhadh an scéal faoi Mhánas bocht agus imeachtaí an tsaoil i nDúiche Sheoigheach os cionn céad go leith bliain ó shin. Maidir le Mánas, is beag nach gcuirfeadh sé fánaíocht Raiftearaí, nó Roy of the Rovers nó leabhra Harry Potter i gcuimhne duit. Ní dheachaigh Mánas an-fhada ó bhaile; d’imigh sé as Dúiche Sheoigheach agus chaith ancaire in Iorras Fhlannáin, in aice leis an gClochán.

Is cosúil go mbítí ag plé leis an línéadach sa taobh sin tíre san am sin agus fuair Mánas obair ar an gceird sin. Dá bharr sin a tugadh an haicléara air sa leabhar. Bhíodh an haicléara ag deighilt an chuid ab fhearr den líon amach ón gcuid eile, agus bhí réiteach le déanamh ansin ar an ábhar a ndéanfaí éadach as. Ach de réir mar a bhíonn an scéal ag dul ar aghaidh tagann driseacha cosáin agus cora an tsaoil sa mbealach ar Mhánas bocht. Mar shampla, tá feachtas ar bun ag tráth áirithe den saol le daoine a liostáil san arm agus tá a dhóthain scéine sa bhfear óg as Dúiche Sheoigheach.

“Tá greann agus diabhlaíocht sna heachtraí freisin,” a deir Micheál Ó Gionnáin a bheidh ag léiriú an tsaothair mar chuid d’Fhéile Ealaíona an Chlocháin. Chomh maith leis sin, tá ábhar spéise ann i gcás na Gaeilge féin. Luann an Gionnánach go bhfuil focla, téarmaíocht agus cainteanna ann nach gcloistear sa nGaeilge níos mó. Agus cuimhnigh gur fear as an gClochán a bhí á scríobh san am.

Ní dóigh go gcloisfí aon bhlas faoin saothar seo i mbaile dúchais Phádraig Uí Loideáin go brách murach go bhfuarthas an bhuncháipéis lámhscríofa sna Stáit Aontaithe. Fear de mhuintir Ghallchóir ar de shliocht mhuintir Loideáin an Chlocháin é. Bhí an scríobh ag dul ó mheabhair airsean agus bhí an scríobh ag dul ó mheabhair ar feadh tamaill eile ar dhaoine sa saol acadúil nuair a chuir an Gallchórach faoina mbráid é sna 1980idí.

Ach fuarthas saineolaí a chuaigh go bun an údair; leabhar Gaeilge a bhí inti seo, a scríobhadh i mBéarla!

Ba í an saineolaí Gaeilge as Meiriceá, Nancy Stenson, a bhí ina heagarthóir ar an saothar seo agus táthar ag súil go mbeidh sise sa gClochán le haghaidh léiriú an scéil i mí Mheán Fómhair.

Cuireadh Gaeilge scríofa na linne seo ar an leabhar in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus cuireadh Béarla air freisin. Istigh idir an dá chlúdach tá trí leagan – Gaeilge, Béarla agus an bunleagan foghraíochta. Priontáladh tuairim 300 de na leabhair san am. Níor cuireadh an leabhar ar an margadh poiblí tráchtála ariamh.

‘Fiáin go maith atá an scéal scaití,” a deir Micheál Ó Gionnáin. “Tá cur síos inti ar shaol na ndaoine agus ar an gcaidreamh a bhí eatarthu. Saol crua a bhí ann agus bhí an obair a bhain leis an línéadach salach agus deacair.” B’in cuid den saol a chonaic an t-údar Pádraig Ó Loideáin agus tá an ‘haicléara Mánas’ curtha ag inseacht an scéil aige.

An stair atá sa leabhar de réir cosúlachta, mar níl sí léite ach ag beagán daoine, ná cuimhne imircigh ar an saol i gConamara thart ar lár an naoú haois déag. Ar ndóigh, mar is léir ón leabhar seo, bhí an Ghaeilge i bhfad Éireann níos fairsinge agus níos láidre sa gceantar uilig an uair sin ná atá anois. Bhí cineálacha oibre ann, ar nós obair an línéadaigh, atá imithe as faisean le fada an lá.

Is iontach an scil a bhí ag na daoine a d’aistrigh an saothar seo agus ní lú ná sin de chumas peannaireachta, ar a bhealach féin, a bhí ag Pádraig Ó Loideáin as an gClochán a chuir an scéal ar phár. Bhásaigh an Loideánach i 1927.

Tá moladh ag dul do Mhicheál Ó Gionnáin as an tsuim atá curtha aige sa leabhar, sa scéal agus sa scríbhneoir, agus is tráthúil gur sa gClochán a chuirfear an leagan labhartha/drámatúil de An Haicléara Mánas os comhair an phobail. Tá súil ag Micheál go mbeidh fáil aige ar cheathrar a bhíodh ag aisteoireacht i gcompántas Chorr na Móna ag an ócáid agus an bua ag baint leis sin go mbeidh canúint Dhúiche Sheoigheach i réim – ar nós mar a bhí ag an Haicléara Mánas.

In amharclann Theach an Stáisiúin ar an mbaile mór a bheidh an ócáid ar bun ar an 22 Meán Fómhair, le linn na féile ealaíon.

Fág freagra ar 'Scéal aisteach an leabhair a scríobh cainteoir dúchais as Conamara i ‘mBéarla’'

  • Alan Titley

    Scéal den scoth! Úrscéal ‘nár thinig’. Agus is mór an spraoi an ‘Béarla’ chomh maith, fág an eachtra dhraíochtúil as an áireamh.

  • Pól Ó Codlata

    Is dócha go bhfuil an foirm scríofa dá gcuid smaointe cosúil leis an Manannais, mar tá gaol ag an teanga labhartha sin leis an Gaeilge agus Gaeilge na hAlban, ach usáideann sé scríbhinn an-difriúil.

  • Liam Harkin

    An féidir an leabhar a cheannach áit ar bith?