Scannán ó chomhlacht léiriúcháin Gaeltachta ainmnithe ar ghearrliosta ag féile idirnáisiúnta

Tá sé i gceist ‘The Queen v Patrick O’Donnell’ a chraoladh ar TG4 níos deireanaí i mbliana nó i dtús na bliana seo chugainn

Scannán ó chomhlacht léiriúcháin Gaeltachta ainmnithe ar ghearrliosta ag féile idirnáisiúnta

Tá scannán dátheangach ainmnithe ar ghearrliosta na mbuaiteoirí ag féile scannáin idirnáisiúnta.

Tá áit bainte amach ag The Queen v Patrick O’Donnell ar ghearrliosta na mbuaiteoirí míosúla ag Féile Scannán Neamhspleách Vancouver.

Déanann an scannán cur síos ar scéal fhear Gaeltachta a ghlac páirt i gceann de na comhchealga dúnmharaithe is mó trácht i stair na hÉireann.

Crochadh Pádraig Ó Domhnaill, nó Padaí Mhicheáil Airt, ó Ghaoth Dobhair in 1883 tar éis dó brathadóir, duine de na Invincibles, a mharú.

Déanfar cur síos ar an marú agus ar thriail Uí Domhnaill san Old Bailey i Londain san fhadscannán The Queen v Patrick O’Donnell.

Is é an comhlacht léiriúcháin Gaeltachta ROSG, a rinne Murdair Mhám Trasna, a léirigh an scannán nua drámaíochta agus faisnéise. Rinne Seán Ó Cuirreáin, údar an leabhair Éagóir, taighde fairsing ar an scéal don scannán agus tá leabhar leis faoi scéal Phadaí Mhicheáil Airt le foilsiú chomh maith sa bhfómhar ag Four Courts Press.

Tá sé i gceist The Queen v Patrick O’Donnell a chraoladh ar TG4 níos deireanaí i mbliana nó i dtús na bliana seo chugainn.

Tá eolas nua sa scannán ó chomhad de chuid na Breataine a coinníodh ina rún ar feadh 100 bliain. Tabharfar tuiscint nua do dhaoine sa scannán ar shaol agus ar chinniúint Phádraig Uí Domhnaill, a mharaigh an feallmharfóir agus an brathadóir James Carey amach ó chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883.

Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde atá sa phríomhpháirt, Padaí Mhicheáil Airt, agus tá na haisteoirí Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell páirteach sa scannán freisin.

Tomás Seoighe atá ina stiúrthóir ar The Queen v Patrick O’Donnell agus is iad Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh agus Seán Ó Cuirreáin a bhí i mbun léirithe do ROSG.

Fág freagra ar 'Scannán ó chomhlacht léiriúcháin Gaeltachta ainmnithe ar ghearrliosta ag féile idirnáisiúnta'