Scannán den scoth faoi ‘bhanríon ar oighir’ na cosmhuintire dearóile gan dóchas

Is scéinséir, scigscannán faisnéise, scannán nós imeachta póilín, scannán beathaisnéise spóirt agus scannán ‘cé a rinne é?’ é in aon scannán amháin é ‘I, Tonya’

Scannán den scoth faoi ‘bhanríon ar oighir’ na cosmhuintire dearóile gan dóchas

‘I, Tonya’,

Stiúrthóir agus scríbhneoir: Craig Gillespie agus Steven Rogers

Cliar: Margot Robbie, Sebastian Stan, Allison Janney


Tuismitheoir páiste óg ag an rinc oighir: ‘Stop swearing in front of the kids!’

LaVona, máthair Tonya: ‘I didn’t swear, ye c…!’

Más bean nó fear mór leis na jócanna aon líne thú, nó más suim leat spórt d’aon saghas, nó más duine thú a thugann do chroí go fial don íochtarán, nó más duine thú a bhaineann súp as sárú rialacha an iompair shóisialta, nó sárú na ndeasghnátha scannánaíochta féin, bainfidh tú an-sásamh as I, Tonya. Scannán mór, dána, iomarcach, iontach, gáifeach, thar a bheith sásúil. Scannán mór Cineplex na bliana domsa, iomlán an leathghalúin den ghrán rósta san áireamh. 

Seo scéal faoin iartharach gáirsiúil mná, bean ghraosta na bhfags-gan-stad agus na póite díchéillí, an bhean a dtugtar ‘truflais traeilir’ uirthi i mbéarlagair maslach na Stát Aontaithe, bean a bhain amach, in ainneoin gach cor ina coinne, ardchéim i spórt na n-áilleagán fíneálta meán-ardaicmeach Mheiriceá, sé sin, an scátáil fhíorach. Seans gurb iad ‘Na Bléasair’, lucht riartha an spóirt, an dúshlán nach bhféadfadh Tonya a shárú go brách. Níl aon cheist ach gur thugadar marcanna ísle di ‘don chur i láthair’. Níor réitigh sí riamh le híomhá ‘dheas’ an spóirt.

Tonya: ‘I never apologised for growing up poor or being a redneck. But I was the first woman in America to land a three and a half Axel in competition, so f… them!’

Axel trí go leith? Sin léim a éiríonn den talamh ón bhfaobhar-amuigh ar chos amháin, agus a leaindeálann ar an oighear tar éis trí chasadh go leith san aer ar fhaobhar-amuigh na coise eile, is go ndéantar é sin go grástúil, le panache agus lúcháir spleodrach, gan titim ar do thóin. Sin Axel trí go leith, mura miste leat. Ar thalamh na cruinne riamh, ní raibh ach leathdhosaen scátairí ban ann ar éirigh leo éacht an Axel trí go leith sin a dhéanamh. Anois céard a déarfá leis sin!

Is mór an trua nach ar an éacht sin a sheasann clú Tonya Harding.

Ach nuair a rinne scuad mionchoirpeach faoi stiúir a fir chéile ionsaí fíochmhar le bata póilín ar Nancy Kerrigan, a ‘banphrionsa’ comhraic, ionsaí a d’fhág leonta san ospidéal í, bhí dán eile ar fad scríofa do Tonya Harding. Insíonn I, Tonya an scéal sin. Bhuel, léamh an-bháúil dá scéal, pé scéal é. Is maith a thuigeann iníon pháirc na dtraeilear nádúr sleamhain na fírinne. Dar léi, ina bealach tíriúil féin: ‘There’s no such thing as truth. I mean, it’s bullshit!’

Is fada ón gcacamas, áfach, scannán Craig Gillespie (stiúrthóir) agus Steven Rogers (scríbhneoir). Caitheann siad gach a bhfuil acu leis an scannán seo, I, Tonya. Is scéinséir, scigscannán faisnéise, scannán nós imeachta póilín, scannán beathaisnéise spóirt agus scannán ‘cé a rinne é?’ é in aon scannán amháin. Caitheann Gillespie agus Rogers gach cleas, gach teicníc leis freisin: amhairc chun cinn, amhairc ar gcúl, leaganacha éagsúla den eachtra chéanna, blúirí agallaimh, guthú ó na príomhcharachtair éagsúla, de réir mar is cuí, agus píosaí díreach don cheamara ag na príomhcharachtair. Bíodh gur scátaire den scoth í Margot Robbie, (fuaimnítear an ‘t’, is cosúil) tá slám den CGI (íomhánna ríomhghinte) ann, ar ndóigh, chun cuidiú léi an Axel trí go leith sin a dhéanamh.

Caitheann Craig Gillespie a bhfuil i mbosca an draíodóra scannáin le I, Tonya, agus is ceann de mhórmhíorúiltí na bliana nach chun talún a thit an rud ar fad ina charn mór brónach bualtraí. Rud é sin a tharlaíonn formhór an ama nuair a dhéantar iarracht an mhuc iomlán a róstadh. Ó loisceadar an choinneal, loisceadar an t-orlach, agus mirabile dictu, mirabile visu, thugadar sárscannán chugainn gan dua.

Is é I, Tonya an eisceacht a chruthaíonn, in ainneoin thaithí na mblianta agus na fianaise go léir ina choinne sin, go bhfuil, buíochas le Dia, Dia ann fós a thugann aire mhaith don scannánóir ionraic a théann sa seans.

Tonya: ‘America, they want someone to love – they want someone to hate.’

Ar deireadh, ba í Nancy dheas ghrástúil dhea-bhéasach Kerrigan a thuill an grá sin, ar Tonya gharbh a dumpáladh fuath an náisiúin. Ach, ba í Tonya féin, mar aon lena hamadán d’fhear céile na mí-úsáide, i dtaca le gramaisc uiríseal na gcarad gan mhaith a bhí thart air siúd, faoi ndear titim thubaisteach Tonya, ‘banríon ar oighir’ don chosmhuintir dhearóil, don daoscarshlua gan dóchas i mblianta tosaigh na nóchaidí seo a d’imigh tharainn.

LaVona Harding, máthair Tonya, an tíogarmháthair dhamanta as Hades, ba ise a d’fhuirsigh is a d’éascaigh, ón gcliabhán féin, luath-eitilt ealaíonta Tonya agus an tuairt thubaisteach dhosheachanta dheiridh. Bhí lámh láidir LaVona ar Tonya ar feadh a saoil. Bhasc agus mhaslaigh sí ar bhonn ‘prionsabail’ í. Chreid LaVona ón gcéad lá riamh gurbh amhlaidh ab fhearr a scátáil Tonya ach sceon nó fearg a bheith uirthi.

LaVona: ‘I made you a champion knowing you would hate me for it. That’s the sacrifice a mother makes.’

Dia ár sábháil!

Agus gan Tonya ach ina páiste trí bliana go leith d’aois, tar éis di í a chur in aithne do Diane Rawlinson (Julianne Nicholson), ní cheadódh LaVona di sos a ghlacadh. Bhí Tonya bhídeach chomh scanraithe sin gur scaoil sí a cuid fuail anuas ar an oighear. Bhí a céad cheacht foghlamtha aici ón ‘mháthair chrua’ –‘Life is shit. Get used to it’. Nach beag an t-iontas gur fear céile ionsaitheach, foréigneach a roghnaíonn Tonya ina dhiaidh sin.

‘It was really sweet in the beginning. He started hitting me a few months in. My Mum hit me, and she loves me. He hits me, and he loves me.’

Tugann Margot Robbie, i bpáirt Tonya Harding, taispeántas den scoth, buaic a saoil. Tugann sí léi an uaillmhian, an gháirsiúlacht, an lagmheas, an leochaileacht shoghonta, an fhulaingt, an cruas, an dubh, an bhitseacht, an ghuagacht, an chrógacht, an diongbháilteacht, an tsiabhránacht, agus, tríothu go léir, an greann a shlánaíonn í…

Tar éis don fhear céile scian a chur inti: ‘Tell me about a family that doesn’t have its ups and downs’.

Tar éis di teacht sa cheathrú háit:When you come fourth you don’t get endorsements. You get the 6 a.m. waitress shift in Spud City’.

Nuair a mhínigh a cóitseálaí go gcaithfeadh sí íomhá an ‘wholesome American family’ a chothú: It’s not going to be easy, but I can pull that out of my ass!’

Coimeád súil amach do Paul Walter Hauser (Shawn), ach tabhair ceann ar leith do Allison Janney (LaVona Harding, an mháthair chrua).

Fógraím fatwa tuata scannánaíochta. Mura dtabharfaidh Allison Janney Oscar abhaile léi ar an Domhnach don bhanaisteoir cúnta, is léir nach bhfuil ceart ná cóir sa saol seo, agus ní bheidh go deo.

Bígí ag scátáil!

  

Fág freagra ar 'Scannán den scoth faoi ‘bhanríon ar oighir’ na cosmhuintire dearóile gan dóchas'

  • Fearn

    An-léirmheas.
    Dearna leat.