Sárchoimhlint romhainn idir Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht

Anocht ar Pháirc Thuamhan cuirfidh Cúige Mumhan fáilte go Luimneach roimh na Connachtaigh

Sárchoimhlint romhainn idir Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht

Caolan Blade (Cúige Chonnacht) ag imirt in aghaidh Chúige Mumhan mí Eanáir. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an tsraith dheiridh de na cluichí idirchúige i réamhbhabhtaí Pro 14 na bliana seo linn an deireadh seachtaine seo. Tá foirne na tíre seo sa gcéad dá áit ar tháblaí Ghrúpaí A agus B agus ní dóigh go mbeidh mórán tionchair ag toradh na gcluichí seo ar chúrsaí.

Anocht ar Pháirc Thuamhan beidh Cúige Mumhan, an fhoireann atá ar bharr Ghrúpa B, ag cur fáilte go Luimneach roimh na Connachtaigh, dream atá sa dara háit ar an tábla céanna ach naoi bpointe le sruth. Tá mise ag tuar sárchoimhlint idir na foirne seo mar go mbeidh an dá fhoireann ag iarraidh a chinntiú go bhfanfaidh siad san áit ina bhfuil siad, rud a chinnteoidh áit sa chluiche ceannais do na Muimhnigh ach b’fhéidir níos tábhachtaí fós, áit i bpríomhchomórtas rugbaí Chorn na gCuradh an chéad séasúr eile don dá fhoireann. Cuimhnigh gur sa gcomórtas sin atá fáil ag clubanna ar an airgead mór.

Cé gur beag an seans atá ag na Connachtaigh áit sa gcluiche ceannais a bhaint amach anois, beidh siad ar thóir pointí de shórt éigin, pointí bónais cailliúna féin, lena chinntiú go bhfanfaidh siad chun cinn ar na Scarlets, foireann atá sa tríú háit. Tá a fhios acu go bhfuil dhá chluiche chrua fós le himirt acu: i gcoinne Dhún Éideann sa mbaile agus na Scarlets as baile.

Seans go mbeidh Cúige Mumhan sásta díreach a ndóthain a dhéanamh chun ceithre phointe a fháil don bhua, ach beidh siad thar a bheith airdeallach maidir le cuairteoirí na hoíche anocht.

Beidh na curaidh Cúige Laighean, foireann atá ar bharr Ghrúpa A ag cur chun páirce i mBéal Feirste amárach i gcoinne na nUltach, foireann atá sé phointe taobh thiar díobh ar an tábla céanna. Cuimhnigh go bhfuil áit sa gcluiche ceannais ar fáil ag pé foireann a bhíonn ar bharr an tábla nuair a bheas na trí chluiche atá fós le n-imirt sna réamhbhabhtaí thart, cluichí an deireadh seachtaine seo san áireamh.

Le áit sa gcraobh a aimsiú ní hamháin go gcaithfidh na hUltaigh an lámh in uachtar a fháil amárach agus le pointe bónais más féidir, ach caithfidh siad a chinntiú freisin go dtugann siad pointí leo ón dá chluiche atá fós le n-imirt i gcoinne na nDragons as baile agus Zebre sa mbaile. Ag an am céanna beidh siad ag súil go dteipfidh ar Chúige Laighean agus iadsan i gcoinne Zebre as baile agus na nOspreys sa mbaile. Ní dóigh liomsa go gclisfidh na Laighnigh sa dá chluiche sin, rud a chiallaíonn gurb í coimhlint na hoíche anocht an dúshlán is mó atá ag seasamh idir iad agus áit sa gcraobh. Ní iontas ar bith é go bhfuil Leo Cullen ag seoladh foireann fhíorláidir ó thuaidh don chluiche seo.

Fiú má éiríonn leis na hUltaigh dóthain pointí a aimsiú le beith cothrom leis na curaidh ag deireadh na réamhbhabhtaí, seans maith gurb iad Cúige Laighean a bheas sa gcluiche ceannais mar go bhfuil 56 níos mó pointe aimsithe acu roimh thús an chluiche.

Cé nach féidir bua sa mbaile eile a chur as an áireamh do na hUltaigh, rud a chuirfeadh go mór lena gcuid muiníne agus bróid, is deacair áit sa gcluiche ceannais a thuar dóibh ach bígí ag súil le sárchluiche.

Fág freagra ar 'Sárchoimhlint romhainn idir Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht'