Nuair a bhí mé ag scríobh roimh chluiche Chraobh na Náisiún an tseachtain seo caite, bhí áthas orm go raibh seachtain iomlán ag Andy Farrell agus ag a chuid cóitseálaithe leis na deacrachtaí a tháinig chun solais sa gcosaint agus sa síneadh amach i gcoinne na nAstrálach a shárú.
Rinne Farrell naoi n-athrú don chluiche i gcoinne na Seapáine an Satharn seo caite, é ag tabhairt seans d’ógánaigh agus d’imreoirí ar bheagán taithí idirnáisiúnta a gcás a chur, ní hamháin don chéad chomórtas Sé Náisiún eile ach do Chorn an Domhain a bheas linn ag deireadh na bliana seo chugainn chomh maith.
Níl mé cinnte arbh é an t-athrú foirne ba chúis leis ach bhí cosaint na hÉireann ar chaighdeán i bhfad níos airde i gcoinne na Seapáine ná a bhí sé an tseachtain roimhe sin agus foireann céadrogha imreoirí Farrell ar an bpáirc.
Ach má sáraíodh na deacrachtaí sa gcosaint, a mhalairt a bhí le tuairisciú maidir leis an síneadh amach, áit ar theip go hiomlán ar Éirinn. Cheil an easpa cruinnis sa síneadh amach orainn agus thug sé dóchas don fhreasúra. Is fiú a lua go raibh feabhas ar na caithimh sa síneadh amach sa gceathrú dheiridh den chluiche nuair a tháinig an t-ógánach Tom Stewart ar an bpáirc. An nod é sin do Farrell maidir le cumas Ronan Kelleher a bhí mar húicéara ó thús an chluiche?
Feicfidh muid linn.
Maidir leis an réiteach do chluiche an lae amárach i gcoinne na nAll Blacks, an tríú cluiche agus an cluiche deiridh sa gcamchuairt seo, is cinnte gur ar Paul O’Connell a bhí an brú ba mhó i rith na seachtaine. Is é Paul cóitseálaí an tsínidh amach agus is léir gur theip ar pé plean a bhí aige don choimhlint i gcoinne na Seapánach. Má chliseann ar na gnéithe sin den imirt amárach, déanfaidh na hAll Blacks slad orainn sa bpaca.
Mar sin féin, tá Éire ag taisteal go Eden Park in Auckland agus iad ar iomlán pointí (10), díreach mar atá na hAll Blacks. Ní scarann ach áit amháin na foirne seo ar thábla rugbaí an domhain, na hAll Blacks sa dara háit agus muidne sa tríú háit.
Níor bhuail muid iad ó 2022, nuair a fuair muid an ceann is fearr orthu faoi dhó sa Nua-Shéalainn. Idir an dá linn, d’imir muid iad faoi thrí, faoi dhó in Áth Cliath agus i gCorn an Domhain a bhí á imirt sa bhFrainc in 2023 agus bhí an lámh in uachtar ag na hAll Blacks sna trí chluiche.
Ní haon iontas dá bhrí sin gurb iad foireann an bhaile an mhórrogha don choimhlint seo. In ainneoin go bhfuil Farrell ag cur foireann láidir le neart taithí ag an ardleibhéal seo chun páirce, tá go leor dá chuid imreoirí céadrogha ar iarraidh uaidh de bharr gortuithe.
Ach má bhíonn an bhearna ar chlár na scór beag nó íseal sa gceathrú dheiridh, ní bheidh muid gan seans.
Ní haon iontas mar sin go mbeidh na mílte ag éirí go luath le breathnú ar an gcluiche seo a bheas ag tosú ag a hocht a chlog maidin amárach.
Fág freagra ar 'Dúshlán ollmhór roimh fhoireann Andy Farrell in Auckland'