Saothar tathagach ag RTÉ faoi bhanoidhre agus gadaí

Saol eachtrúil, neamhghnách Rose Dugdale faoi chaibidil i sraith faisnéise nua

Saothar tathagach ag RTÉ faoi bhanoidhre agus gadaí

Saothar tathagach é The Heiress and the Heist (RTÉ1, Dé Máirt), sraith faisnéise trí chlár a thabharfaidh éachtaint ar shaol eachtrúil Rose Dugdale. Bhí Dugdale sa bhuíon a dhein creach ar Theach Russborough i gContae Chill Mhantáin i 1974. Thugadar leo luach £8 milliún de phictiúir, tuairim is €130 milliún in airgead an lae inniu. Ba ruathar coráistiúil é agus ní nach ionadh chuir na meáin dúil mhíchuibheasach sa scéal. Ceann de na gnéithe is neamhghnáiche den scéal ná cúlra na mná.

Déanfaidh an tsraith seo an scéal a insint ó thús deireadh agus sa chéad ghála tugadh éachtaint shuimiúil, phointeáilte ar óige is tógaint Dugdale. Is fiú a lua go raibh Rose páirteach sa chlár faisnéise breá Rose Dugdale – Mná an IRA a deineadh do TG4 in 2012. Tugadh le fios ag deireadh chlár na seachtaine seo gur tugadh cuireadh do Rose Dugdale agus Eddie Gallagher a bheith páirteach sa saothar seo ach an t-eiteach a thugadar. Is easnamh mór é sin.

Rugadh Rose in Devon Shasana sa bhliain 1941 agus bhí na liaga liatha airgid ag a muintir. Tugadh cuntas breá ar shaol sócúil, ait na huasaicme. Teach i gceantar gustalach Chelsea acu chomh maith leis an eastát tuaithe, í á cur i láthair na banríona i 1958 agus ag tabhairt faoi Ollscoil Oxford an bhliain dár gcionn.

Ceann de théamaí an tsaothair go dtí seo ná an phearsantacht faoi leith a bhí ag Rose. Í míréireach, ceanndána agus ag iarraidh cúl a thabhairt le cine. Ghoill pribhléid a muintire uirthi agus cothaíodh inti dá réir dáimh leis an dream a bhí faoi chois.

Thosaigh an ceannairceach ag teacht chun cinn i rith na laethanta ollscoile mar a dtug sí féin agus a compánach, Jenny Chamer-Grove, ruathar faoi sheomra díospóireachta Chumann Oxford áit a raibh cosc ar mhná.

Tharraing sí aird na meán uirthi féin agus níorbh é sin an uair dheireanach aici. Tugadh cuntas chomh maith ar thuras chuig Cúba agus ag críoch an chláir bhíothas ag trácht ar a teacht go hÉirinn agus an ról lárnach a bhí aici i ruathar buamála ón aer ar stáisiún de chuid an RUC.

Bhog an clár ar aghaidh ar luas maith agus míreanna beaga anseo agus ansiúd ag tabhairt corraíl Thuaisceart Éireann chun cuimhne le comhthéacs a thabhairt do chinneadh Dugdale luí leis an IRA. Bhí meitheal bhreá de chloigne cainte páirteach sa chlár, David Davin-Power agus Diarmaid Ferriter na hÉireann ina measc. Deineadh dreas maith cainte le Anthony Amore agus Matthew Hart leabhar a bhfuil leabhair scríofa acu faoin gcúram. Thaitin sé liom chomh maith go raibh comhghleacaí scoile, Virginia Ironside ag caint mar aon le comhghleacaí ollscoile, an t-iar-aire rialtais Edwina Currie. Saothar cuimsitheach, pointeáilte ach is mór an trua nach bhfuil an ceann feadhna páirteach.

Fág freagra ar 'Saothar tathagach ag RTÉ faoi bhanoidhre agus gadaí'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Sraith leibideach lofa abea Mná an IRA a tharraing smal ar na cláracha faisnéise breá a léirigh comhlachtaí ar fuaid na tíre agus a craoladh ar TG4 i gcaitheamh na mblianta. Tugadh ball de ‘Óglaigh na hÉireann’ ar Rose Dugdale sa mhír eolais fuithí ag tús an chláir – ach ní h-ionann an tIRA agus Óglaigh na hÉireann, fórsa cosanta an Stáit, agus go deimhin, mharaigh baill an tIRA Sealadach baill d’ár nGardaí Síochána agus d’Óglaigh na hÉireann gan taise gan trócaire. Ba léir don duine dall gur cur chuige claonta a raibh sa sraith, gan aon cheistiú chruaigh ar ‘mhná an IRA’. Ba dheas liom an sraith lofa sin a ligint i ndearúd ach tá sé náireach go bhfuil leirmheastóir scannáin is teilifíse Tuairisc.ie ag athscriobh na staire lena bhreith gan bhunús gur ‘clár faisnéise breá’ atá luaite sa cholún aige.