Saothar ealaíonta samhlaíoch tuisceanach faoin gceardaí focal Paul Muldoon

Comhghuaillíocht le cairde is lucht aitheantais faoi shárfhile a bhí sa scannán faisnéise le Alan Gilsenan ‘Paul Muldoon: Laoithe ‘s Liricí’

Saothar ealaíonta samhlaíoch tuisceanach faoin gceardaí focal Paul Muldoon

‘Tógadh mé leis an tuiscint gur beag rud sa saol ar féidir brath air.

Luaineacht an tsaoil.

Neach gan chruth,

Sin a raibh i ndán don duine ar an saol.

Leathán gloine.

Amharcaim siar

Ó am go ham

Tríd an lán gloine sin

Ar an saol a d’fhéadfadh a bheith ann.

Téann sin i bhfeidhm ar an tuiscint atá agam ar an saol féin.

An t-am i láthair.‘

Ceardaí focal ar leith é an file Paul Muldoon a bhfuil cáil i gcian is i gcóngar air as feabhas a chuid filíochta.

‘Puzzlemaker’ a thug an t-amhránaí Gaeltachta Iarla Ó Lionáird air le meas.

Cé gur mar fhile is fearr aithne air, thosaigh sé ag cumadh liricí amháin agus na deich mbliana is trí scór slánaithe aige. Siad na focail thuas uaidh a chuir tús leis an gclár faisnéise Paul Muldoon: Laoithe ‘s Liricí (TG4, Dé Céadaoin).  Baineadh úsáid as liricí agus dánta dá chuid le scéal a bheatha is a dhearcadh saoil a insint ar shlí ealaíonta, neamhghnách.

Comhghuaillíocht le cairde is lucht aitheantais a bhí againn sa saothar seo a bhí tarrac ar uair an chloig go leith ar fhad agus a deineadh do TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann.

Chuir leithéidí Moya Brennan, Iarla Ó Lionáird, Laurie Anderson, Bono, Damien Rice, Stew, Liam Ó Maonlaí, Paul Simon agus Paul Brady an saothar ceoil i láthair. Fuaireas an-bhlas ar na míreanna le Moya Brennan agus Paul Simon go háirithe. Dhein daoine amhail Paul McCartney, Ruth Negga, Van Morrison, Liam Neeson agus Stephen Rea dánta an draoi a aithris. Dhein Rea an dán Anseo a aithris; saothar truacánta, brúidiúil, cumhachtach.

Ba é an focal ‘Anseo’ an chéad fhocal Gaeilge a d’fhoghlaim Muldoon; agus tá sé gafa sa teanga ó shin. Dúirt sé linn gur thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge agus é an-óg. Tá suim faoi leith aige i stair Logainmneacha; tuigeadh dó an-óg gur leagan galldaithe de ‘Eaglais’ ba ea ‘Eglish’ ar a fhód dúchais féin.

Agus é fós ina gharsún scoile foilsíodh aistriúcháin leis ar dhánta d’fhilí dheisceart Ard Mhacha. Go deimhin ba dhánta Gaeilge na chéad dánta dá chuid féin a foilsíodh. Cuireadh i gcló iad in An tUltach i 1969.

Chaith sé tréimhse buailte faoi i gCorca Dhuibhne sna seachtóidí agus dúirt sé go neamhbhalbh go bhfuil an ceantar ar cheann de na háiteanna is ansa leis ar domhan. Chuir sé eolas ar na áit ar dtús trí scríbhinní an Chriomthanaigh, an tSúilleabhánaigh agus Peig Sayers. Ina dhiaidh sin d’aistrigh sé dánta le Nuala Ní Dhomhnaill go Béarla.

Thug na saothair sinn go croineolaíoch trína shaol, óna óige in Ard Mhacha go dtí a laethanta ollscoile agus as sin go dtí Corca Dhuibhne, Sasana agus Meiriceá. Thug Muldoon féin léargas iontach dúinn ar a shaol, a shaothar agus a chruinneshamhail agus sníodh seatanna ealaíonta de Muldoon ar stáitse agus i ndúichí éagsúla le hábhar físe comhaimseartha is cartlainne agus leagan na gceoltóirí dá chuid amhrán.

Saothar ealaíonta samhlaíoch tuisceanach ag an gceardaí scannáin Alan Gilsenan faoin gceardaí focal Paul Muldoon.

Fág freagra ar 'Saothar ealaíonta samhlaíoch tuisceanach faoin gceardaí focal Paul Muldoon'