Saoi, laoch, ceoltóir, fear fuinnimh agus fear pobail ab ea Feargal Mac Amhlaoibh

D’imigh duine de shaoithe phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta uainn de gheit nuair a cailleadh Feargal Mac Amhlaoibh le déanaí agus is boichte a bheidh  paróiste Dhún Chaoin dá uireasa

Saoi, laoch, ceoltóir, fear fuinnimh agus fear pobail ab ea Feargal Mac Amhlaoibh

Le tionlacan ón bpíobaire Con Houlihan, ó Chuileann Uí Chaoimh, Contae Chorcaí,  do tugadh cónra Fheargail Mhic Amhlaoibh go maorga isteach go Teampall Dhún Chaoin agus cuireadh  ansin i gcré na cille é ar an Satharn, 30 Nollaig, a d’imigh tharainn.  In ainneoin  na duibhce, na dúluachra, na doininne agus na scrabanna báistí aniar aduaidh, do bhí slua mór dá chairde, ó mhórán ball sa tír, i láthair chun é a chur sa chré. Do thaosc meitheal fhuinniúil an ithir isteach san uaigh lena sluaiste,  de réir nóis  atá ag dul i bhfad siar, mar chomhartha ómóis eile do Fheargal Mac Amhlaoibh.

Do sheinn an píobaire cúpla tiúin eile, do chan a bheirt chlainne, Muireann agus Malachaí, an  leagan Gaelainne den amhrán, ‘Skibbereen’,  is sileadh  roinnt  deor  agus an t-amhrán sin dá rá. Tugadh fé ndeara go raibh cúpla braon den  ‘stuif ghlas’ á dháileadh ar an lucht taosctha agus gá acu leis, gan dabht.

Ina dhiaidh sin do rinne cuid mhaith den slua gach cóngar go Tigh Khruger,  chun deoch a bheith acu le chéile i gcuimhne an fhir uasail seo agus,  ní nach ionadh, do seinneadh cúpla dreas ceoil sular scaip an slua. Fágadh slán le laoch agus fear pobail mar sin. Go deimhin, déarfainn go mbeadh sé sásta leis an tslí uaibhreach inar  scaoileadh leis chun na síoraíochta.

Is dóigh liom gur am éigin i dtús na seascaidí den chéad seo caite a chonac Feargal den chéad bhabhta agus é ag tabhairt cuairt ar thigh m’uncail, Muiris Bheit Ó Lúbhaing  agus é ar a thuairisc siúd. Is amhlaidh a bhí deirfiúr Mhuiris, Máire, ina cailín aimsire ar feadh tamaill ag muintir Fheargail i nDumhach Thrá, i gcathair Átha Cliath.  Bhí Máire Ní Lúing ar na daoine a spreag  meas Fheargail ar an  nGaelainn is é ina shlataire. Rinne Feargal taifead de Mhuiris agus de  ghaolta eile de Mháire chun é a thabhairt ar ais chuici.

Dúirt Feargal féin liom gurb iad a mhúinteoirí,  agus é i gColáiste an Droichid Nua –   an tAthair  de Valkenberg agus an tAthair Ó Maonlaí, a d’adaigh an grá a bhí aige don nGaelainn agus don gcultúr Gaelach.   Thug an tAthair Ó Maonlaí daltaí ó Choláiste an Droichid Nua, agus Feargal ina measc, ó dheas leis go Brú na Gráige  chun  go raghaidís i measc mhuintir na háite agus an Ghaelainn a fhoghlaim uathu. Mar a dúirt Feargal féin ba í an treoir ba dhoichte a tugadh dóibh ná a bheith ag labhairt na Gaelainne i gcónaí.

B’eo leo i measc mhuintir na háite – ar nós theaghlaigh Sheáin ‘Tiúaí’ Ó Cíobháin agus Jimmy de hÓra.  Dar le Feargal féin do bhí tigh Sheáin Tiúaí ar nós ‘Limerick Junction’ ag an am sin mar bhíodh oiread daoine ag teacht agus ag imeacht as an láthair bhothántaíochta, chuideachtan, chomhluadair agus Gaelainne sin go raibh sé cosúil le stáisiún traenach.

I bhfad na haimsire oirníodh Feargal ina shagart den ord Doiminiceach fé dheireadh na seascaidí agus thug sé tamall ag sagartóireacht thar lear i bhFlorida na Stát Aontaithe.

D’fhill sé abhaile go hÉirinn tar éis tamaill agus thug sé tréimhsí  i Luimneach agus i mBaile Átha Cliath.

Is le linn d’Fheargal a bheith ar ais ina chathair dhúchais a tharla cor thar a bheith cinniúnach ina shaol. Mar a dúirt a  mhac, Malachaí, ag Aifreann sochraide a athar:

“Ní raibh seans ar bith ag an aon easpag greim a choimeád ar mo Dhaid tar  éis dó bualadh le mo mháthair, Áine Moynihan!

“Ní fhéadfadh údar slí níos oiriúnaí a chumadh fé mar a tháinig Mam is Daid le chéile. Bhí Mam mar aisteoir i ndráma scríte ag Pádraig Ua Maoileaoin, Ár Léithéidí, a bhí léirithe in Amharclann na Péacóige, go luath sna seachtóidí, agus d’iarr Paddy ar Dhaid ceol a sheinnt don ndráma.  Mar a dúirt Daid féin, bhí sé splanctha ina diaidh a luaithe is a leag sé súil uirthi.

“Agus leis sin thosnaigh a saol le chéile ar feadh breis agus leathchéad bliain, a thug iad ó Bhaile Ghib, go hInis Oírr, go hOileán Chléire agus ar deireadh anseo go Dún Chaoin, áit a raibh croí Dhaid riamh fréamhaithe ó thosnaigh sé ag teacht go Corca Dhuibhne.”

Fuaireamar stiall dhiamhair agus baineadh preab nach beag asainn nuair a tháinig scéala báis Fheargail Mhic Amhlaoibh aniar aduaidh orainn ar Lá An Dreoilín seo caite.  Cé ná raibh sé ar fónamh le tamall ní raibh aon choinne in aon  chor againn go bhfaigheadh sé ‘cuireadh na Nollag’.

D’imigh duine de shaoithe an phobail uainn de gheit agus is boichte a bheidh  paróiste Dhún Chaoin dá uireasa. Oibrí dícheallach dúthrachtach ba ea é ar mhaithe leis an bpobal seo agus do chuir sé comaoin mhór orainn sna cúrsaí sin agus ar mhórán pobal eile nach sinn.

Mar a dúirt sé féin ina leabhar An Lúb Ar Lár (Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999):

…is dócha… go bhfuil rud éigin ionam a bhrúnn mé ar aghaidh le bheith sáite i gcúrsaí pobail, le bheith bainteach le forbairt pobail, ag cabhrú le daoine chun iad féin a chur chun cinn, le bheith ar thaobh an mhionlaigh go minic toisc iad a bheith faoi chois ag cumhachtaí móra, ag tabhairt faoi chur i gcéill agus caimiléireacht ag daoine mór le rá.

Fiú mura mbeifeá ar aon aigne leis i gcónaí,  do bheadh meas agus urraim agat   dá thuairimí. Is do bhí tuairimí diongbháilte aige fé mhórán nithe. Is do bhíodh cuid mhaith den gceart aige go minic.

Sea, tá laoch agus saighdiúir imithe uainn, a sheas sa bhearna bhaoil nuair a bhí gá le haicsean nó le gníomh, fear diongbháilte, dílis, ionraic agus athair spreagúil dá chlann agus clann a chlainne.

Bhí ról nach beag aige i gcur chun cinn an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse agus Chomhdháil na nOileán agus ní fada ó shin ó bhí sé ag máirseáil leis an ‘Dream Dearg’ i mBaile Átha Cliath. Ball díograiseach de Chomharchumann Dhún Chaoin ba ea é go dtí lá a bháis.

Is mar cheoltóir agus mar chlóchuradóir a bhí aithne ag muintir Chorca Dhuibhne air chomh maith agus bhí sé an-oilte sna cúrsaí sin.

Bhí bua an cheoil agus na cainte go smior ann agus ba í an Ghaelainn agus an ceol a thug go Dún Chaoin an chéad lá é.  D’fhoghlaim sé  ceol  ó leithéidí  Mhuiris ‘Deálaí’ Ó Dálaigh, Seán ‘Cheaist’ Ó Catháin, Tom Pheaidí Mharas Ó Dálaigh agus Seáinín Mhicil Ó Súilleabháin – ceoltóirí de bhunadh an Bhlascaoid.   Bhí sé tofa ar fad chun  ceann d’fhoinn mhóra  na dúichí seo ‘Port na bPúcaí’  a sheinm ar a veidhlín. Ba í an veidhlín an uirlis cheoil is mó a sheinneadh  sé ach ba mhinic a d’fheictí é leis an bpíob mhór agus a fhilleadh beag uime ag ócáidí ar leith. Fear cuideachtúil, siúlach scéalach ba ea é,  a shaibhrigh aon chomhluadar nó tionól ina raibh sé páirteach.

Comhbhrón ó chroí le Áine Moynihan, a chéile ionúin; lena chlann Muireann  agus Malachaí agus lena gharchlann, Sadhbh, Líse agus Rian; lena dheirfiúracha Kathleen agus Evey agus lena dheartháireacha Michael, Philip agus Redmond agus le céilí a chlainne Billy agus Louise as bhás Fheargail MhicAmhlaoibh.

Solas síoraí na bhFlaitheas go mbí go buan ag a anam uasal. Go dtuga Dia sólás agus compord dá ghaolta agus dá chairde iomadúla atá go hochlánach ina dhiaidh.

Le linn comhrá a bhí eadrainn cúpla mí sular cailleadh é,  do chuireas in iúl d’Fheargal go raibh ana spéis agam san iomann iontach sin ‘Going Home’  (le David Downes) agus dúrt leis go raibh sé i gceist agam aistriúchán Gaelainne a chur air agus go mb’ fhéidir go scríobhfadh Feargal na nótaí ceoil chun dul leis na focail. Bheimis  ábalta ar an leagan Gaelainne a thabhairt ansin do Chór Dhún Chaoin. (Tá an ceol a bhaineann leis an iomann seo bunaithe go hiomlán ar an ‘largo’ ón New World Symphony le Dvořák ).

In ómós d’Fheargal seo cuid den aistriúchán sin:

Slán le heagla is le pian,

Is le titim fan na slí,

Ná bheith ag súil le breacadh an lae

Ní gá bheith ag rás níos mó

Réalt na maidine a’ soilsiú na slí,

Deireadh le tromluí,

Scáthanna ar fán,  breacadh an lae,

Tús ré eile is ea é.

Ní briseadh atá ann ná deireadh ré,

Ach ar marthain gan aon stró,

I  m’lán dhúiseacht, mé ag gáirí,

Ar aghaidh gan stad, ar aghaidh gan stad,

A’ dul abhaile, ag dul abhaile,

Táim a’ dul abhaile

Scáthanna  ar fán,  breacadh an lae,

Tús ré eile is ea é.

Ó táim ag scaoileadh fé.

Fág freagra ar 'Saoi, laoch, ceoltóir, fear fuinnimh agus fear pobail ab ea Feargal Mac Amhlaoibh'

  • Liam

    Beanancht Dé le anam Fheargal, deas uait a Mhílcheál.