RTÉ ‘tugtha go hiomlán’ don Ghaeilge, a deir ceannasaí an chraoltóra

Rinne Dee Forbes cosaint láidir ar chur chuige RTÉ i leith na teanga ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta atá ar siúl i dTeach Laighean tráthnóna

RTÉ ‘tugtha go hiomlán’ don Ghaeilge, a deir ceannasaí an chraoltóra

Deir Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, go bhfuil an craoltóir “iomlán tugtha don gcúram atá leagtha orthu i leith na Gaeilge” agus go bhfuil “an teanga á láidriú ag RTÉ ar fud a seirbhísí go léir”.

Rinne Forbes cosaint láidir ar chur chuige RTÉ i leith na teanga ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta atá ar siúl i dTeach Laighean tráthnóna.

Ina ráiteas tosaigh, a léadh amach i nGaeilge ar a son, dúirt ceannasaí RTÉ go raibh an craoltóir meáite ar thacaíocht a thabhairt “d’fhorbairt na Gaeilge agus ar a ndualgais seirbhíse poiblí i leith na teanga a chomhlíonadh.

Gheall RTÉ i bplean nua a chuir siad faoi bhráid an Choimisinéara Teanga anuraidh go gcraolfaidís breis is a cheithre oiread uaireanta an chloig i nGaeilge. Gealladh go gcraolfaí 530 uair an chloig ar a laghad d’ábhar Gaeilge in 2020 ar cheithre chainéal líneacha RTÉ – RTÉ 1, RTÉ 2, RTÉ Junior agus RTÉ News Now. B’ionann sin agus méadú 400 uair an chloig.

Fuarthas amach le linn imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach raibh ach 0.7% de sceideal iomlán teilifíse RTÉ in 2017 curtha ar leataobh do chláir Ghaeilge agus d’ordaigh an Coimisinéir don chraoltóir plean gnímh a ullmhú.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar RTÉ “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil” agus “cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla”.

Thug Ard-Stiúrthóir RTÉ le fios do bhaill Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil RTÉ “iomlán dáiríre” faoi na geallúintí a tugadh don Choimisinéir Teanga a chur i gcrích.

Dúirt Forbes gur 700 uair an chloig de chláracha teilifíse Gaeilge a craoladh in 2020 agus go mbainfí amach an sprioc 570 uair a bhí leagtha síos acu do 2021.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, anuraidh go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag RTÉ ach go raibh an reachtaíocht fós á sárú acu.

Dúirt Dee Forbes go raibh RTÉ i mbun deich sraith eile a léiriú gcomhar leis an BAI agus an ILBF, agus go raibh iarratas déanta acu i leith seacht gcinn eile.

Bhí sé i gceist chomh maith, a dúirt sí, go mbeadh rannóg Gaeilge RTÉ.ie “níos feiceálaí fós” agus go mbeadh “teacht níos éasca ag cách” ar an gcuid den RTÉ Player atá dírithe ar an nGaeilge.

“Anuas ar an ardú seo ar uaireanta craolta, tá RTÉ ar a dhícheall chun a chinntiú gurb í an teanga bun agus barr gach a ndéanaimid,” arsa Ard-Stiúrthóir RTÉ.

Dúirt sí go gcreideann RTÉ go bhfuil an Ghaeilge “i dteideal a bheith i lár an aonaigh” ar “na hardáin go léir” atá faoina gcúram.

“Tá an méid sin tuillte ag an lucht féachana agus éisteachta ar fad atá againn, ag na cainteoirí dúchais agus ag na foghlaimeoirí, agus acu siúd go léir a chreideann, mar a chreidimidne, gur gné shonrach í an teanga den tír agus dúinne, muintir na hÉireann.”

Fág freagra ar 'RTÉ ‘tugtha go hiomlán’ don Ghaeilge, a deir ceannasaí an chraoltóra'