Roy McMurty, crann taca an dátheangachais i gCeanada, ar shlí na fírinne

D’éirigh leis an mbreitheamh agus polaiteoir Roy McMurtry cearta teanga do lucht labhartha na Fraincise a chur i bhfeidhm go buan

Roy McMurty, crann taca an dátheangachais i gCeanada, ar shlí na fírinne

Tá Roy McMurty, duine de na breithiúna agus polaiteoirí is mó a luaitear le cur chun cinn an dátheangachais i gcórais dlí Cheanada, tar éis bháis. Toghadh chun Tionól Reachtach Ontario é sa bhliain 1975 agus ceapadh ina Ard-Aighne é an bhliain chéanna. Agus é ina Ard-Aighne in Ontario thug sé isteach riar maith billí leasaithe dlí agus ba é a bhí taobh thiar den athchóiriú mór a rinneadh ar dhlí an teaghlaigh in Ontario.

Sa bhliain 1978 chuir sé tús leis an obair le córas dlí Ontario a dhéanamh dátheangach agus thosaigh sé an próiseas trí reachta Ontario a aistriú go Fraincis. Rinne sé an cinneadh sin i ngan a fhios do phríomh-aire Ontario na linne, Bill Davis, agus d’fhógair sé go poiblí go mbeadh cúirteanna Ontario dátheangach. Tharraing an gníomh sin conspóid taobh istigh dá pháirtí féin, Na Coimeádaigh Fhorásacha, agus dúirt McMurtry in agallamh teilifíse os cionn tríocha bliain ina dhiaidh gur chuir an gnó sin brú ar an gcairdeas a bhí idir é féin agus Davis.

“Ní go rómhaith a glacadh leis sin i mo pháirtí. Sin an áit ar thástáil mé an cairdeas idir an príomh-aire agus mé féin.

“Thuig mé go maith nach raibh seans faoin spéir go gceadódh Bord an Rialtais a leithéid. Ní mó ná sásta a bhí Davis. Ach bhí a fhios agam gur duine maith a bhí ann, agus go raibh a fhios aige féin gurbh é ba cheart a dhéanamh, bíodh is go raibh sé róluath, agus mar sin rinneamar é,” a dúirt sé san agallamh le TVO.

Tugadh na hathruithe seo isteach tráth a raibh borradh faoi ghluaiseacht neamhspleáchais Québec, cúige a bhfuil teorainn aige le Ontario. Ní raibh fonn dá laghad ar pholaiteoirí móra na gCoimeádach Forásach tacú le cearta Fraincise ina gcúige féin agus an chuma ar an scéal go scarfaí Québec na Fraincise ón gcuid eile de Cheanada. D’éirigh le McMurtry na polasaithe a chur i bhfeidhm agus tá siad fós i bhfeidhm sa lá atá inniu ann.

Tharraing sé conspóid arís fiche bliain ina dhiaidh sin agus é in a Phríomh-Bhreitheamh i gCúirt Achomhairc Ontario. Sa bhliain 2003, rinne sé cinneadh sa chúirt a chuir iachall ar rialtas an chúige ceadúnais phósta a eisiúint do lánúineacha aeracha, rud a thug isteach an pósadh aerach in Ontario.

Bhásaigh Roy McMurtry Dé Luain an 18 Márta agus é 91 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Roy McMurty, crann taca an dátheangachais i gCeanada, ar shlí na fírinne'