Rithimí an tsaoil i dtiúin le caid, le cumainn agus le cloig

Ní féidir linn ár súile a choimeád ón tsraith go fóill mar níl deireadh déanta ná ráite

Rithimí an tsaoil i dtiúin le caid, le cumainn agus le cloig

Tá tús á chur an deireadh seachtaine seo le sraith an chontae anseo i gCiarraí. Sraith aon cheann déag de chluichí as seo go hOíche Shin Seáin i ndeireadh an Mheithimh, anuas ar an gcúig cinn de chluichí sraithe atá imeartha cheana i gCiarraí Thiar againn. Agus gan an chaid cheart ag tosnú go dtí go leagfar Ciarraí as an áireamh do Chorn Sam Mhic Uidhir nó go mbeidh Sam beirtha leo abhaile i mí Iúil.

Tugann tús na sraithe contae agus an t-athrú ama an tseachtain seo chughainn éachtaint dúinn ar bhuillí agus ar rithimí an tsaoil atá i dtiúin le caid, le cumann agus le cloig.

Má stadann an síordhoineann, n’fheadar aoinne ach go mb’fhéidir go gcruafadh an fód in am do thús na craoibhe agus thaibhseofaí i gceart dúinn go raibh an samhradh chughainn.

Tá an tsraith náisiúnta le cur dúinn i gcónaí, áfach, agus beidh san déanta ag 75% des na foirne fé thráthnóna amáireach. Don 25% eile beidh cluichí ceannais le n-imirt (nó le cur díobh, ag braith ar do léamh ar an gcúram) agus b’fhéidir blúire beag stáin chomh maith.

Tá sé ráite cheana agam gur ait liom i gcónaí an seana-bhlas a bhíonn ag contaetha áirithe ar an mblúire stáin chéanna ach ní raghad i bhfad scéil inniu leis sin. Níl ach dhá chorn náisiúnta le buachtaint sa chraobh, Corn Tailteann agus Corn Sam Mac Uidhir. Tá an tsraith níos daonlathaí agus ceithre cinn de choirn le buachtaint. Agus fiú muna bhfuil an blas céanna orthu, tugann na coirn léargas níos grinne dúinn ar do sheasamh mar chontae.

Léiríonn an comhréir idir shraith agus craobh é féin go paiteanta i Roinn 1 agus gan ach babhta amháin fágtha le n-imirt. Tá na trí chontae atá áirithe ag na húdair chun an chraobh a bhreith leo i mbliana i mbarra –  Doire, Áth Cliath agus Ciarraí. B’iad foirne Chúige Chonnacht, Maigh Eo, Gaillimh agus Ros Comáin, na trí chontae a bhí sna háiteanna seo an dtaca seo anuraidh agus ní dóigh liom gur chreid aoinne go mbeadh sé i ndán d’aon cheann den dtrí chontae sin craobh na hÉireann a bhuachtaint. An bhliain seo caite, tháinig dhá cheann den cheithre fhoireann deireanach a bhí ag seasamh sa chraobh aníos as Roinn 2 agus bhí an dá cheann eile, Ciarraí agus Muineachán, sásta a ngreim a choimeád ar Roinn 1.

Is í seo an chéad bhliain le ceithre bliana dhéag go raibh trí churadh cúige in uachtar sraithe ag déanamh ar an mbabhta deireanach. Pé seana bhlas, pé neamhshuim, pé patuaire, mar dhea, atá ag na contaetha móra i leith na sraithe, táid i gceann a’ tslua san earrach nach mór dá n-ainneoin féin. Tá na haon chosúlacht ar an scéal gurb iad Doire agus Áth Cliath a bheidh sa chluiche ceannais le hathrú an chloig Dé Domhnaigh seo chughainn agus is dócha, leis, go gcoimeádfaidh an Ghaillimh a ngreim i Roinn 1, fiú má bhíonn sé dian orthu aon ní cóir a bhaint amach i Staid an Ghearaltaigh an deire seachtaine seo.

Beidh dráma againn má éiríonn le Ros Comáin i bPáirc na gCeilteach amáireach agus má chailleann an Ghaillimh i gCill Airne. Tá Ciarraí ag tabhairt na haon tseans don nGaillimh leis an bhfoireann atá roghnaithe acu ach tá oiread in easnamh ón nGaillimh gur ar éigean a dhéanfaidh san aon difríocht.

Ceann de shuáilcí na sraithe sa chás san ná do chluais a bheith leis na nóimeataí deireanacha agat agus tú ag faire ar ghuagacht na ndifríochtaí scórála. Sa chás seo, tá -13 ag an nGaillimh agus -10 ag Ros Comáin agus d’fhéadfadh na haon léim a bheith againn ó bhruacha Locha Léin go bruacha Loch Feabhail idir 3:15pm agus 3:20pm amáireach.

Tar éis ghaisce Átha Cliath agus Dhoire anuraidh, an gcuirfeá Dún na nGall nó Ard Mhacha as an an áireamh do ghaisce craoibhe sa tsamhradh? Ba dhána an mhaise dhuit a leithéid a dhéanamh. Beidh an dá chontae ag filleadh le fonn ar Roinn 1 in Eanáir 2025 ach níosa thábhachtaí ná san, b’fhéidir, beidh spreang breise iontu agus iad ag tabhairt fé chraobh Uladh an mhí seo chughainn. Má bheireann siad ar aon leoithne ag gabháil tríd an bhfeachtas sin ó thuaidh, beidh gaoth cheart sna seolta acu ag scaoileadh fé anuas go Páirc a’ Chrócaigh sa Mheitheamh.

Ar an dtaobh eile, in íochtar Roinn 2 an deireadh seachtaine seo, níl ach aon cheist amháin le freagairt – an iad an Lú nó Fear Manach a thitfidh go Roinn 3? Tá Cill Dara dulta go grinneall cheana féin ach ní fhágann a n-ísliú céime gan léas dóchais ar fad iad.

Cuimhnigh gurb iad an Lú an t-aon fhoireann os a gcionn in airde sa tsraith a thiocfaidh idir iad agus áit i gcluiche ceannais Chúige Laighean níos déanaí. Má éiríonn leo cúrsa a leagadh amach dóibh féin go dtí’n gcluiche ceannais cúige, b’fhéidir gur stánáil a bheadh i ndán dóibh in aghaidh Átha Cliath ach bheadh a slánú ó Chorn Tailteann, leis, i gceist. Agus ní beag san mar dhuais.

Ba bhreá lena gcroíthe marc nó smál nó rian ransaithe éigin a fhágaint ar mheon is ar mheanma mhuintir Lú sa tsraith ionas go bhféadfaidís iad a cheansú níos déanaí sa chraobh. Sin é an taobh go bhfuil na ceamaraí i bPáirc an Chuileannaigh tráthnóna agus sin é an taobh nach féidir linn ár súile a choimeád ón tsraith go fóill. Níl deireadh déanta ná ráite.

Fág freagra ar 'Rithimí an tsaoil i dtiúin le caid, le cumainn agus le cloig'