Dé Céadaoin, 17 Lúnasa
11:30 – Leona Maguire – Babhta 1
12:52 – Stephanie Meadow – Babhta 1
14:55 – Ciara Evard – 800m (Babhta Cáilithe)
Iomaitheoir an Lae – Leona Maguire – Galf
Tá daoine sa tír seo ag fanacht le tamall ar an gcúpla Leona agus Lisa Maguire a lorg a fhágáil ar shaol an ghailf. Tá an méid sin á dhéanamh ag Leona ar a laghad agus í measta ar an ngalfaire amaitéarach is fearr ar domhan faoi láthair. Bhí bliain den scoth aici go dtí seo agus í ag imirt dá coláiste i Meiriceá agus ba í an t-amaitéarach ab fhearr ag an Open cúpla seachtain ó shin.
In ainneoin an ratha sin, beidh sé deacair ag bean an Chabháin agus í i gcoinne na n-imreoirí gairmiúla is fearr ar domhan i Rio. Murab ionann is na fir, thapaigh na himreoirí is mó i gcluiche na mban an deis imirt i Rio.
Agus í ag imirt taobh le Miriam Nagl ón mBrasaíl (agus Kelly Tan ón Mhalaeisia) an chéad dhá lá, ba cheart go mbeadh slua maith ag leanúint Maguire. Beidh sí ag súil go dtabharfaidh an tacaíocht sin spreagadh breise di ag tús an chomórtais.
Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'