Réiteach Ísiltíreach ar fhadhb Ísiltíreach – Wilders i gceannas gan é a bheith i gceannas go hoifigiúil

Tá an chuma ar an scéal gur rialtas seachpharlaiminte a mbeadh an polaiteoir conspóideach Geert Wilders i gceannas air, ach gan é a bheith i gceannas air go hoifigiúil, a bhunófar san Ísiltír

Réiteach Ísiltíreach ar fhadhb Ísiltíreach – Wilders i gceannas gan é a bheith i gceannas go hoifigiúil

Geert Wilders

Agus ceithre mhí caite ó bhí bua ollmhór agus gan choinne in olltoghchán san Ísiltír ag an bpolaiteoir conspóideach agus frith-Ioslamach Geert Wilders, ní fios go fóill cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mark Rutte, atá ina phríomh-aire ar an tír ó bhí 2010 ann agus atá ag dul as oifig.

Ach tá rud amháin cinnte: d’ainneoin gur ag páirtí Geert Wilders, an PVV, a bhí an sciar is mó de na vótaí, ní bheidh Wilders féin ina phríomh-aire.

An tseachtain seo caite, d’aontaigh na ceithre pháirtí atá páirteach i gcainteanna comhrialtais le ceithre mhí anuas nach mbeidh aon duine dá gceannairí féin i gceannas ar an tír.

Bealach atá sa chomhréiteach sin le cinntiú nach mbeidh Geert Wilders, fear atá chomh conspóideach sin go ndéanfadh sé díobháil d’íomhá idirnáisiúnta na hÍsiltíre é a bheith i gceannas ar an tír, ina phríomh-aire.

Murach an comhréiteach sin, bheadh ceann de na páirtithe atá páirteach sna cainteanna comhrialtais, an NSC, páirtí nua de chuid an láir a bhfuil 20 suíochán parlaiminte acu is nach bhféadfaí comhrialtas de chuid na heite deise a bhunú dá n-uireasa, bheadh an páirtí sin tar éis éirí as na cainteanna.

Fágann sé sin nach mbeidh an polaiteoir iomráiteach agus deirimis ‘tíriúil’ Caroline van der Plas, arb as Éirinn dá máthair, agus atá i gceannas ar Ghluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach (BBB), ina príomh-aire ach oiread. In ainneoin an tóir a bhí ag an bpobal ar Van der Plas sna míonna roimh an olltoghchán, sa deireadh níor éirigh lena páirtí ach 7 suíochán a bhaint amach – ach mar sin féin, rogha do phost an phríomh-aire a bheadh inti a shásódh cuid mhór vótóirí ar an eite dheis.

Nua-liobrálaigh an VVD, páirtí Mark Rutte atá ag dul as oifig agus a chaill cuid mhór suíochán san olltoghchán, an ceathrú páirtí atá ag glacadh páirt sna cainteanna comhrialtais.

Ach mura mbeidh aon duine de cheannairí na gceithre pháirtí atá i mbun cainteanna faoi láthair i gceannas ar chomhrialtas, cé a bheidh?

Is baolach go bhfuil gá le sleaschéim sular féidir an cheist sin a fhreagairt ar chor ar bith.

Ar chuala tú trácht ar ‘rialtas seach-pharlaiminteach’ riamh?

Níor chuala mórchuid mhuintir na hÍsiltíre faoina leithéid riamh ach oiread, ach fuair siad amach le ceithre mhí anuas gur rogha rialtais atá sa rialtas seach-pharlaiminteach a cheadaíonn a mbunreacht.

Is éard atá i gceist ná rialtas ‘gnó’ nach mbeadh clár rialtais aige ach a mbeadh sé mar aidhm aige ‘rudaí a fháil déanta’ i gcur chuige ‘cás ar chás’.

Ní gá gur polaiteoirí a bheadh ina n-airí ach oiread. D’fhéadfaí daoine ón taobh amuigh a mbeadh saineolas ar leith acu i réimse áirithe a cheapadh ina n-airí – rud a d’fhágfadh go bhféadfadh sé go mbeadh daoine nár ghlac páirt san olltoghchán in aon chor i gceannas ar an tír amach anseo.

Cé go mbeadh rialtas seach-pharlaiminteach ag brath ar mhóramh parlaiminte do gach cinneadh a thógfaí, díreach mar a bheadh gnáthrialtas, tá ceisteanna á gcur sna meáin faoina dhaonlathaí agus a bheadh rialtas seach-pharlaiminte.

Dealraíonn sé, áfach, gur ‘réiteach Ísiltíreach ar fhadhb Ísiltíreach’ a bheidh sa chur chuige sin: rialtas a mbeadh Geert Wilders i gceannas air gan é a bheith i gceannas go hoifigiúil. Is dóichí ná a mhalairt gur puipéad de chuid Wilders a cheapfaí ina phríomh-aire, ceannaire, mar dhea, a mbeadh glacadh leis go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Is í an cheist mhór ná cé chomh fada agus a mhairfeadh a leithéid de rialtas agus go deimhin is é Geert Wilders féin is mó a bhainfeadh tairbhe as dá dtitfeadh an tóin as a leithéid go luath.

Is é is mó atá chun cinn sna pobalbhreitheanna faoi láthair, agus dá reáchtálfaí olltoghchán nua, is dóichí ná a mhalairt go mbeadh bua níos mó fós ná mar a bhí thiar i mí na Samhna ag a pháirtí.

Fág freagra ar 'Réiteach Ísiltíreach ar fhadhb Ísiltíreach – Wilders i gceannas gan é a bheith i gceannas go hoifigiúil'

  • Billy an Ghoirt

    Caighdeán taifeadta iontach. Súil agam go mbeidh síad ar gach alt tuairimíochta agus anailíse ar ball.
    Deas a bheith ag éisteacht leo mar saghas podchraoladh.

  • Kevin Hickey

    Smaoineamh iontach taifead fuaime a chur ar fáil leis an alt – treise libh.