Reifreann faoi ‘Éire Aontaithe’? Tá athrú sa scéal de bharr an Bhreatimeachta…

Mhúscail caint faoi reifreann maidir leis an teorainn imní i measc aontachtaithe. B’fhéidir go spreagfaidh sé cuid acu chun machnaimh chomh maith…

Reifreann faoi ‘Éire Aontaithe’? Tá athrú sa scéal de bharr an Bhreatimeachta…

Theresa May, Príomh-Aire na Breataine, agus Jacob Rees Mogg

Thug Príomh-Aire na Breataine foláireamh gurbh fhéidir go mbrisfí as a chéile an Ríocht Aontaithe dá mbeadh reifreann faoin teorainn anseo más fíor na tuairiscí. Dúirt Theresa May leis an gcúlbhinseoir Coimeádach Jacob Rees Mogg nach raibh sí toilteanach a dhul sa tseans.

Mhaígh seisean i gcomhrá teasaí faoin mBreatimeacht go vótálfadh an pobal ar son fanacht sa Ríocht Aontaithe, mar a tharla in Albain. “Ní bheinnse chomh muiníneach leat,” an freagra a thug an Príomh-Aire air, dar le Times Londan. Níor shéan Uimhir 10 gurbh fhíor don tuairisc.

Gan dabht is ag iarraidh díograiseoir ar son an Bhreatimeachta chrua a cheansú a bhí Theresa May ach d’ardaigh sí ceist bhunúsach faoi Thuaisceart Éireann. D’ainneoin go bhfuilimid ag druidim le cothromaíocht sa daonra idir Protastúnaigh agus Caitlicigh, ceapadh go dtógfadh sé blianta fada sula mbeadh móramh de phobal an tuaiscirt toilteanach vótáil i bhfabhar Éire aontaithe. Chuir an Breatimeacht cor eile ar fad sa scéal agus ba léir gur chúis bhuartha é sin don Phríomh-Aire May.

Thapaigh Sinn Féin an deis chun reifreann a éileamh. Mhaígh an páirtí gur léir gur mheas Theresa May go mbeadh móramh ag tacú leis an reifreann agus ag iarraidh an Ríocht Aontaithe a fhágáil. Shásódh sé sin an coinníoll a leagadh síos i gComhaontú Aoine an Chéasta go ngairfí reifreann dá gcinnfeadh an Státrúnaí go mbeadh móramh i bhfabhar Éire aontaithe.

Mhaígh Karen Bradley, an Státrúnaí a thug cuairt annamh ar Thuaisceart Éireann Déardaoin nach raibh fianaise ar bith go raibh a leithéid de mhóramh ann go fóill. Ina theannta sin, rinne feidhmeannaigh a bheagán de chaint an Phríomh-Aire. Dúirt na páirtithe aontachtacha nach raibh ann ach ceist theoiriciúil. “Cuir i gcás is ea é” dar le Arlene Foster, ceannaire an DUP, ach dá mbeadh reifreann ann bheadh an bua ag aontachtaithe, ar sí.

Go praiticiúil, níl a fhios ag éinne céard a tharlódh. De réir pobalbhreith amháin bheadh móramh an-bheag i bhfabhar Éire aontaithe i ngeall ar an mBreatimeacht. Sin méadú suntasach ar an 30-35% a bhíodh san aicme sin. Níl figiúr beacht ar bith eile againn mar níl aon suirbhé eile déanta. Tá sé doshéanta áfach go bhfuil méadú tagtha ar an líon daoine measartha atá ag cur suime in Éire aontaithe mar go gcoinneodh sé sin san Aontas Eorpach iad. Sin iad na daoine a chothaigh amhras Theresa May faoi thoradh an reifrinn, na daoine nár mhaith léi olc a chur orthu. 

Maíonn Sinn Féin gur cheart do rialtas na Breataine a rá go bhfuil an tairseach don reifreann sroichte. Díol suntais é áfach gur cosúil gur dáta ‘amach anseo’ atá uathu don vótáil. Dúirt cathaoirleach an pháirtí, Declan Kearney in agallamh raidió gur theastaigh uaidh go bhfógrófaí an reifreann ba chuma an faoi cheann bliana cúig nó seacht mbliana a tharlódh sé. Thabharfadh sé sin deis, ar sé, chun obair ullmhúcháin a dhéanamh; aontachtaithe a mhealladh, plean a dhéanamh don sórt tíre a bheadh i gceist agus a chinntiú go mbeadh cosaint do chearta gach éinne sa tír sin.

Sa mhullach ar an éiginnteacht agus imní faoin teorainn atá cothaithe ag an mBreatimeacht, is cinnte go leanfadh guagacht as cuimse plean Kearney. Léiríonn staidreamh go mbeidh móramh Caitliceach – náisiúnach, b’fhéidir – abhus faoi 2022. Tá Caitlicigh óga i bhfad níos líonmhaire ná Protastúnaigh óga. Ar ndóigh ní chaithfeadh gach Caitliceach vóta ar son Éire aontaithe ná gach Protastúnach vóta ar son fanacht sa Ríocht Aontaithe.

Maíonn na páirtithe aontachtacha go mbeadh sciar mór den phobal náisiúnach ag iarraidh fanacht sa Riocht Aontaithe, ach níl aon chosúlacht ar an scéal go dtuigeann an DUP gur ghá dóibh náisiúnaithe a mhealladh. Ní thabharfaidh maslaí ar nós ‘crogall’,’rógairí’ nó ‘fealltóirí’ le tuiscint do dhaoine go mbeadh áit chluthair acu i measc aontachtaithe. Ní hiad lucht tacaíochta Shinn Féin amháin atá á rá nach gcuirfidh siad suas feasta le sotal ná ‘uasal le híseal’.

Níl mórán anailíse ná plé déanta i measc poblachtánaithe agus náisiúnaithe faoin saghas tíre a bheadh á thairiscint acu in Éire aontaithe. Ní léir ach oiread go bhfuil machnamh déanta ó thuaidh faoi conas a dhul i bhfeidhm ar vótóirí sa Phoblacht chun tacú leo mar is reifrinn ar dhá thaobh na teorann atá beartaithe sa Chomhaontú. Gan dabht tá móramh ó dheas gur mór acu an aisling, ach an féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidís ag iarraidh oileán aontaithe agus na dúshláin nua a thiocfadh leis?

Cibé machnamh atá déanta ag náisiúnaithe níl faic déanta ag aontachtaithe. Séanadh an gnáthfhreagra acu. Ní tharlóidh sé, a deir siad. Nuair a chuaigh sé crua ar Arlene Foster, dúirt sí le Paddy Kielty ar chlár teilifíse go gcaithfeadh sí imeacht dá n-athaontófaí Éire. Is beag atá cloiste ó aontachtaithe cathartha nó neamhpháirtí. Ní heol dúinn an raibh amhras Theresa May faoin toradh a bheadh ar reifreann bunaithe ar fhaisnéis nár nochtadh go poiblí nó ar bhata a bhí ann chun Rees Mogg a bhualadh, ach cibé ní foláir nó gur mhúscail sé imní i measc aontachtaithe. B’fhéidir go spreagfaidh sé cuid acu chun machnaimh.

Fág freagra ar 'Reifreann faoi ‘Éire Aontaithe’? Tá athrú sa scéal de bharr an Bhreatimeachta…'

  • MacAnRí

    Spéisiúil gan dabht…d’athraigh achan rud ina dhiaidh refreann ar son an mBreatimeacht agus rinne an DUP botún millteanach agus iad i bhfabhar Brexit !!! Beidh Arlene agus Sammy craiceáilte amach as amach dá dtarlódh an mBreatimeacht cruaidh !!

  • An Teanga Bheo

    Ríocht amhain tír amhain……… agus curamí baile ar an mBreatain ……….”..take back control “a deir siad leis an AE,