Reachtaíocht teanga, athoscailt na gcoláistí samhraidh agus feachtas náisiúnta Gaeilge ar chlár Chambers do 2022

Tá ceist thoghchán Údarás na Gaeltachta, agus na fadhbanna le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht ar chlár Aire Stáit na Gaeltachta i mbliana chomh maith

Reachtaíocht teanga, athoscailt na gcoláistí samhraidh agus feachtas náisiúnta Gaeilge ar chlár Chambers do 2022

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Feidhm a thabhairt don acht teanga leasaithe, athbhreithniú ar chás thoghchán Údarás na Gaeltachta, cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus athoscailt na gcoláistí samhraidh. 

Sin cuid de na tosaíochtaí is mó atá ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers don bhliain atá romhainn. 

Dheimhnigh an tAire Stáit do Tuairisc.ie chomh maith go raibh feachtas náisiúnta “chun daoine a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid” le bunú i mbliana. 

Tá an feachtas náisiúnta sna meáin le seoladh chun daoine a spreagadh an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta. 

Thug an tAire Stáit le fios do Tuairisc.ie go bhfuil súil aige tús a chur le feidhmiú na reachtaíochta teanga nua sna míonna amach romhainn. 

An chéad rud a thabharfaidh sé faoi ná bunú an Choiste Chomhairligh atá le plean earcaíochta náisiúnta a réiteach ar mhaithe le príomhsprioc na reachtaíochta a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí líofa a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.  

Tá sé i gceist aige chomh maith na dréachtChaighdeáin Teanga a fhoilsiú.  

Faoi chóras nua na gcaighdeán leagfar síos dualgais chomónta maidir le seirbhísí Gaeilge do chineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. Mar shampla, bheadh dualgas níos mó ar an nGarda Síochána agus na Coimisinéirí Ioncaim ná mar a bheadh ar Oifig an Ard-Aighne nó Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, ar beag an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. 

Tá athoscailt na gcoláistí samhraidh ar liosta tosaíochtaí an Aire Stáit chomh maith agus iad dúnta le dhá shamhradh anuas de dheasca na paindéime. Dúirt Chambers go raibh fonn air freisin tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do dhaltaí ó scoileanna DEIS freastal ar na coláistí samhraidh i mbliana. 

Maidir le cúrsaí pleanála, dúirt sé go mbeadh sé ag “oibriú” leis an Aire Tithíochta “ar mhaithe le fadhbanna pleanála na Gaeltachta a réiteach”. 

Dúirt sé go raibh sé meáite ar an “luach is fearr a fháil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as an airgead breise atá faighte don earnáil” agus leanúint leis an obair atá ar bun maidir leis an bpróiseas pleanála teanga. 

Déanfaidh sé athbhreithniú chomh maith, a dúirt sé, ar an bpróiseas faoina roghnaítear baill bhord Údarás na Gaeltachta. 

Thug an tAire Stáit leid cheana gur meascán de thoghchán agus próiseas ainmniúcháin atá uaidh féin.

‘Cúis frustrachais é’ – díomá ar Aire Stáit na Gaeltachta faoi imeallú na Gaeilge le linn na paindéime

Fág freagra ar 'Reachtaíocht teanga, athoscailt na gcoláistí samhraidh agus feachtas náisiúnta Gaeilge ar chlár Chambers do 2022'