Feachtas náisiúnta sna meáin le seoladh ag an Rialtas chun labhairt na Gaeilge a spreagadh

Níl macasamhail an mhórfheachtais náisiúnta teanga a seoladh in Albain le déanaí le tosú anseo, ach tá sé i gceist cur le feachtas chun daoine a spreagadh an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta

Feachtas náisiúnta sna meáin le seoladh ag an Rialtas chun labhairt na Gaeilge a spreagadh

Tá feachtas náisiúnta sna meáin le seoladh an bhliain seo chugainn chun daoine a spreagadh an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc.ie go raibh súil aige go ndéanfaí “dul chun cinn” maidir le bunú an fheachtais sna meáin sa chéad ráithe de 2022.

Ní cosúil, áfach, go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas macasamhail an mhórfheachtais náisiúnta teanga a seoladh in Albain le déanaí a thosú anseo.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie den Aire Stáit an raibh sé i gceist ag an Rialtas abhus a machnamh a dhéanamh ar leithéid SpeakGaelic, is d’fheachtas meán atá geallta i gClár an Rialtais amháin a thagair an tAire Jack Chambers don fheachtas nua.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an feachtas sin chun daoine a spreagadh an Ghaeilge a labhairt san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta ar bun cheana féin “tríd obair” na nOifigeach Pleanála Teanga, Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Ghlór na nGael, Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge “ar fud na tíre”.

Mheas an tAire Stáit go raibh “dul chun cinn an-mhaith” déanta cheana féin maidir le cur chun cinn na teanga sna háiteanna sin agus dúirt sé go raibh sé ag súil “go ndéanfar dul chun cinn maidir le feachtas meán a chur ar bun sa chéad ráithe de 2022”.

Seoladh an feachtas SpeakGaelic in Albain an tseachtain seo caite, feachtas a bhfuil maoiniú £4 mhilliún curtha ar fáil dó ag rialtas Albain.

Mar chuid den fheachtas, tá ábhar foghlama le cur ar fáil ar shuíomh gréasáin nua, craolfar ábhar raidió agus teilifíse ar an BBC agus tá sé i gceist ranganna saor in aisce a eagrú ar fud na tíre chun deis a thabhairt do dhaoine an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh.

Dúirt idir pholaiteoirí agus saineolaithe in Éirinn gur cheart macasamhail an fheachtais a chur ar siúl anseo chun suim sa Ghaeilge a spreagadh.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, gur “dea-smaoineamh” a bheadh ann a leithéid a chur ar bun in Éirinn agus gur chóir don Rialtas an scéal a fhiosrú.

Thagair Conradh na Gaeilge agus an sochtheangeolaí aitheanta, an Dr. John Walsh, don tsuim atá léirithe ag pobal na tíre seo an Ghaeilge a fhoghlaim agus dúirt an Dr Walsh gur “doras isteach sa Ghaeilge” a bheadh ina leithéid d’fheachtas.

Reáchtálfar an feachtas SpeakGaelic in Albain thar thréimhse trí bliana ach táthar ag díriú i dtosach ar dhaoine nach bhfuil Gàidhlig ar bith acu nó daoine atá imithe as cleachtadh an teanga a labhairt.

Fág freagra ar 'Feachtas náisiúnta sna meáin le seoladh ag an Rialtas chun labhairt na Gaeilge a spreagadh'

  • Deargamaidí

    Deargamaidí. Cur amú airgid phoiblí. Cur i gcéill. Ag iarraidh ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt “ina n-ionaid oibre agus ag ócáidí sóisialta”! Níl de fhís acu don Ghaeilge ach go labhrófaí í ag sosanna caife agus ag popups. Agus ní dhéanfaidh siad féin an méid sin féin.

  • Gerry Sóna

    Ag tabhairt airgid do na núachtáin Béarla(ó Shasana)agus gan suim go leor ag na nuachtáin sin iriseoir le Gaeilge a fhostó nó roinnt altanna i nGaeilge a chur ar fáil go laethúil.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Is féidir a rá nach bhfuil an sprioc uaillmhianach go leor, ach is i ndiaidh a chéile a dtógadh na caisleáin agus ar a laghad tá iarracht á dhéanamh acu. B’fhéidir go mbeidh an tAire féin in ann Gaeilge a úsáid in a ionad oibre féin ( Dáil Éireann) dá bharr.

  • Liam O

    Seafóid eile ag iarraidh Béarlóirí aonteangach a chur ag labhairt na Gaeilge mar chaithimh aimsire fad is atá siad sásta gan tacaíocht cuí a thabhairt don Ghaeltacht. Tá-ómós tugtha i gcónaí d’fhoghlaimeoirí sgus muintir na cúpla focla agus béalghrá don chainteoir laethúil