Ráitis na Gaeilge sa Dáil – níorbh é an plé ba dhoimhne dá ndearnadh riamh

Cérbh iad na daoine ab fhearr a chuir pointí chun cinn le linn an phlé faoin nGaeilge sa Dáil an tseachtain seo caite?

Ráitis na Gaeilge sa Dáil – níorbh é an plé ba dhoimhne dá ndearnadh riamh

Rinneadh díospóireacht sa Dáil le gairid faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht. Níorbh é an plé ba dhoimhne dá ndearnadh  sa Dáil ariamh é, ach ní miste cuid den chaint a rinneadh a lua aríst agus barúil a thabhairt faoi chuid de na cainteoirí.

 Fuair cuid de na daoine a rinne caint locht ar leagan amach an phlé féin.

Ba iad Mairéad Farrell, Piaras Ó Dochartaigh, Catherine Connolly agus  Éamon Ó Cuív ab fhearr a chuir pointí chun cinn. 

In áit a bheith ag déanamh caisleáin óir, dhírigh Mairéad Farrell, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, ar an easpa infreastruchtúir atá sa nGaeltacht. Tharraing sí aird ar an séarachas atá ag dul  amach  i gCuan Chasla agus mhol sí go ndéanfaí calafort  domhainmhara i Ros a’Mhíl.

D’éiligh sí go mbeadh sé de cheart ag muintir na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Cheap Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin go mbeadh ré nua i ndán don Ghaeltacht dá mbeadh tacaíocht cheart stáit aici. Bheifeá ag súil ar ndóigh go mbeadh tuiscint aige go háirithe ar chúrsaí na Gaeltachta  ó tharla gur fear Gaeltachta é féin. Bhí imní air faoina bhfuil i ndán do na coláistí Gaeilge i mbliana. D’iarr sé go mbeadh toghchán ann le Bord Údarás na Gaeltachta a chur le chéile.

Dúirt Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách gur “íorónta an scéal é” go bhfuiltear in ann daoine a bhfuil inniúlacht iontu sa nGaeilge a sheoladh chun na hEorpa ach nach bhfuil  folúntais dóibh sa státseirbhís s’againne. D’aithneofá ar Chatherine i gcónaí gur abhcóide í. Téann sí go croí an scéil.

Bhí an-imní shílfeá ar  Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, faoi éileamh Chonradh na Gaeilge go dtabharfaí aitheantas do Raidió Rí-Rá, ach d’iarr sé freisin go  bhfaigheadh TG4 tuilleadh airgid agus go gcuirfí de dhualgas ar RTÉ breis cláracha Gaeilge a chraoladh.

Thug sé faoi deara nach n-íoctar foireann Raidió na Gaeltachta chomh maith agus a íoctar an fhoireann atá lonnaithe i mBaile  Átha Cliath 4.

Labhair Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, ar son na n-ábhar múinteoirí atá á n-oiliúint i gColáiste Hibernia. Bhí sé ag súil nach gcuirfeadh an rialtas ualach €650 an duine orthu le freastal ar chúrsa éigeantach ar líne sa mbaile in áit an ghnáthchúrsa sa nGaeltacht a chosnódh €750. 

Comhartha eile ar mhí-éifeacht Pháirtí an Lucht Oibre gur i mBéarla a labhair an t-aon chainteoir bhí acu, Duncan Smith. Rinne seisean freisin achainí ar son na n-ábhar múinteoirí i gColáiste Hibernia.

Dhírigh Mary Lou McDonald ar cheist na Gaeilge sa Tuaisceart, ar na Gaelscoileanna agus ar Údarás na Gaeltachta. Ní raibh tada nua le rá aici.

Dhírigh Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais agus an bhean a bhfuil freagracht na Gaeltachta uirthi, cé gur deacair sin a thuiscint, ar an 138 Gaeilgeoir atá ag obair le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha. Gheall sí go mbainfí amach an cuspóir atá sa mBille Teanga go mbeadh 20% d’earcaigh nua an státchórais in Éirinn inniúil sa nGaeilge roimh 2030.

Rinne Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers gaisce as an méid cruinnithe a bhí aige le lucht na Gaeilge ó ceapadh é. Bhí sé lánchinnte go mbeadh Bille na dTeangacha Oifigiúla an-láidir sa deireadh.

Dúirt Bríd Smith, Pobal seachas Brabach, nach caitheamh aimsire ba chóir a bheith i labhairt na Gaeilge ach gníomh ar son chultúr agus stair na tíre. Ba mhór an chúis bhróin di nach bhfuil teacht ag páistí ina ceantar féin i mBaile Formaid ar oideachas Gaelscoile.

Bhí an-mholadh ag Pádraig O’Sullivan, Fianna Fáil, ar na Gaelscoileanna.

Rinne Pa Daly, Sinn Féin. comhghairdeas le clann Mhargaret Keane faoi chead a fháil Gaeilge a chur ar leac a huaighe i Sasana.

Luaigh Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, an taighde a léiríonn gur 5% de na daltaí a fhaigheann oideachas sna Gaelscoileanna, cé go bhfuil 23% de na tuismitheoirí ar son an oideachais sin.

Bhí na Coláistí Gaeilge agus Coláiste Hibernia ag cur imní ar Aindrias Ó Muimhneacháin, Fianna Fáil, freisin

Dúirt Marc Ó Cathasaigh, an Comhaontas Glas, go ndéantar measúnú sa Nua-Shéalainn ar líon na ndaoine ar féidir leo Te Reo Maorí a labhairt agus mheas sé gur cheart innéacs den chineál sin a chur ar fáil sa tír seo.

Bhí an-dóchas ag Dara Calleary, Fianna Fáil, as Bille na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt sé freisin go raibh sé “in am le haghaidh toghchán díreach go Bord an Údaráis”.

Labhair Carol Nolan, neamhspleách, ar son TG4, ar son na nGaelscoileanna agus ar son Choláiste Hibernia. D’iarr sí go gcuirfí Acht na Gaeilge i bhfeidhm sna Sé Chontae.

Gheall An Taoiseach, Micheál Martin, go ndéanfar bearta go luath faoin bpróiseas roghnúcháin agus toghcháin  i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta. Mar is gnáth bhí cat agus dhá eireaball á dhéanamh ar son na Gaeilge dá mba chóir géilleadh dhó.

Leath Gaeilge agus leath Béarla a labhair Mattie McGrath, neamhspleách. Mhínigh sé gur sa gCaisleán Nua a chónaigh a sheanathair agus “nach raibh Béarla ar bith aige”. Sna 1950idí a fuair sé bás. Cheapfá go bhfoghlaimeodh sé cúpla focal Béarla sular cailleadh é ach níor dhúirt Mattie gur fhoghlaim.

Thuairiscigh Mattie go bhfuil naíonra i gCathair Dhún Iascaigh a bhfuil gasúir as timpeall trí náisiún déag ag freastal air.

Chonaic sé cuid acu ag spraoi agus ag casadh amhrán  Gaeilge ar an tsráid lá.

Rud amháin a tháinig as an díospóireacht ar fad gur cosúil go m’fhéidir go dtoghfar ionadaithe ar Bhord Údarás na Gaeltachta arís. Cá bhfuil an eagraíocht anois a chuirfeas an t-éileamh sin go cnámh na huillinne nuair atá an t-iarann te?

Tabhair faoi deara nár labhair oiread agus duine amháin as Fine Gael ná as na Sóisialaithe Daonlathacha sa díospóireacht seo.

Fág freagra ar 'Ráitis na Gaeilge sa Dáil – níorbh é an plé ba dhoimhne dá ndearnadh riamh'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Spéisiúl go leor nár labhair aon duine as Fine Gael. Is cosúil gur Fine Gael an bac is mó atá ann ó thaobh Toghcháin an Údaráis a thabhairt ar ais. Ba dheas dá bhféadfadh Micheál Martin, dúshlán Fine Gael a thabhairt faoin gceist seo agus seasamh leis an geallúint a thug sé bliain ó shin do Chumann Forbartha Chois Fharraige, go ndéanfadh sé ‘toghchán chuig bord Údaráis na Gaeltachta a athbhunú go hiomlán’, dá mbeadh Fianna Fáil sa rialtas. Ní hamháin go bhfuil Fianna Fáil sa rialtas ach tá Micheál Martin ina Thaoiseach.

  • Seán Mag Leannáin

    Duine ar bith ó na Daonlathaithe Sóisialta ach an oiread. Níorbh fhiú leo ligint orthu fiú go bhfuil suim acu sa teanga. Is léir gur cuma leo sa sioc faoin nGaeilge sna páirtithe sin: Fine Gael, Labour agus na Daonlathaithe Sóisialacha.

  • S. Mac Muirí

    Is iontach an méid atá déanta don teangaidh ag Catherine Connolly ó thug sí aghaidh ar lár an ghalladachais. Rinne Trevor Sargent an-iarracht na blianta siar ach de cheal lucht tacaíochta, go fiú mionlach a sheasfadh leis, dhéantaí bithéamh de a luaithe a thosaíodh sé ag labhairt Gaeilge. Spíon an síor-fiodmhagadh é, mo léan, 7 d’fhág sé slán ag béarlóirí na dála. Tá Catherine, bail ó Dhia uirthi, ag bailiú nirt thart uirthi i measc lucht na Gaeilge thoir ach is spéisiúil cúbadh 7 lúbadh na devóige ar ábhar chomh bunúsach le teanga oibre coiste. An chéad tuar toghcháin is dóigh 7 é ag faire go leithliseach ar an dáilcheantar thiar.