TUAIRISC BHEO: Ráitis faoin nGaeilge á ndéanamh i nDáil Éireann

An Taoiseach Micheál Martin a chuirfidh tús le 'Lá na Gaeilge' i dTeach Laighean. Seo tuairisc bheo ar na ráitis faoin teanga i nDáil Éireann...

[live id=”1d21b7″ datetime=”2021-03-03T16:19:43+00:00″]

Slán libh…

Sin deireadh lenár dtuairisc bheo ar Ráitis Ghaeilge 2021 i nDáil Éireann. Go raibh maith agaibh as a bheith linn. Coimeádaigí súil ar Tuairisc.ie do na scéalta is déanaí…

[/live]

[live id=”bfcd1c” datetime=”2021-03-03T16:18:02+00:00″]

‘An Rialtas ag seoladh Gaeilgeoirí chuig an Eoraip in áit iad a choinneáil sa státchóras ag baile’

Dúirt an Teachta Dála as Gaillimh Thiar Catherine Connolly go raibh sé bliana anois caite aici sa Dáil ag éisteacht le ráitis faoin nGaeilge seachas le díospóireacht cheart.

Mhaígh sí gur thagair an Taoiseach agus Airí na Gaeltachta do na deiseanna fostaíochta do Ghaeilgeoirí san Eoraip “gan aon bhlas den íoróin”. Ba í fírinne an scéil nach raibh poist ar fáil dóibh anseo in Éirinn.

Mheas sí go raibh an Rialtas sásta “daoine a sheoladh chuig an Eoraip ach níl muid in ann iad a choinneáil anseo chun poist a líonadh sa státchóras.”

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách go raibh obair thábhachtach á déanamh ag Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le cearta teanga a threisiú ach go raibh “neamhaird go huile agus go hiomlán” déanta ag an Rialtas ar go leor de mholtaí an choiste sna leasuithe a bhí molta ar an mBille Teanga.

Dúirt sí go raibh gá le Bille a bhí oiriúnach don 21ú haois. Bhí gá le bille láidir a chuirfeadh béim ar sheirbhísí trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta, a thabharfadh cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga agus a chuirfeadh córas ceart in áit chóras na scéimeanna teanga “nach raibh ag obair”.

Bhí sé suntasach, a dúirt sí, gur iompaigh ceannairí na tíre ar an nGaeilge le linn na paindéime agus iad ag iarraidh muinín agus misneach a thabhairt don phobal le seanfhocail amhail ‘Ní neart go cur le chéile’. Dúirt Catherine Connolly go raibh gá an Ghaeilge a úsáid i gcónaí.

[/live]

[live id=”7b54ed” datetime=”2021-03-03T16:12:04+00:00″]

Gaelscoileanna i ndroch-chaoi

Deir an Teachta Dála neamhspleách Carol Nolan gur cheart níos mó tacaíochta a thabhairt don ghaelscolaíocht. Dúirt sí go bhfuil gaelscoileanna fós i bhfoirgnimh atá i ndroch- chaoi. Luaigh sí chomh maith cás na n-ábhar oidí de chuid Hibernia atá ag íoc as cúrsaí ‘Gaeltachta’ ar líne.

[/live]

[live id=”152927″ datetime=”2021-03-03T15:50:38+00:00″]

Údar iontais…

Deir an Teachta Dála as Mattie McGrath gur iontach an rud na gaelscoileanna agus luann sé go sonrach scoileanna i dTiobraid Árann. Chuir sé iontas air i gceann de na scoileanna sin chomh líofa is a bhí an Ghaeilge ag na daltaí “ó thíortha eile”. B’ábhar iontais dó nuair a dúradh leis sa scoil go dtagann an Ghaeilge chuig na daltaí sin ní ba shaoráidí ná daltaí eile.

[/live]

[live id=”6790e3″ datetime=”2021-03-03T15:46:07+00:00″]

‘Ní do Sheachtain na Gaeilge amháin an Ghaeilge’

D’aontaigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Dara Calleary, leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh maidir le húsáid na Gaeilge sa Dáil.

“Deirtear nach don Nollaig amháin madra agus ní do Sheachtain na Gaeilge amháin an Ghaeilge,” a dúirt Calleary.

Luaigh an Teachta Dála ceist na tithíochta sa Ghaeltacht chomh maith.

Dúirt sé go raibh an Ghaeltacht faoi bhrú de bharr easpa tithíochta agus go gcaithfí a chinntiú go mbeadh tithe ar fáil do chainteoirí Gaeilge.

[/live]

[live id=”d7a4e4″ datetime=”2021-03-03T15:10:58+00:00″]

‘An ag caint linn féin atáimid anseo?’

Deir an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais Marc Ó Cathasaigh go mb’fhéidir gur ag caint leo féin atá Gaeilgeoirí na Dála inniu.

An amhlaidh go dtugtar cead a gcinn dóibh labhairt as Gaeilge uair sa bhliain ag súil go mbeidh siad sásta leis an uair nó dhó sin? a d’fhiafraigh sé.

Luaigh sé an scéala nár thug na meáin Bhéarla aon aird ar an óráid a thug Catherine Martin ag moladh Eamon Ryan mar Thaoiseach toisc gur i nGaeilge a bhí sí.

Chaithfí a chinntiú sa Bhille Teanga nach ag “caint eadrainn féin” atáimid.

I dTithe an Oireachtais féin chaithfí “normalú” a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge agus na seirbhísí aistriúcháin ionas go bhféadfaí “an gnó” a dhéanamh “i gceart go dátheangach”.

[/live]

[live id=”b8cefe” datetime=”2021-03-03T15:05:20+00:00″]

Blas searbh

Bhí an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Moynihan, ar dhuine eile de na Teachtaí dála a luaigh scéal na gcúrsaí Gaeltachta ar líne d’ábhair oidí. Dúirt an Teachta Ó Muineacháin gur “faillí” a bheadh ann dá ngearrfaí airgid ar na mic léinn i gcoláistí príobháideacha. Dúirt sé go bhfágfadh an scéal “blas searbh” ag an gcéad ghlúin eile de mhúinteoirí.

[/live]

[live id=”785544″ datetime=”2021-03-03T15:05:00+00:00″]

Cruachás na Gaeltachta

Deir ceannaire Aontú Peadar Tóibín nach bhfuil dóthain airde á tabhairt ar a tromchúisí is atá cás na teanga.

Dúirt sé go raibh fianaise ann gur ar éigean a bhí deich mbliana fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Bhí an méid sin “dochreidte” a dúirt sé agus chaithfí gníomhú láithreach chun stop a chur le meath na teanga. Ba ghá i bhfad níos mó infheistíochta chuige sin.

[/live]

[live id=”b619d3″ datetime=”2021-03-03T15:01:08+00:00″]

An seans deireanach?

Chuir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pa Daly fáilte roimh an scéala ó Londain an tseachtain seo caite gur tugadh cead do mhuintir Margaret Keane ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar.

Dúirt an Teachta Dála as Ciarraí go bhfuil an tslí a chaitear uaireanta le pobal na Gaeltachta “náireach”.

Chaithfí cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú, ar sé.

Dúirt sé go raibh an Ghaeilge fágtha in áit na leathphingne faoi láthair ach gur seans a bhí sa Bhille Teanga nua í “a choimeád beo”.

“B’fhéidir nach mbeidh seans eile againn,” a dúirt Pa Daly.

[/live]

[live id=”b5422f” datetime=”2021-03-03T15:00:08+00:00″]

‘Ní dhéanann drochmhisneach aon mhaith’

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil “an ghloine leathlán” i gcónaí.

“Ní dhéanann drochmhisneach aon mhaith d’aon chúis,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt Ó Cuív go raibh gaisce déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ó ceapadh é anuraidh.

Dúirt sé go raibh tábhacht ag baint le cearta teanga chun “misneach” a thabhairt don phobal ach dúirt sé gur theastaigh gníomh praiticiúil  chomh maith chun an Ghaeilge a neadú i ngnáthshaol an phobail.

Dúirt sé gur cheart “sciar ceart den cheadúnas teilifíse” a thabhairt do TG4 agus a chinntiú go gcuirtear níos mó clár Gaeilge agus níos mó clár dátheangach ar fáil.

Chaithfí, a dúirt sé, a leagan síos i gceart cén chuid de chiste RTÉ a chaithfí ar chúrsaí Gaeilge.

Dúirt sé gur gá “aitheantas ceart” a thabhairt do Raidió Rí Rá agus a chinntiú go mbeadh an stáisiún raidió do dhaoine óga ar fáil ar FM.

Caithfear maoiniú “ceart” a chur ar fáil do RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin, a dúirt Ó Cuív,  rud nach bhfuil á dhéanamh faoi láthair, dar leis.

Dúirt sé nach raibh foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta íoctha ar an dóigh chéanna le daoine a bhí ag obair i gceannáras RTÉ i mBaile Átha Cliath agus go raibh an stáisiún “ar an ngannchuid ar fad”.

Thagair sé chomh maith do na cúrsaí nua Gaeilge don Ardteist agus dúirt sé go bhfuil muintir na Gaeltachta “buartha” gurb iadsan a bheidh thíos leis an gcóras nua.

Dúirt sé go bhfuil súil aige gur “míthuiscint” atá sa scéal nach mbeadh aon bhuntáiste ann do scoláirí Gaeltachta as an gcúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh. Bhí soiléiriú ag teastáil faoin scéal sin, ar sé,

Dúirt sé gur “cúis náire” a bheadh ann mura mbeadh aon mharcanna breise ar fáil do na daltaí Gaeltachta agus eile a dhéanfadh an cúrsa níos deacra.

[/live]

 

[live id=”4ca284″ datetime=”2021-03-03T14:59:41+00:00″]

Gá le níos mó Gaelscoileanna…

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Pádraig O’Sullivan go raibh “níos mó tacaíochta ná ariamh” á fáil ag an nGaeilge agus ag an nGaeltacht agus gurbh fhiú don fhreasúra é sin a aithint.

Mar sin féin,dúirt sé go raibh gá lena thuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do Ghaelscoileanna agus d’eagraíochta teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí gá, ar sé, le níos mó gaelscoileanna a bhunú.[/live]

[live id=”68af30″ datetime=”2021-03-03T14:41:36+00:00″]

‘Cuirimis fáilte roimh phobail nua na hÉireann’

Deir an Teachta Dála de chuid Neart le Chéile-Pobal Roimh Bhrabús Bríd Smith gur “le gach duine an Ghaeilge”.

Tá sé tábhachtach, a dúirt sí fáilte a chur roimh phobail nua na hÉireann an Ghaeilge a fhoghlaim agus cabhair a thabhairt dóibh sin a dhéanamh.

Ach gan “pobal láidir bródúil atá sásta í a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile” ní thabharfar an teanga slán.

Caithfear “cothrom na Féinne” a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thaobh seirbhísí de.

Ba chóir a chinntiú go mbíonn Raidió Rí-Rá ar fáil ar FM, a dúirt sí.

[/live]

[live id=”bafb43″ datetime=”2021-03-03T14:39:20+00:00″]

‘Buille trom’

Deir an Teachta Dála Gaeltachta agus urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty go bhfuil “dualgas orainn an teanga agus an Ghaeltacht a neartú”.

Dúirt Doherty go raibh an easpa infheistíochta agus deacrachtaí inimirce sa Ghaeltacht soiléir do gach duine.

Dúirt sé go raibh pobal na Gaeltachta “ag fanacht, ag fanacht agus ag fanacht” ar athstruchtúrú ar Údarás na Gaeltachta agus dúirt sé nach raibh sé maith go leor nach raibh sprioc tugtha ag an Rialtas maidir lena ngeallúint go ndéanfaí sin.

Luaigh Pearse Doherty go raibh laghdú 6.8% tagtha ar líon na ndaoine a bhí fostaithe ag comhlachtáí Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill. “Buille trom do mhuintir Thír Chonaill agus do mhuintir na gceantar Gaeltachta,” a bhí ansin a dúirt Doherty.

Dúirt Doherty go gcaithfí daoine a mhealladh isteach sa Ghaeltacht le gnóanna agus postanna nua a bhunú ann.

Dúirt Doherty gur gá turasóirí a choinneáil sna ceantair Ghaeltachta nuair a thagann siad agus mheas sé go raibh deis ann an Ghaeilge a úsáid chun é sin a dhéanamh.

[/live]

[live id=”86335a” datetime=”2021-03-03T14:27:27+00:00″]

Léargas ar na saincheisteanna…

Tá cur síos déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta ar na cruinnithe go léir a bhí aige le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ó ceapadh é.

“Caithfidh mé a rá gur thug an tsraith cruinnithe seo léargas agus tuiscint chuimsitheach ar na saincheisteanna atá ag déanamh scime do lucht labhartha na Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta,” a deir Jack Chambers.

Labhair sé chomh maith ar an soláthar breise a cuireadh ar fáil faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge a Roinne in 2021 agus ar rath a bhí ar leithéidí Abair.ie, Logainm.ie agus Dúchas.ie.

Ní fada go gcuirfear deireadh leis an maolú i leith úsáid na Gaeilge san AE, ar sé.

In 2015 a tógadh cinneadh deireadh a chur leis an maolú i leith úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais ag tús na bliana seo chugainn.

“Faoi láthair tá 138 duine ag obair le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha agus tá an lá a gcuirfear deireadh leis an maolú beagnach linn,” a deir Chambers.

[/live]

[live id=”460003″ datetime=”2021-03-03T14:24:45+00:00″]

Céard is fiú na ráitis?

“Céard is fiú na ráitis seo nuair nach gcloistear an Ghaeilge ach go fíor annamh i rith na bliana?” an cheist a bhí ag Mairéad Farrell, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin.

Tá an baol ann go bhfuil “an iomarca béime” á cur ar shiomblachas na Gaeilge”.

Luaigh sí an easpa infheistíochta atá á dhéanamh i gConamara agus ar Oileáin Árann, dar léi.

Dúirt Farrell go raibh seirbhísí maithe leathanbhanda agus séarachais ar fáil i gceantair eile ar fud na tíre ach nach raibh siad ar fáil go fóill do mhuintir na Gaeltachta.

Luaigh sí an fhadhb atá ann maidir le séarachas a bheith á scaoileadh isteach i gcuan Chasla agus dúirt sí go raibh ionad nua séarachais ag teastáil don Cheathrú Rua

Dúirt Farrell go ligtear muintir na Gaeltachta “i ndearmad” nuair atá polasaithe stáit á bplé.

Maidir leis an gcinneadh fáil réidh le toghcháin Údarás na Gaeltachta, dúirt Farrell gur “cinneadh frith-dhaonlathach” a bhí i gceist agus gur beag airgead a sábháladh dá bharr. Dúirt sí nach raibh tada déanta ag Fianna Fáil faoin scéal in ainneoin na ngeallúintí a tugadh le linn an olltoghcháin.

Dúirt Farrell go raibh gá “plean cuimsitheach forbartha” a aontú chun deiseanna fostaíochta fadtéarmacha a chruthú sa Ghaeltacht

[/live]

[live id=”401510″ datetime=”2021-03-03T14:17:16+00:00″]

Ceacht na hEorpa…

Tá cur síos déanta ag an Aire Gaeltachta Catherine Martin ar an obair atá ar siúl ina Roinn i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Deir sí go mbeidh dúshlán mór ag baint le príomhchuspóir an Bhille Teanga a bhaint amach, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi 2030.

Ach deir an tAire Martin go gcabhróidh an taithí atá ag a Roinn a bheith ag plé le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach go mór leo agus iad ag iarraidh a chinntiú go mbeidh dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu ar fáil chun cuspóirí an Bhille a chur i bhfeidhm.

Den chéad uair beidh Roinn na Gaeltachta “i gcroílár na díospóireachta” faoi chúrsaí earcaíochta.

[/live]

[live id=”e35fe8″ datetime=”2021-03-03T14:12:54+00:00″]

Táillí cúrsaí…

Labhair an Teachta de chuid Phairtí an Lucht Oibre, Duncan Smith, ar chás na n-ábhar oidí i gcoláistí príobháideacha.

Beidh na cúrsaí ar líne i mbliana de bharr na paindéime agus tá táille €650 le híoc ag na daltaí sin.

D’iarr Smith ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin an cás a phlé leis an Aire Oideachais.

Agus é labhairt as Béarla, dúirt sé go raibh íobairtí móra déanta ag na mic léinn seo chun freastal ar na cúrsaí seo agus nach daoine saibhre a bhí iontu.

[/live]

[live id=”641180″ datetime=”2021-03-03T14:06:44+00:00″]

‘Ní thuigeann siad chomh dona is atá cúrsaí…’

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go bhfuil an Ghaeilge “an-leochaileach” faoi láthair agus nach léir go dtuigeann an Rialtas ná na rialtais a chuaigh rompu “chomh dona is atá cúrsaí”.

Tá an státchóras drogallach maidir le seirbhísí a thabhairt i nGaeilge agus déantar “neamhaird” ar chearta teanga, a deir Ó Snodaigh.

Tuigeann comhlachtaí poiblí nach ngearrfar aon phionós orthu as an reachtaíocht teanga a shárú.

Ba chóir a aithint go bhfuil obair mhór le déanamh, a deir Ó Snodaigh.

“In áit a rá go bhfuil gach rud go hiontach ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir dúinn a admháil go bhfuil a lán oibre le déanamh ag gach páirtí, Sinn Féin san áireamh, chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar is cóir,” ar sé.

Deir Ó Snodaigh gur annamh a chloistear an Ghaeilge i nDáil Éireann agus gur gá Tithe an Oireachtais “a Ghaelú”.

[/live]

[live id=”ec596e” datetime=”2021-03-03T13:52:06+00:00″]

‘Beatha teanga í a labhairt… ach caithfear tacú léi chomh maith’

Caithfear an teanga a “chosaint, a chothú agus a neartú” a deir ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald. Údar “lúcháire” di leithéidí na nGaelscoileanna agus an Pop Up-Gaeltacht, ach deir sí nach bhfuil dóthain tacaíochta á thabhairt ag an Stát ná an Rialtas don teanga.

Tá tacaíocht de dhíth ar theaghlaigh na Gaeltachta atá ag iarraidh seirbhísí i nGaeilge nach bhfuil ar fáil dóibh. Tá tacaíocht de dhíth ó mhná tí na gcoláistí samhraidh nach bhfuil a fhios acu cad atá i ndán dóibh an samhradh seo.

Thacaigh Mary Lou McDonald freisin leis an éileamh go gcuirfí i bhfeidhm na geallúintí faoin nGaeilge sa chomhaontú New Decade, New Approach. Rinne sí comhghairdeachas leis an Dream Dearg as an “obair inspioráideach” atá déanta acu agus iad ag feachtasaíocht ar son Achta Teanga ó thuaidh.

Caithfear “smaointe agus pleananna móra, inspioréadacha, uaillmhianacha a chur i gcrích”.

Caithfear chomh maith, a deir ceannaire Shinn Féin, “scrúdú” a dhéanamh ar úsáid na teanga i dTithe an Oireachtais. Bíonn bac ar Theachtaí Dála í a úsáid mar nach mbíonn billí agus seirbhísí áirithe ar fáil i nGaeilge agus teastaíonn tuilleadh infheistíochta i seirbhísí aistriúcháin.

“Is beatha teanga í a labhairt ach le beatha teanga a neartú, caithfear tacú léi chomh maith,” a deir Mary Lou McDonald.

[/live]

[live id=”d2adb2″ datetime=”2021-03-03T13:39:21+00:00″]

An Bille Teanga

“Tá sé thar a bheith tábhachtach don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil,” a deir an Taoiseach.

Deir sé gur “deis” atá sa Bhille Teanga atá á phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair dul i ngleic “ar bhonn córasach” leis na fadhbanna a bhaineann le seirbhísí Gaeilge a fháil.

“Má táimid chun é seo a dhéanamh i gceart tógfaidh sé am,” a deir sé, ach den chéad uair beidh Roinn na Gaeltachta “i lár an aonaigh” maidir le polasaí earcaíochta an Stáit.[/live]

[live id=”ec1bd2″ datetime=”2021-03-03T13:31:18+00:00″]

‘Beart de réir briathair’

Deir an Taoiseach go léiríonn an maoiniú breise atá curtha ar fáil ag an Rialtas d’Údarás na Gaeltachta agus do chiste na Gaeilge go bhfuil “beart de réir briathair” á dhéanamh i leith na ngeallúintí faoin teanga atá i gClár an Rialtais.

Maidir leis an ngeallúint go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr Údarás na Gaeltachta agus ar an gcinneadh deireadh a chur le toghchán an Údaráis, deir an Taoiseach go bhfuil “obair idir lámha” chuige sin.

Maidir le cás na teanga sa Tuaisceart, deir an Taoiseach go bhfuil Rialtas na hÉireann “dírithe” ar a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm na geallúintí faoin nGaeilge atá déanta sa chomhaontú New Decade, New Approach.[/live]

[live id=”2b261d” datetime=”2021-03-03T13:24:47+00:00″]

Ráiteas an Taoisigh…

Tá tús curtha ag an Taoiseach Micheál Martin leis an díospóireacht.

Deis iontach atá i Seachtain na Gaeilge aird a tharraingt ar an nGaeilge.

Tá cur síos ar a bhfuil á dhéanamh chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa díospóireacht agus deir sé gur “údar misnigh” an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Bhí tionchar mór ag an bpaindéim ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar phlean an Rialtais don Ghaeilge. “Ach níor cuireadh stop leis an obair,” a deir an Taoiseach.

“Díol suntais agus dóchais” na figiúirí fostaíochta is déanaí ó Údarás na Gaeltachta, a deir an Taoiseach.[/live]

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Ráitis faoin nGaeilge á ndéanamh i nDáil Éireann'

  • Grace Mahon

    Go hiontach

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Céim a haon:
    ‘Achtófar, clófar agus foilseofar gach Bille agus gach Acht den Oireachtas go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.