Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag

Súil chun cinn ar ar chuid de na cláracha is fearr ar Raidió na Gaeltachta le linn fhéile na Nollag. 21ú - 27ú

Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag

Dé Céadaoin, 21 Nollaig

An Saol ó Dheas
12.10pm
Beidh Helen Ní Shé agus criú An Saol ó Dheas ag craoladh ó Lárionad na Gaeilge i mBaile an Fheirtéaraigh agus iad ag caitheamh súil siar ar an obair atá curtha i gcrích ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mbliana. Bíonn an dá eagraíocht ag obair chun saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla.


Dé Sathairn, 24 Nollaig

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra
10.00am
Beidh painéal sa stiúideo ar maidin le Máirín Ní Ghadhra le súil a chaitheamh ar scéalta móra nuachta na bliana atá caite. Orthu siúd a bheidh ar an bpainéal, beidh an Teachta Dála Catherine Connolly, Dr. Mary Harris ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Máirtín Ó Muilleoir, Aire Airgeadais Thuaisceart Éireann, an Dr Peadar Ó Muircheartaigh ó Ollscoil Aberystwyth, agus an craoltóir agus an tráchtaire Cathal Mac Coille.

An Nollaig mar a bhí
6.30pm
Is minic go gcloisimid go bhfuil an Nollaig an-difriúil anois thar mar a bhíodh sí sna blianta atá caite. Sa chlár seo inniu, cuirfidh Jeaic Ó Muircheartaigh míreanna i láthair ó Chartlann Bhóthar na Léinsí, ina ndéantar cur síos ar an Nollaig mar a bhí, na nósanna agus na traidisiúin a bhain léi. 


Lá Nollag

Buaiteoirí Oireachtas na Gaeilge 2016
3.00pm
Bhí slua mór i láthair in Ionad Leitir Móir i gCeantar na nOileán i gConamara i mí na Samhna do choirm cheoil bhuaiteoirí an Oireachtais. Seo ócáid bhliantúil dóibh siúd a thug duais abhaile leo go Conamara ó fhéile an Oireachtais. Inniu, cloisfimid blaiseadh ón ócáid sin, le hamhránaithe, ceoltóirí, lúibíní agus sceitseanna grinn. Aoife Ní Chonghaile a chuirfidh an clár i láthair.

Máirtín Thornton
8.00pm
Clár speisialta faoin dornálaí trom-mheáchain Máirtín Thornton ón Spidéal, a bheadh 100 bliain d’aois i mbliana dá mairfeadh sé. Thugtaí an Connemara Crusher air, agus ba é Seaimpín Trom-Mheáchain na hÉireann i 1943 é. Orthu siúd a bheas le cloisteáil againn ar an gclár beidh Joe Ó Droighneáin, Máirtín Tom Ó Flatharta, Seán Bán Breathnach, Maidhc P. Ó Conaola, Seán Ó Coisdealbha agus Paddy Mac Giolla Phádraig. Chomh maith le bheith ina dhornálaí cáiliúil, ba jabaire beithíoch a bhí ann chomh maith le bheith ina cheoltóir agus ina fhear spóirt. Ghlac sé páirt sna scannáin The Quiet Man agus The Rising of the Moon.  Máire Áine Ní Chuaig a chuirfidh an clár i láthair.

Tús an Phota
9.00pm
Seo clár faoi dhéanamh poitín i gConamara fadó. Cloisfimid chuile ní faoi dhéanamh poitín, na daoine a bhíodh á dhéanamh agus an garda a bhíodh ag faire ar lucht déanta an phoitín. Labhrann dochtúir agus banaltra agus iad ag cur síos ar an drochbhail a chonaic siad ar dhaoine de bharr poitín. Bhíodh an moladh agus an cáineadh ar an bpoitín.

Cniotáil
10pm
Sa chlár seo inniu, cluinfimid faoi stair thionscal na cniotála in iarthar Dhún na nGall. Meastar go raibh 20,000 ag cniotáil geansaithe Árann ina dtithe cónaithe i gContae Dhún na nGall i lár an chéid seo a chuaigh thart, geansaithe a cuireadh timpeall na cruinne ar fad. Sa chlár seo insíonn mná as paróiste na Rosann in iarthar Dhún na nGall a scéalta pearsanta féin faoi cheann de na tionscal ba thábhachtaí a bhí sa cheantar, tionscal a chinntigh teacht isteach a bhí thar a bheith tábhachtach do na mílte teaghlach. Michelle Nic Grianna chuirfidh an clár i láthair.


Dé Luain, 26 Nollaig

Rí an Oileáin 
11.00am
Labhrann Áine Ní Churráin le Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí, faoina shaol ar an oileán, a chuid ealaíne agus ceoil, agus a fheachtas leanúnach le saol níos fearr a bhaint amach do phobal an oileáin.

Éire is Albain
7.pm
Inniu, cloisfimid coirm a craoladh beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy sa samhradh. Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an choirm i láthair, ceolchoirma dhéanann ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban, agus an gaol atá idir an dá thraidisiún. Ar chuid de na ceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn, beidh Charlie Harris, Eamon agus Geraldine Cotter, Murdo MacDonald, Allan MacDonald, ceoltóirí óga as iarthar agus as oirthear an Chláir, Trio Touldrouzig as an Bhriotáin, agus The Lisseycasey Set Dancers chomh maith. 


Dé Máirt, 27 Nollaig

Cumann Chluain Ard
11.00am
Ba sa bhliain 1936 a bunaíodh Cumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste. Tá ‘an Cumann’ mar a bheirtear go geanúil ar an áit, 80 bliain ar an fhód i mbliana agus tá áras úrnua tógtha anois ag an choiste ar chostas €900,000. Is féidir a mhaíomh gur amach as Cumann Chluain Ard a d’éirigh gach smaointiú agus gach beart a bhain le forbairt agus fairsingiú na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide anonn go fiú, agus go bhfuil toradh fónta an tsaothair sin le sonrú go láidir inniu sa chathair sin cois cuain.  Sa chlár seo labhrann Damien Ó Dónaill leo siúd a bhí ar thús cadhnaíochta sa chumann san am atá thart, atá páirteach ann san am i láthair, agus a bheas ag déanamh an eolais don áit sna blianta atá amach romhainn.

Ceiliúradh Ceoil RnaG
3.00pm
Coirm cheoil mhór á bhí ar siúl in Óstán Lawlors i nDún Garbhán i mí Aibreáin, áit a raibh Féile na Meán Ceilteach ar siúl.  Pádraig Ó Sé a chuir an choirm i láthair, le scoth na gceoltóirí ar stáitse, ina measc Danú agus Nell Ní Chróinín, Cór Fear na nDéise, Nuadán, Clann Uí Mhainnín, John Dwyer agus Neill Byrne.

Ceolchoirm Ómóis Johnny Connolly
7.00pm
Beidh clár an-speisialta ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn inniu, ceolchoirm in onóir Johnny Connolly, an ceoltóir iomráiteach mileoidin as Inis Bearachain ó dhúchas. Bhí an cheolchoirm ar siúl in Óstán na Páirce sa Spidéal i mí na Bealtaine agus bhí cairde ceolmhara Johnny i láthair le cúpla píosa a chasadh i dteannta Johnny an oíche sin. Orthu siúd a bhí páirteach bhí, Joe Burke, Máirtín O’Connor, Johnny Óg Connolly, Tommy Mellett, Steve Sweeney, John Carty, Neansaí Ní Choisdealbha, Meaití Jó Shéamuis, Luisne & Aisling Ní Neachtain, Marcus Ó hIarnáin, Emmett Gill, Gay McKeon, Caoimhín Ó Fearghail, Mary Shannon, Angelina Carberry, Caoimhín Ó Sé, Séamus Begley, Liz agus Yvonne Kane, Charlie Lennon, Seáinín Phat Mhyla Mac Donnchadha, Colm Gannon, Danny O’Mahony, Don Stiffe, Nan Tom Taimín, Caitríona & Pól Ó Ceannabháin, agus neart eile! 

Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag'