Marú agus mistéir a fuair muid in Rian na Fola (RTÉ 1), clár faisnéise a thug Dara Ó Cinnéide – láitheoir le RnaG, colúnaí sa pharóiste seo agus iarpheileadóir de chuid Chiarraí – ar camchuairt óna chontae dúchais féin go Bostún go Fort Worth, Texas, agus, sa deireadh ar fad, go Sallisaw, Oklahoma. Nó is ansin a adhlacadh fear fánach an scéil áirithe seo, Patrick M. Foley, scríbhneoir gan iomrá, in uaigh na mbochtán, i bhfad ó bhaile agus óna mhuintir féin.
I gCorca Dhuibhne an lae inniu a thosaigh an turas. Fuair Ó Cinnéide gaoth an fhocail go raibh roinnt leabhar á gcaitheamh amach as seanteach sa dúiche agus an mbeadh spéis ar bith aige súil a chaitheamh orthu sula gcaithfí amach iad? Tháinig sé ar leabharthaí de chuid Foley, údar áitiúil nach raibh eolas ná aithne ag Ó Cinnéide air agus sin a chuir tús leis an aistear spéisiúil seo ó Éirinn anonn chun an Oileáin Úir.
Fuair Ó Cinnéide amach go raibh Foley sáite i ngluaiseacht na saoirse ag tús na haoise seo caite agus bhí leabhar amháin dá chuid, a foilsíodh i 1916, a raibh an mana ‘Erin you are still gra-mo-chree’ scríofa ag Foley ann. Bhí an teach ina raibh cónaí ar Foley agus a bhean agus a bpáistí ar an Daingean, teach a raibh an-eolas ag Ó Cinnéide air nó bhí daoine muinteartha dá chuid féin ina gcónaí ann fosta. Ach, ar chúiseanna nár léir, d’fhág Foley a chéile agus a gcúram agus thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe.
Cad é a bhí ar siúl aige thall? Bhuel, sin ceist nach raibh lucht déanta an chláir in ann a fhreagairt go beacht. Bhí tuairimíocht ann go raibh páirt de chineál inteacht ag Foley in obair ghluaiseacht na poblachta. Bhí sé in San Francisco agus Dev ann agus creideadh go raibh aithne aige ar cheannairí céimiúla eile i ngluaiseacht na poblachta a bhí thall an t-am sin.
D’aimsigh Ó Cinnéide tuairiscí nuachta a léirigh go raibh dúil ag Foley sa bhiotáilte agus thóg na póilíní é thall as a bheith ólta. Chuir sin iontas ar an Chinnéideach nó sheachain Foley an t-ól agus é in Éirinn. An raibh Foley ag plé le smuigleáil alcóil thall agus an Cosc ar Alcól ar siúl sna Stáit? Ní bheadh sé ar an chéad Éireannach a chaill stiúir air féin agus é as baile.
Cé chomh mór agus a bhí an bhaint seo aige le cúrsaí doiléire an óil? Bhí Foley seal i mBostún, seal in Fort Worth, Texas, agus seal in Oklahoma agus sin an áit a tháinig deireadh lena aistear agus lena shaol. Bhí Foley den bharúil go raibh daoine á leanstan agus é in Oklahoma agus go raibh sé i mbaol. Drongadóirí as Nua-Eabhrac a bhí sa tóir air, a dúirt sé le daoine áitiúla.
Ní raibh an clár in ann a rá cé a bhí sa tóir air ach ní raibh amhras ar bith faoina chríoch; tugadh anbhás air agus cuireadh piléar ina cheann ar chnoc uaigneach. ‘Assassinated’ a scríobh an cróinéir ar theastas báis Foley i 1930. Ní bhfuarthas amach ariamh cé a mharaigh Foley ná cad chuige agus bhí an chuma ar an scéal nár chuir na húdaráis áitiúla dlí dua rómhór orthu féin an cás a fhiosrú.
Bhí roinnt tuairiscí nuachta ann a thug le fios gur de bharr robála a maraíodh Foley ach, más ea, cad chuige ar fhág siad suim bheag airgid ina phóca, an cheist a chuir lucht an chláir? Lena chois sin, agus é ina luí marbh i dteach an adhlacóra, bhris daoine isteach san áit agus rinne siad an teach a chuardach faoi choim. An raibh cáipéisí i seilbh ag Foley a thug léargas ar imeachtaí coiriúla? Ní fhéadfaí a rá ach chuir sé leis an téis go raibh níos mó ar siúl ag Foley an t-am sin ná a bheith ina scríbhneoir fánach.
Clár breá ar fad a bhí ann mar Rian na Fola; bhí tú sáite ann ón tús agus mheall lucht a dhéanta siar bóthar na staire thú go deas réidh. Bhí Ó Cinnéide chomh compordach os comhair an cheamara agus a bhí sé i mbun na caide lá den tsaol. Scéal bleachtaireachta a bhí ann, scéal tubaisteach truacánta agus scéal a chuir tocht ort.
Fág freagra ar 'Marú agus mistéir i scéal a thosaigh gCorca Dhuibhne agus ar tháinig críoch leis in Oklahoma'