Raic tarraingthe ag alt sa ‘Financial Times’ inar maíodh go n-úsáidtear an Bhreatnais chun Sasanaigh a mhaslú

Tá eagarthóireacht déanta ag an Financial Times ar an alt ó shin chun sleachta gan ainm a bhaint amach as

Raic tarraingthe ag alt sa ‘Financial Times’ inar maíodh go n-úsáidtear an Bhreatnais chun Sasanaigh a mhaslú

Lucht tacaíochta na Breataine Bige ag cluiche rugbaí. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá raic tarraingthe ag alt sa Financial Times a thug le fios go raibh an Bhreatnais á húsáid ag cainteoirí dúchais sa Bhreatain Bheag chun turasóirí Sasanacha a mhaslú agus a choinneáil amach.

Rinne an t-alt, ‘Staycation nation: turf wars in the UK’s holiday hotspots’ cur síos ar an teannas atá in áiteanna sa Bhreatain Bheag idir turasóirí nó daoine a bhfuil tithe saoire acu ansin agus muintir na háite.

Labhair bean amháin, ‘Megan’, faoin scéal i dtuaisceart na Breataine Bige ach d’iarr sí nach luafaí a hainm féin mar go raibh imní uirthi faoina mhíshásta a bheadh cainteoirí Breatnaise leis an méid a bhí le rá aici.

Dúirt Megan gur le Breatnais a tógadh í féin, cé go raibh sí ina cónaí i Sasana anois, agus go raibh daoine sa Bhreatain Bheag ag úsáid na teanga “mar arm” i gcoinne na dturasóirí.

Dúradh san alt gur cheart do thurasóirí a bheith san airdeall ar fhocail mar “Saesneg” and “mochyn” ach go háirithe mar go n-úsáidtear go minic iad chun Sasanaigh a mhaslú.

Rinneadh cáineadh ar an alt ar na meáin shóisialta, áfach, agus léiríodh amhras gurbh ann do ‘Megan’ in aon chor.

Thug cainteoirí Breatnaise le fios gur “Saesneg” an Bhreatnais atá ar ‘Béarla’ seachas ar Shasanaigh agus gur beag seans go n-úsáidfí an focal chun duine ón tír sin a mhaslú.

Tá eagarthóireacht déanta ag an Financial Times ar an alt ó shin agus na sleachta ó dhaoine gan ainm bainte amach. Tugtar le fios ag bun an ailt anois gur baineadh amach na sleachta chun “léiriú níos cothroime a thabhairt ar an gcaidreamh idir cainteoirí Breatnaise agus turasóirí Sasanacha”.

Tá a raibh le rá ag an Ollamh Roger Awan-Scully as Ollscoil Caerdydd fós san alt, is é sin go raibh teannas cultúrtha ann idir lucht labhartha na Breatnaise agus turasóirí.

Dúirt sé nach amhlaidh go n-iompaíonn daoine ar an mBreatnais chomh luath agus a thagann turasóir as Sasana isteach chucu ach go mbraitheann daoine sa mBreatain Bheag go ndéanann Béarlóirí a bheag agus ceap magaidh den Bhreatnais.

Fág freagra ar 'Raic tarraingthe ag alt sa ‘Financial Times’ inar maíodh go n-úsáidtear an Bhreatnais chun Sasanaigh a mhaslú'

  • Gabriel Rosenstock

    Pleanáil teanga a thugtar air sin.