Raic! Raic! Raic! – tá athrú mór ar iompar earraí ar muir

Bhíodh ‘raic’ ina dlúthchuid d’aon scéal faoi dhaoine a mhair cois farraige ach is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol

Raic! Raic! Raic! – tá athrú mór ar iompar earraí ar muir

Bhain léitheoirí ar fud an domhain an-taitneamh as an leabhar Whisky Galore! le Compton Mackenzie – na mílte buidéal fuisce a tháinig i dtír mar ‘raic’ a bhí mar chroílár an scéil ghrinn sa leabhar i 1947 agus sa scannán a tháinig amach tamall ina dhiaidh sin.

Bhíodh ‘raic’ ina dlúthchuid d’aon scéal faoi dhaoine a mhair cois farraige. Tá caibidil fúithi sa leabhar cáiliúil Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin ón mBlascaod Mór.

Bhíodh píosaí adhmaid go háirithe an-luachmhar in áiteanna ar nós an Bhlascaoid, áit nach raibh fáil ar adhmad go nádúrtha.

Níl a fhios againn cén úsáid a bhainfidís as na mílte liathróidí plaisteacha atá ag teacht i dtír gan stad ar chósta thoir na hÉireann le tamall.

Ná níl tuairim againn an mbeidís in ann cur suas leis an ionradh de phíosaí ‘Lego’ atá ag teacht i dtír go seasta ar chóstaí éagsúla, cósta na hÉireann ina measc, ó chuaigh 62 coimeádán ina raibh cúig mhilliún píosa ‘Lego’ go tóin poill fiche bliain ó shin.

Tráth a mbíodh cáil agus tóir ar an ‘raic’ bhí an saol i bhfad ní ba shimplí thart timpeall an chósta. Ní hé amháin sin, ach bhí saol na mairnéalach agus saol na ndugairí a bhíodh ag plé leis an lastas ar bord loinge i bhfad ní ba shimplí – agus ní ba chrua – freisin.

Tá pictiúirí ann a thaispeánann na dugairí ag Calafort Átha Cliath agus iad ag iompar ualaí móra earraí a thógadar amach as bolg na loinge. Bhíodh na hearraí scaipthe thart sa long – meall mór bananaí anseo, bairillí ológ ansiúd.

B’éigean do na fir na hearraí éagsúla a bhailiú agus a leagan ar phailléad adhmaid a bhí leagtha síos sa long, crann tochrais a oibriú leis an bpailléad a chrochadh aníos agus na hearraí a bhailiú arís nuair a shroichfeadh an pailléad an ché.

Tóg mar shampla lastlong a tháinig anonn ó Nua-Eabhrac go dtí an Eoraip le lastas d’earraí éagsúla i lár an chéid seo caite – málaí, pacáistí, bairillí, cannaí, feithiclí, agus 1,525 earraí aonaracha ar bord. Thóg sé lá ar na dugairí an bád a luchtú, deich lá ag seoladh an Atlantaigh agus ceithre lá leis an mbád a dhíluchtú. Mar sin, bhí leath den am iomlán caite ag luchtú agus ag díluchtú na loinge.

Tháinig deireadh leis sin ar fad le teacht longa móra lastais na gcoimeádán. Cuirim geall nach mórán suime a chuir éinne (mé féin san áireamh) i longa coimeádán go ndeachaigh an ‘Ever Given’ amú agus i bhfostú i mbruach Chanáil Suez le gairid.

Chuirfeadh na figiúirí a bhaineann leis an tionscal seo mearbhall ar éinne. Sa mbliain 1980, bhí 17 de lastlonga ag taisteal idir an tSeapáin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Le chéile, bhíodar in ann 20,000 TEU (na coimeádáin 20 troigh) a láimhsiú gach seachtain. Ualach an-mhór lastais agus ní rófhada ó shin é 1980, an ea?

Ach ar ais chuig ár gcara, an Ever Given. Bhí an long sin – aisti féin – in ann os cionn 20,000 TEU a iompar in aon turas amháin.

Deirtear go bhfuil na longa is mó ar domhan, á dtógáil ag an gcomhlacht Daewoo sa Chóiré. Tá siad in ann suas le 24,000 TEU a iompar. Dá mbeifí in ann na coimeádáin sin a leagan síos cúl le cúl, bheadh 150 ciliméadar sa scuaidrín coimeádán.

Nuair a oibríonn an córas seo i gceart, bíonn sé togha. Tá na lastlonga móra ag seoladh mórthimpeall an domhain an t-am ar fad ag iompar rudaí a cheannaíonn muide, agus ní chuireann muid mórán ceisteanna faoi cé as a dtáinig an stuif. Nó, go deimhin, cén sórt impleachtaí atá ann don nádúr ná don timpeallacht i gcoitinne.

Tá na longa chomh mór sin agus tá na coimeádáin lastais chomh mór agus chomh fairsing, go gceaptar nach gcuireann costais iompair ach rud beag bídeach breise le praghas earra ar bith, fiú má iompraítear é ón taobh eile den domhan.

Amanta, nuair a tharlaíonn eachtraí ar nós timpiste an Ever Given, nó nuair a thagann briseadh sa chóras ar nós an Bhreatimeachta, cuirtear ar ár súile dúinn go mbímid ag brath ar na córais iompair seo chun beatha a chur ar an mbord, nó earraí a sholáthar do shiopaí Dunnes nó Penneys.

Tá téitheoir leictreach á thóraíocht agam féin le roinnt seachtainí anuas. Ach an cineál téitheoir atá uaim, níl dé air sna siopaí crua-earraí le tamall. Ní fhaighim de fhreagra uathu ach

‘Ó, an téitheoir sin – sea, tá sé sin ar ordú againn le tamall. Tiocfaidh sé isteach ceann de na laethanta.’

Tá mé féin den bharúil go bhfuil roinnt coimeádán mór lastais lán le téitheoirí leictreacha sáinnithe i gcalafort san Éigipt, (áit nach bhfuil aon ráchairt ar théitheoirí) agus gur ann a fhanfaidh siad go réiteofar fadhb an ‘Ever Given’.

Tá sé ina chonspóid idir na páirtithe éagsúla faoi cé atá freagrach as an timpiste agus as an gcaillteanas mór trádála de bharr na blocála sa Chanáil. Meastar gur cailleadh luach 9.6 billiún dollar in aghaidh an lae le linn na trioblóide sin.

Téann thart ar 12% den trádáil dhomhanda trí Chanáil Suez. Bheadh tú ag súil go mbeadh an ola an-lárnach sa trádáil sin, agus tá. Ach an bhfuil barúil ar bith agat céard é an t-ábhar is luachmhaire ar fad, a bhaintear as an talamh, agus a iompraítear ar bord na lastlong sin? Gaineamh.

Agus chomh maith le gaineamh ar ndóigh, iompraítear rudaí ar nós ríomhairí, caife, tae, ábhar leighis, torthaí, glasraí, earraí leictreacha, agus bréagáin – ar nós an Lego. Agus go minic titeann na coimeádáin mhóra lastais ó dheic loinge, caol díreach isteach san aigéan. Thit 3,000 coimeádán ó longa éagsúla anuraidh.

Briseann siad suas go minic agus scaiptear pé ábhar a bhí istigh iontu. Agus ag brath ar shruthanna na farraige, an taoille agus ar ghaoth, tagann aon ábhar a chuaigh i bhfarraige i dtír in áit nach raibh aon súil leis. Níl a fhios ag éinne fós cé mba leo na liathróidí beaga daite plaisteacha a tháinig i dtír in Éirinn. Níl deireadh fós leis ionradh an ‘Lego.’

Ach tarlaíonn timpistí i bhfad níos tromchúisí chuile lá. Agus mé á scríobh seo, tá tubaiste ag tarlú amach ó chósta Shrí Lanca áit a bhfuil lastlong tar éis dul trí thine agus na mílte, míle píosa plaisteach gaibhte isteach sa bhfarraige ó 30 coimeádán. Tá siad ag milleadh tránna agus fiadhúlra i dtír a bhí ag réiteach dá gcéad séasúr turasóireachta i ndiaidh na paindéime.

Ní bheadh muintir an Bhlascaoid ach ag rith ó theach go teach ag fógairt ‘Raic! Raic!’ ar a chéile, dá dtagadh aon éadáil i dtír ar an oileán. Ach ní haon choimeádáin a bheadh imithe i bhfarraige mar d’fhág muintir an oileáin slán ag an mBlascaod Mór den uair dheireanach i 1953 agus ba i 1956 a d’fhág an chéad lastlong coimeádán riamh an SS Ideal-X an dug in Newark, New Jersey na Stát Aontaithe agus 56 de na boscaí ollmhóra iarainn sin ar bord acu.

Fág freagra ar 'Raic! Raic! Raic! – tá athrú mór ar iompar earraí ar muir'

  • Tash

    Reabhlóid mór a bhí ann nuair a tháinig na coimeádáin isteach. Ní hamháin i longsoireacht, ach i saol na gnáth doine freisin.
    Do bhí ná mílte fosataithe sna duganna, bhí gníomh an calafoirt fite fuaite i saol na cathrach. Ach tar éis na coimeadáin, ní raibh ach dream beag fostaithe sa chalafort a thuilleadh, agus chuaigh na longa as radharc, agus as aigne na gnáth daoine na cathrach.
    Sa lá atá inniu ann, is beag daoine a bhfuil a fhios acu cad is lastlong ann in aon chor, agus ní thugann siad aird ar bith ar chursaí farraige seachas nuair atá tubaiste ar nós an Ever Given ann sa nuacht.
    Tagann na mílte longa isteach is amach calafoirt na hÉireann go cúin agus gan aon raic a tharraingt gach bliain, agus is mór an trua é nach baineann siad, ná na marnéalaigh ag obair ortha, le aigne ná smaointí na ndaoine.

  • Peter Groarke

    Ábhar machnaimh go deimhin.
    Is fiú an t-alt seo a léamh ó thús go deireadh.