Príomheagraíocht cearta daonna na NA le cinneadh a dhéanamh faoi lánchosc ar airm d’Iosrael

Dá nglacfaí leis an dréachtrún, ba é an chéad uair ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine seasamh a thógáil i leith an chogaidh in Gaza

Príomheagraíocht cearta daonna na NA le cinneadh a dhéanamh faoi lánchosc ar airm d’Iosrael

Déanfaidh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine cinneadh Dé hAoine faoi rún go gcuirfí lánchosc ar airm a sholáthar d’Iosrael mar gheall go bhfuil cás inchreidte ann go bhfuil “baol cinedhíothaithe” in Gaza.

Dá nglacfaí leis an dréachtrún, ba é an chéad uair ag príomheagras cearta daonna na Náisiún Aontaithe seasamh a thógáil i leith an chogaidh in Gaza.

Tuairiscítear go gcáintear sa dréachtcháipéis an úsáid atá á baint ag Iosrael in áiteanna ina bhfuil go leor daoine ina gcónaí as airm phléascacha a dhéanann dochar forleathan. Éilítear sa dréachtrún chomh maith go bhfógrófaí sos cogaidh láithreach.

De réir tuairiscí, cáintear sa rún chomh maith “úsáid an ocrais i measc sibhialtach mar uirlis chogaidh” agus gníomhartha de chuid Iosrael “a d’fhéadfadh gurb ionann iad agus an glanadh eitneach”.

De réir tuairiscí ón AFP ocht leathanach atá sa dréacht a éilíonn go gcuirfeadh Iosrael deireadh láithreach le forghabháil na Palaistíne agus lena “mbacainn mhídhleathach” in Gaza.

An Phacastáin a chuir an cháipéis faoi bhráid na Comhairle thar ceann 55 den 56 ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe atá ina mbaill d’eagraíocht Chomhar na nIoslamach. An Albáin an t-aon bhall nár thacaigh leis an rún.

47 tír atá ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ina measc 18 tír a thacaigh le cur chun cinn an rúin. Bheadh tromlach glan ag an rún ach 24 vóta a fháil.

An tseachtain seo caite, glacadh den chéad uair ag comhairle slándála na Náisiún Aontaithe le rún ag éileamh sos cogaidh láithreach in Gaza.

Tá ag méadú ar an mbrú atá ar Iosrael ó maraíodh in ionsaí ón aer seachtar oibrithe a bhí ag obair don ghrúpa fóirithinte World Central Kitchen in Gaza.

Dúirt Príomh-Aire Iosrael gur trua leo bás na n-oibrithe.

Tá agóidí ar siúl in aghaidh rialtas Netanyahu in Iarúsailéim.

Rinne leis gialla a d’fhuadaigh Hamas  ruathar ar Knesset, parlaimint Iosrael. inniu, áit ar smear siad péint ar an ngloine sa ghailearaí. Tá an lucht agóide ag iarraidh go scaoilfí saor na gialla láithreach go n-éireodh Netanyahu agus a rialtas as agus go mbeadh olltoghchán ann.

Fág freagra ar 'Príomheagraíocht cearta daonna na NA le cinneadh a dhéanamh faoi lánchosc ar airm d’Iosrael'