Tá sé ‘inmholta’ go mbeadh Gaeilge ag iarrthóirí ar phost Gaeltachta nua de chuid na Roinne Talmhaíochta, ach is den riachtanas go mbeadh Béarla líofa, idir scríobh agus labhairt, ag na hiarrthóirí.
Is i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, ag Calafort Ros an Mhíl, a bheidh an té a cheapfar sa phost mar Oibrí Ginearálta.
Gealltar i scéim teanga na Roinne Talmhaíochta go mbeidh oifig na roinne ag Calafort Ros an Mhíl ag feidhmiú ‘go hiomlán’ trí Ghaeilge faoi 2020.
Is ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a chéadtuairiscíodh gurb é riachtanas an Bhéarla an t-aon riachtanas teanga atá leagtha ar iarrthóirí ar an bpost.
De réir na gcáipéisí eolais a bhaineann leis an bpost céanna, tá sé riachtanach go mbeadh iarrthóirí in ann cumarsáid a dhéanamh ‘go héifeachtach’ i mBéarla, ach níl an riachtanas céanna ann ó thaobh na Gaeilge de.
Faoi mhír eile seachas ‘Essential Requirements’ a thagraítear don Ghaeilge agus tugtar le fios sa bhileog eolais go bhfuil ‘an ability to communicate effectively in Irish’ i measc na ‘desirable requirements’ don phost ag Calafort Ros an Mhíl.
Dúirt an t-iar-aire Talmhaíochta agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie tráthnóna gur cheart go mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a cheapfaí in aon phost a fhógraíonn an stát sa Ghaeltacht.
“Is as Conamara agus as Árainn iad formhór na n-iascairí a bhíonn isteach is amach as Ros an Mhíl agus ba cheart go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a bhíonn ag obair sa chalafort.
“Ba cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach d’aon phost Gaeltachta a fhógraíonn an stát. Ba cheart don Roinn Talmhaíochta an post seo atá fógartha a tharraingt siar, leasú a dhéanamh ar na riachtanais, agus é a fhógairt arís,” a dúirt Éamon Ó Cuív.
Cordelia Nic Fhearraigh
‘an ability to communicate effectively in Irish’
Bhí an ‘riachtanas’ céanna ag an Lároifig Staidrimh nuair a bhí siad ag earcú daoine sa Ghaeltacht leis an daonaireamh a dhéanamh!
‘Is as Conamara agus as Árainn iad formhór na n-iascairí a bhíonn isteach is amach as Ros an Mhíl..’
An bhfuil coláiste iascaireachta ar bith san iarthar? Tá ceann i dTír Chonaill sa Chaisleán Nua in Inis Eoghain – ach is teagasc trí mheán an Bhéarla a bhíonn ann. Cibith atá iascairí na linne seo ag foghlaim is eolas go hiomlán i mBéarla a bhíonn i gceist – go díreach cosúil le múinteoirí scoile na tíre seo…