‘Pop-Up Gaelcholáiste’ le bunú taobh amuigh den Roinn Oideachais

Tá lucht an ghaeloideachais i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ag rá le fada go bhfuil gá le Gaelcholáiste nua sa cheantar chun freastal ar an éileamh atá ann ar oideachas trí mheán na Gaeilge

‘Pop-Up Gaelcholáiste’ le bunú taobh amuigh den Roinn Oideachais

Tá ‘Pop-Up Gaelcholáiste’ le reáchtáil taobh amuigh den Roinn Oideachais inniu chun an t-éileamh atá ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua i mBaile Átha Cliath Theas a léiriú.

Tiocfaidh daltaí, múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoirí ó na cúig Ghaelscoil i gceantair Bhaile Átha Cliath 2,4,6 agus 8 le chéile os comhair oifigí na Roinne Oideachais mar chuid den agóid.

Tá lucht na nGaelscoileanna sna ceantair sin ag rá le fada go bhfuil gá le Gaelcholáiste nua sa cheantar chun freastal ar an éileamh atá ann ar oideachas trí mheán na Gaeilge.

Glacfaidh daltaí, múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoirí ó Scoil Mológa, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Bhríde, Bunscoil Synge agus Gaelscoil Eoin páirt san agóid ag 11am inniu, agóid atá á heagrú i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Cuirfear ‘Pop-Up Gaelcholáiste’ ar bun lasmuigh den Roinn Oideachais ar Sráid Mhaoilbhríde. 

Gealltar go mbeidh “idir chruthaitheacht agus dáiríreacht” ag baint leis an ócáid agus beidh ceol agus amhránaíocht ó na daltaí le cloisteáil. Bronnfaidh na daltaí íomhá de chlog atá tarraingthe acu agus an téacs ‘Anois an tAm’ scríofa air ar an Roinn Oideachais chomh maith.

Meastar go mbeidh thart ar 100 dalta, múinteoir, príomhoide agus tuismitheoirí ag glacadh páirt san ócáid agus tacaíocht acu ó roinnt Teachtaí Dála áitiúla freisin.

Reáchtáladh agóid taobh amuigh de Theach Laighean aimsir na Nollag nuair a bhronn daltaí na céadta litir ar pholaiteoirí ag cur in iúl dóibh nach bhfuil uathu don Nollaig ach Gaelcholáiste ina gceantar féin.

Tá imní léirithe ag Gaelscoileanna i ndeisceart Bhaile Átha Cliath go dtabharfaidh tuismitheoirí cúl don Ghaeloideachas mar nach bhfuil dóthain iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ann chun freastal ar a gcuid páistí.

Maitear go raibh ar ghasúir a d’fhreastail ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge dul chuig iarbhunscoileanna Béarla mar nach raibh siad in ann áit a fháil sa líon beag Gaelcholáistí atá ann agus gur in olcas a rachaidh an fhadhb mura dtiocfar ar réiteach.

Faoi láthair, tá 44 meánscoil ag feidhmiú trí Bhéarla sa cheantar ina bhfuil na Gaelscoileanna a bheidh ag glacadh páirt san agóid lonnaithe, agus gan Gaelcholáiste ar bith ann chun freastal orthu.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley sa Dáil mí na Samhna seo caite go raibh dóthain spáis i nGaelcholáistí Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar '‘Pop-Up Gaelcholáiste’ le bunú taobh amuigh den Roinn Oideachais'