Dóthain spáis i ngaelcholáistí Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge – An tAire Oideachais

Deir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur léir nach dtuigeann an tAire ná an Roinn Oideachais an fhadhb a bhaineann le heaspa gaelcholáistí sa chathair

Dóthain spáis i ngaelcholáistí Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge – An tAire Oideachais

Deir an tAire Oideachais go bhfuil dóthain áiteanna i ngaelcholáistí Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge sa chathair.

Dúirt an tAire Norma Foley an méid sin sa Dáil nuair a cheistigh Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, í faoin éileamh atá ar an ngaeloideachas san ardchathair.

Dúirt an tAire Foley gur bunaíodh dhá ghaelcholáiste nua i mBaile Átha Cliath in 2014, Gaelcholáiste an Phiarsaigh i mBaile an tSaoir-An Chéim agus Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín. Dúirt sí go raibh ceithre iarbhunscoil i measc an 47 scoil nua a fógraíodh ó Aibreán 2018.

Scoileanna Béarla atá sa dá cheann de na scoileanna sin atá bunaithe cheana agus tá cinneadh le déanamh go fóill faoin dá scoil eile – ceann acu a bheidh lonnaithe i gceantar An Naigín agus Chill Iníon Léinín agus ceann eile a bheidh lonnaithe i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin-Coill na Silíní.

“Síltear go bhfuil dóthain áiteanna scoile sa ghearrthéarma ag na gaelcholáistí sa cheantar chun freastal ar an éileamh a tugadh faoi deara mar chuid de na próisis phátrúnachta a tharla le déanaí,” arsa an tAire Oideachais.

“Cuirtear san áireamh freisin líon na ngaelscoileanna a osclaíodh le blianta beaga anuas nó atá beartaithe ach ba mhaith liom a rá go bhfuil an cás á choinneáil faoi athbhreithniú go gníomhach ag mo Roinn, de réir mar a fhásann na scoileanna seo agus de réir mar a thagann méadú ar líon na ndaltaí i rang a sé sna gaelscoileanna.”

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur léir nár thuig an tAire ná a Roinn an fhadhb a bhain leis an easpa gaelcholáistí sa chathair agus i nDeisceart Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh “fás thar cuimse” tagtha ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar ghaelscoileanna an cheantair, go háirithe i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Mhaígh sé go mbíonn os cionn 390 i rang a sé gach bliain i ngaelscoileanna an cheantair ach nach mbíonn ach 250 áit ar fáil sna gaelcholáistí. Laistigh de chúpla bliain 700 dalta gaelscoile a bheadh i rang a sé sa cheantar, a dúirt sé.

“Gan gaelcholáiste nua beidh an bhearna idir an t-éileamh agus an spás ag méadú,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt sé go raibh an stát ag “loic ar pháistí” agus go raibh a gceart ar oideachas lán-Ghaeilge á shéanadh orthu.

Fás an oideachais lán-Ghaeilge ina lánstad – figiúirí nua

Maidir le háitiú an Aire go gcoimeádfaí súil ar fhigiúirí scoile agus an t-éileamh sa cheantar, dúirt Ó Snodaigh nár leor sin.

“Tá na daltaí ann cheana féin, tá sé ag tarlú anois agus ní leor féachaint air amach anseo.”

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go rabhthas “gnóthach sa Roinn ó thaobh na Gaeilge”.

Tá lucht an ghaeloideachais ag maíomh le fada nach bhfuiltear ag freastal ar an éileamh i measc tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus nach bhfuil dóthain scoileanna lán-Ghaeilge nua á dtógáil.

28 iarbhunscoil lán-Ghaeilge atá sa stát.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí ón Roinn Oideachais níos túisce i mbliana is ar éigean go bhfuil aon ardú ag teacht ar chéatadán na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

58,717 dalta scoile atá cláraithe le scoileanna ina bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu.

Fágann sin gur 6% de dhaltaí an stáit, idir dhaltaí bunscoile agus daltaí iarbhunscoile, atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ach níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.6% de dhaltaí iarbhunscoile an Stáit.

Fág freagra ar 'Dóthain spáis i ngaelcholáistí Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge – An tAire Oideachais'