‘Níl áit ar fáil in iarbhunscoil lán-Ghaeilge do pháiste ar bith i rang a sé’ – príomhoide Gaelscoile

Cruinneoidh páistí ó chúig Ghaelscoil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath lasmuigh de Theach Laighean inniu mar chuid d’agóid chun Gaelcholáiste a éileamh dá gceantar

‘Níl áit ar fáil in iarbhunscoil lán-Ghaeilge do pháiste ar bith i rang a sé’ – príomhoide Gaelscoile

Tá imní léirithe ag Gaelscoileanna i ndeisceart Bhaile Átha Cliath go dtabharfaidh tuismitheoirí cúl don Ghaeloideachas mar nach bhfuil dóthain iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ann chun freastal ar a gcuid páistí.

Maitear go raibh ar ghasúir a d’fhreastail ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge dul chuig iarbhunscoileanna Béarla mar nach raibh siad in ann áit a fháil sa líon beag Gaelcholáistí atá ann agus go rachaidh an fhadhb in olcas mura dtiocfar ar réiteach.

Cruinneoidh páistí ó chúig Ghaelscoil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath lasmuigh de Theach Laighean inniu mar chuid d’agóid chun Gaelcholáiste a éileamh dá gceantar. Bronnfaidh na gasúir na céadta litir ar pholaiteoirí ag cur in iúl nach bhfuil uathu don Nollaig ach Gaelcholáiste ina gceantar féin.

Daltaí ó Scoil Bhríde, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Mhológa, Bunscoil Sancta Maria agus Gaelscoil Eoin a ghlacfaidh páirt san agóid, atá á reáchtáil i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Faoi láthair, tá 44 meánscoil ag feidhmiú trí Bhéarla sa cheantar ina bhfuil na Gaelscoileanna sin lonnaithe, agus gan Gaelcholáiste ar bith ann chun freastal orthu.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley sa Dáil an mhí seo caite go raibh dóthain spáis i nGaelcholáistí Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ach tá iarrachtaí á ndéanamh chun a chur ina luí ar an Aire go bhfuil gníomh ag teastáil.

Reáchtáladh cruinniú “dearfach” idir an tAire, an Teachta Dála áitiúil de chuid Fhianna Fáil, Jim O’Callaghan, príomhoidí na nGaelscoileanna agus Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite ach tá agóid an lae inniu á heagrú chun iarracht eile a dhéanamh dul i bhfeidhm ar an Aire agus ar pholaiteoirí eile.

Deir Cormac Chambers, Príomhoide Ghaelscoil Lios na nÓg i Raghnallach, go bhfuil “cos ar bolg” á dhéanamh ar pháistí agus tuismitheoirí a roghnaíonn oideachas lán-Ghaeilge agus go bhfuil an baol ann nach gcuirfear páistí chuig Gaelscoileanna mura mbeidh an rogha acu leanúint ar aghaidh leis an nGaeloideachas san iarbhunscoil.

Deir Chambers go mbíodh páistí óna scoil féin ag freastal ar Choláiste Eoin ach go bhfágann an fás atá tagtha ar an nGaelscolaíocht i ndeisceart Bhaile Átha Cliath go bhfuil brú ag teacht ar leithéidí Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin ó thaobh uimhreacha de.

Dúirt sé nach bhfuil áit i nGaelcholáiste faighte ag aon pháiste i Rang a 6 i nGaelscoil Lios na nÓg go fóill don bhliain seo chugainn. “Tá páiste amháin atá á thógáil le Gaeilge sa bhaile agus níl sé ag fáil áit i nGaelcholáiste in aon áit. Is fadhb mhór é, is fadhb ollmhór é,” a deir Chambers.

“Tá daoine ag teacht chuig an scoil seo a bhfuil suim acu sa chultúr agus sa teanga ach, ansin, níl aon áit i nGaelcholáiste dóibh. An rud a tharlódh ná b’fhéidir go stopfadh siad ag teacht anseo.”

Deir Chambers nach bhfuil aon cheantar eile sa tír ina bhfuil argóint chomh láidir ann maidir leis an éileamh a bheadh ar Ghaelcholáiste agus é tugtha le fios i suirbhé i measc na dtuismitheoirí go mbeadh an-tóir ar a leithéid.

“Ón mbóthar seo amháin, Bóthar Oakley, tá sraith [rang] amháin ag teacht as Lios na nÓg agus dhá shraith ag teacht as Scoil Bhríde. Sin 90 páiste ag teacht amach gach bliain, idir chailíní agus bhuachaillí, agus dúradh go mbeadh 90% acu siúd sásta freastal ar Ghaelcholáiste.”

Deir Chambers go bhfuil an Roinn Oideachais ag moladh aonaid Ghaeilge a bhunú in iarbhunscoileanna Béarla mar leigheas ar an bhfadhb ach deir sé go bhfuil na Gaelscoileanna uile sa cheantar glan ina choinne sin mar réiteach agus amhras léirithe go minic faoi éifeacht na n-aonad Gaeilge toisc nach tumoideachas a bhíonn á chur ar fáil do na daltaí.

“Níl sé féaráilte ar na páistí, níl sé féaráilte ar na tuismitheoirí go bhfuil cos ar bolg á déanamh orthu bunaithe ar chúrsaí teanga. Rinne príomhoidí eile an pointe seo, agus ceapaim go bhfuil an ceart acu – dá mba rud é gur mionlach ar bith eile sa tír a bheadh anseo, bheadh na polaiteoirí ag titim i mullach a chéile ag iarraidh freastal orthu. Nuair is í an Ghaeilge atá i gceist, ní fheictear domsa go bhfuil an phráinn chéanna i gceist ó thaobh na bpolaiteoirí ar aon nós.”

Tá Chambers agus Conradh na Gaeilge ag rá go dteastaíonn athrú sa chóras atá ann maidir le bunú iarbhunscoileanna. Faoi láthair, reáchtáiltear vóta i measc an phobail faoi cén cineál scoile atá uathu, rud a fhágann nach roghnófar iarbhunscoil Ghaeilge riamh, dar le Chambers.

“Caithfidh an tAire cinneadh a dhéanamh go bhfuil Gaelcholáiste ag teastáil chun freastal ar chúig Ghaelscoil sa cheantar,” a deir sé.

“Tá ranganna nua ag teacht tríd gach bliain. Chomh fada agus a leanann sé sin ar aghaidh, is mó an chos ar bolg a dhéanfar ar na páistí

“Is rud an-phráinneach atá ann. Tá sé ag déanamh ceap magaidh de na Gaelscoileanna, i ndáiríre. Cuireann muid an-iarracht agus an-chuid ama isteach chun na páistí a spreagadh agus tá sé an-díomách iad a fheiceáil ag imeacht tar éis Rang a 6 gan aon áit [gaelcholáiste] le dul acu.”

Fág freagra ar '‘Níl áit ar fáil in iarbhunscoil lán-Ghaeilge do pháiste ar bith i rang a sé’ – príomhoide Gaelscoile'

  • Síofra Pierse

    Má táimid ag iarraidh poball lán-Ghaelach a chruthú is a choimeád i mBAC, caithfidh an rialtas Gaelcholáistí nua a oscailt. Is mór an trua é nach bhfuil a leithéid ar fáil cheana féin.

  • Eoin Ó Murchú

    Sí an fhadhb ná go bhfuil an Roinn Oideachais (nó Roinn Éadóchais) glan in aghaidh na Gaeilge. Ní mór na Seóiníní a ghlanadh amach ar fad as an Roinn, Roinn nua a cheapadh agus dearcadh úr a chur i bhfeidhm. Cén páirti polaitiúil a dhéanfadh a leithéid?

  • Pól Ó Braoin

    Nuair a fheicfidh mé Deaide na Nollaig ag teacht an simléar anuas beidh a fhios agam go mbeidh an roinn éadóchais faoi réir taobhú le pobal labhartha na Gaeilge a chur chomh fada leis an gcoiste an bhliain sin…

  • An Roinn Oideachais

    Níl an éileamh sin ann mar gheall ar grá mór don teanga i ndáiríre. Tá aithne agam ar cúpla leannáin agus clann nua acu ag iarraidh Gaelscoil do na bpáistí, agus cé gur daoine deasa atá iontu, is cuma leo faoin Ghaeilge agus níor thug siad aird ar bith uirthi roimhe.

    Sea, déarfadh duine nó dhó acu go bhfuil siad ‘i bhfabhar an teanga’, ach níl siad chun í a fhoghlaim ná a labhairt. Oideachas maith atá uathu, agus tá cáil ar Gaelscoileanna áirithe.