Plúr na mBan as Gaeltacht Chonamara – 400 bliain saoil idir ceathrar

Is tráthúil gur shroich ceathrar ban as Gaeltacht iarthar Chonamara clocha míle móra seachtain seo an lae is faide

Plúr na mBan as Gaeltacht Chonamara – 400 bliain saoil idir ceathrar

Is í seo seachtain an lae is faide – an 21 Meitheamh. Fágann an solas an dorchadas ar an ngannchuid an tráth seo bliana. Is tráthúil gur shroich ceathrar ban as Gaeltacht iarthar Chonamara clocha míle móra seachtain seo an lae is faide. Bhí beirt acu ag ceiliúradh an chéid. Bhí bean uasal eile bliain le cois an chéid agus bean uasal eile i bhfoisceacht oiread na fríde den chéad nuair a cuireadh ‘fios abhaile’ orthu – mar a d’abraíodh mo athair mór.

Fuaireadar blianta fada – Kate Uí Uaithnín (Ní Chlochartaigh roimh phósadh di) agus Baba Bean Uí Fhátharta as an Máimín. Bhí Baba caite 98 bliain. Seoigeach a bhí inti an chéad lá riamh, bean de shliocht a raibh cumas, clisteacht, teacht aniar agus teacht i láthair iontu rud atá amhlaidh go dtí an lá inniu. Phós sí Ciarán Festy Ó Fátharta agus bhuail siad faoin saol ar an Máimín. Thógadar clann bhreá. Chas John Beag Ó Flatharta ag Aifreann na sochraide i dTír an Fhia an lá cheana. Ba thráthúil gur chas – amhrán dheartháir Bhaba, Tom an tSeoige. Ansin aniar thar dhroichid na n-oileán, soir thar an Máimín go reilig Leitir Móir agus suaimhneas síoraí.

Ar an taobh eile de Chuan Chill Chiaráin a rugadh Kate Uí Uaithnín (Kate Sheáin Bheartlín Ó Clochartaigh) trí bliana sula dtáinig Baba Seoige ar an saol taobh thall. Bhí Kate 101 nuair a cuireadh ‘fios abhaile’ uirthi le gairid. I Sasana a chaith sí an chuid ba mhó dá saol ach thagadh sí abhaile ar chuairteanna fiú nuair a bhí blianta go leor ag plódú uirthi. Ar an mBior Mór, oileán amach ón Aird Mhóir a rugadh Kate; tá tanaíochan anois ar an lear daoine a chonaic solas an lae den chéad uair ar an oileán sin.  Banaltra a bhí inti i Sasana agus choinnigh sí uirthi ag obair go lán-aimseartha nó go raibh sí 75.

Tá sí á leagan síos i ngaineamh geal reilig Mhaínse an tseachtain seo.

Céad slán leis an mbeirt bhan uasal sin.

Is suntasach agus is iontach go bhfuil beirt bhan eile as Iorras Aithneach ag ceiliúradh an chéid ar an saol seo an tseachtain seo freisin – Bríd Bean Uí Dhubháin (muintir Mhaidhcín Mhike) as Roisín an Mainiach agus Máire Mhadaoin as Oileán Fhínse ó dhúchas. Cónaíonn Máire i dTeach Altranais Charna ar na saolta seo.

Is de mhuintir Bhreathnaigh as Roisin na Mainiach í Bríd Uí Dhubháin. Cónaíonn sí ina teach féin i gcónaí i gcuideachta a clann mhac, Tomás agus Paudie. Rinneadh ceiliúradh ansin ar ócáid chothrom a lae beirthe Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig sí ar an saol i mí an Mheithimh 1922.  Saol crua a bhí ann sna blianta sin i gConamara. Bhí a threampán féin ag baint le chuile bhliain. D’fhás na gasúir agus d’imigh go leor acu thar sáile. Buaileadh buille uafásach ar na Dubháin nuair a tharla timpiste bhóthair gar do chathair na Gaillimhe sna blianta siar agus cuid acu ag filleadh ar Mheiriceá. Tá an saol saothraithe ag Bríd Uí Dhubháin agus tugann an aois iontach agus álainn atá sroichte aice léargas ar mhiotal agus ar mhisneach mhná Chonamara ón ré sin.

Tá an rud céanna le rá faoi Mháire Mhadaoin as Fínis, oileán amach ó chósta Charna. Faoina bheith slán di, beidh Máire 100 bliain d’aois an Satharn beag seo amach romhainn. Is sampla de bhealaí an tsaoil ag mná Chonamara ón aimsir a caitheadh é saol agus saothar Mháire. Chuaigh sí go Meiriceá i 1949 agus chaith 10 mbliana in South Boston, ceantar mór de chuid mhuintir Chonamara sular fhill sí ar Fhínis aríst. Bhí a muintir ag gabháil in aois agus theastaigh lámh chúnta. Rinne Máire an obair sin go dúthrachtach agus go dílis no gur imigh a hathair agus a máthair ar shlí na firinne.

Thugadh sí móin isteach go Fínis ó chéibh Aill Mháire a’Búrc i gCarna i gcurach agus í ina haonar ag iomramh.

Tá iomramh mór déanta aici; tá solas na gcoinnle a lasadh di inné saothraithe aice.

Fiú agus go bhfuil, ar an meán, daoine ag fáil saol níos faide ná a bhíodh, is díol suntais, ceiliúrtha agus mórtais é an saol, breá fada atá faighte ag an gceathrar ban seo as Gaeltacht iarthar Chonamara. Táthar ag caitheamh i ndiaidh Khate agus Bhaba agus tá sin le tuiscint. Bhí an lá chomh fada agus a bheidh sé nuair a leagadh síos chun suaimhnis iad an tseachtain seo; bhí an ghrian go hard ar chlár na spéire. Go raibh leaba acu i measc na naoimh.

Tá an chloch mhíle mhór sroichte ag Bríd Uí Dhubháin agus ag Máire Mhadaoin. Go raibh suaimhneas agus sonas acu an chuid eile den saol atá amach rompu.

Ceathrar ban Ghaeltachta as iardheisceart Chonamara; mná as ré eile den saol nuair a bhí maoin an tsaoil gann; mná a chonaic laethanta duairce geimhriúla agus laethanta gléigeal fada an tsamhraidh.

Tugadh muid ómós dóibh seachtain seo an lae is faide.

Fág freagra ar 'Plúr na mBan as Gaeltacht Chonamara – 400 bliain saoil idir ceathrar'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uilig.